"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Stiúideonna teilifíse agus raidió

Chun agallamh a chur ar ionadaithe ón gComhairle, is féidir le hiriseoirí stiúideonna teilifíse agus raidió a chur in áirithe agus cúnamh teicniúil a fháil saor in aisce.

Chun stiúideo a chur in áirithe

seol r-phost chugainn nó

cuir glaoch orainn ar +32 499537642

Cur in áirithe

Is féidir le hiriseoirí stiúideonna teilifíse agus raidió a chur in áirithe suas go dtí lá amháin roimh ré.

Tá láthair d'agallaimh bheo "as seasamh" ar fáil i bpríomh-halla iontrála na Comhairle, ar féidir leo í a úsáid.     

Ba cheart dóibh na háiseanna a bheidh ag teastáil uathu a shonrú ina gcuid iarratas áirithinte.

Tá na háiseanna ar fad saor in aisce seachas i gcás áirithint satailíte agus costais líne (Tionscnamh EBU: BECUE).

Is féidir leis na hiriseoirí teilifíse leas a bhaint as:

Uimhir IFB: +32 22801345

Uimhir Chomhordúcháin: +32 22817198

Stiúideo teilifíse

Spás 13 m² atá i gceist leis an stiúideo, is é sin le rá tá spás ann le suas le triúr .

Áirítear leis na háiseanna:

  • Trí cinn de cheamaraí Grass Valley LDK-8000 HD atá suite ar uathchóras Vinten Radamec
  • Ceamara amháin Grass Valley LDK-3000 HD
  • Meascthóir físeáin Kayak
  • Closmheascthóir Lawo
  • Leideoir Wincue
  • Lánghreille shoilsithe
  • Scáileán cúlra (Cyclorama)
  • Chroma Key (do cheamara aonair amháin)
  • Micreafóin shreangaithe Lavalier
  • Cluaisíní gan sreang

Tá na formáidí HD agus SD (PAL - 16:9 amháin) ar fáil.

An fhoireann oibriúcháin

Tá ceamaradóirí, soilsitheoirí, innealtóirí fuaime agus ealaíontóir smididh i láthair chun cúnamh teicniúil a thabhairt do na hiriseoirí.

Is féidir leis na hiriseoirí raidió leas a bhaint as:

Nasc ISDN (G722, Sraith II agus III MPEG): +32 22301343

Uimhir Chomhordúcháin: +32 22819853

Stiúideo raidió

Féadfaidh suas le 4 duine an stiúideo a úsáid.

Áirítear leis na háiseanna:

  • 4 mhicreafón agus 4 chluasán a bhfuil airde inchoigeartaithe ag gabháil leo
  • Bogearraí Logic Pro don eagarthóireacht neamhlíneach agus don mheascadh neamhlíneach

Láthair d'agallaimh bheo "as seasamh"

Tá láthair d'agallaimh bheo "as seasamh" ar fáil ar an idirurlár i bpríomh-halla iontrála na Comhairle.  

Tá sé riachtanach iad a chur in áirithe le linn chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus na cruinnithe eile ar ard-leibhéal.

An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Iúil 2025