An Lárionad Preasa
Is i lárionad preasa na Comhairle a reáchtáiltear seisiúin faisnéise do na meáin agus preasagallaimh agus a chuirtear saoráidí oibre ar fáil d’iriseoirí.
Cé atá in ann rochtain a fháil ar an lárionad preasa?
Is féidir le hiriseoirí a bhfuil creidiúnú acu do na meáin rochtain a fháil ar an lárionad preasa.
Tá an lárionad preasa oscailte freisin do na daoine seo a leanas:
- toscaireachtaí ó na Ballstáit agus ó thíortha is iarrthóirí
- gairmithe eile, taidhleoirí agus cuairteoirí faoi choinníollacha áirithe ag brath ar na himeachtaí a bheidh ar siúl sa lárionad preasa
Téigh i dteagmháil linn
Má tá ceisteanna agat maidir leis an lárionad preasa, téigh i dteagmháil lenár bhfoireann:
Pointe Teagmhála
- An Lárionad Preasa
- +32 2 281 90 00
- [email protected]
Cá bhfuil an lárionad preasa lonnaithe?
Tá an príomhionad preasa lonnaithe sa Bhruiséil i gceanncheathrú na Comhairle. Is é seo an seoladh:
Rue de la Loi/Wetstraat 175
B-1048 Bruxelles/Brussel
Belgique/België
Tá áiseanna preasa den chineál céanna ar fáil i Lucsamburg, áit a dtagann an Chomhairle le chéile i mí Aibreáin, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair. Tá an lárionad preasa lonnaithe san Ionad Eorpach Comhdhála, Lucsamburg.
Tá bealach isteach an phreasa ag an seoladh seo a leanas:
rue Fort Thüngen
1499 Luxembourg.
Cad iad uaireanta oscailte an lárionaid preasa?
Bíonn an lárionad preasa ar oscailt gach lá oibre ó 7.30 go 19.00. Cuirtear síneadh leis na tráthanna oscailte i gcás cruinnithe de chuid na Comhairle nó imeachtaí eile a bhíonn ar siúl go déanach.
Beidh an lárionad preasa i Lucsamburg ar oscailt ar laethanta chruinnithe na Comhairle, agus is de réir sceideal na gcruinnithe sin a bheidh na tráthanna oscailte.
Áiseanna
Féadfaidh iriseoirí leas a bhaint as an méid a leanas:
- stiúideo teilifíse (atá dúnta go sealadach ar mhaithe le hoibreacha athchóirithe)
- bothanna eagarthóireachta
- spásanna oibre ina bhfuil idirlíon leathanbhanda
- nasc idirlín Wi-Fi
- teileafón
- fótachóipeálaithe
- teilifís chiorcaid iata
- taisceadáin
Cuirtear saoráidí breise ar fáil do chruinnithe na Comhairle Eorpaí, mar a mbíonn fáil ar bhreis is 1 000 spás oibre.
An féidir liom spás a chur in áirithe sa lárionad preasa?
Le linn chruinnithe mullaigh an Aontais agus imeachtaí ardleibhéil eile, is féidir leat áit oibre a chur in áirithe roimh ré trí theacht chuig áitreabh na Comhairle. Beidh ort d’ainm agus ainm do mheáin a scríobh ar phíosa páipéir agus é greamaithe le téip de na háiteanna oibre atá roghnaithe agat.
Ní bhainistíonn an lárionad preasa áirithintí na spásanna oibre d’iriseoirí. Beidh ort teacht ar an láthair.
A luaithe a bheidh tús curtha leis an imeacht, beidh aon áit atá curtha in áirithe nach bhfuil á húsáid go fóill ar fáil do dhaoine eile.
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Aibreán 2026