- An Chomhairle Eorpach
- Preaseisiúint
- 18 Márta 2015 11:30
Cuireadh ón Uachtarán Donald Tusk chuig cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí
Is cúis áthais dom cuireadh a thabhairt duit chuig an gcéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Eorpach an 19-20 Márta 2015.
Díreofar ar thrí phríomh-shaincheist ag an gcruinniú: an tAontas fuinnimh, an geilleagar agus an caidreamh seachtrach.
Mar is gnách, déanfar tuairimí a mhalartú le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa agus tógfar grianghraf de na cheannairí stáit agus, ina dhiaidh sin, beidh ár gcéad seisiún oibre againn ina ndíreofar ar an Aontas Fuinnimh. Tá cúig ghné ag roinnt leis an Aontas Fuinnimh sin agus baineann siad go dlúth lena chéile agus treisíonn siad a chéile freisin. Ag an gcruinniú a bheidh againn, ba mhaith liom ár bplé a dhíriú ar ghnéithe áirithe den Aontas Fuinnimh, a bhaineann go háirithe leis an tslándáil fuinnimh, leis an margadh inmheánach agus le taidhleoireacht aeráide. Is ceisteanna iad sin a bhféadfaimid breisluach láithreach a chothú ina leith. Is léir go mbreathnóidh an Chomhairle Eorpach ar an Aontas Fuinnimh arís amach anseo chun leanúint de threoir a chur ar fáil, lena n-áirítear ar ábhair nár pléadh an uair seo.
Agus muid i gcuibhreann dúinn don dinnéar, pléifear an caidreamh seachtrach. Ní mór dúinn treoir a thabhairt maidir leis an gcruinniú mullaigh a bheidh ag Comhpháirtíocht an Oirthir i Ríge a ullmhú. Tá sé tábhachtach go léireoidh an tAontas Eorpach go bhfuil sé fós i gceist aige caidreamh a chothú leis an réigiún, go déthaobhach agus go réigiúnach freisin. Beidh an plé a bheidh againn tráth an dinnéir bunaithe go dlúth ar chás na hÚcráine agus ar an gcaidreamh leis an Rúis, agus cuirfear béim ar leith ar na chéad ghníomhartha eile is gá a dhéanamh.
Beidh díospóireacht againn ar an Aoine ar an staid eacnamaíoch agus ar chur chun feidhme na bpríomhathchóirithe struchtúracha a ghabh na Ballstáit de láimh. Beidh an Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP) mar ábhar tábhachtach ar an gclár oibre freisin; ní mór dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh chun an gcaibidlíocht a thabhairt i gcrích faoi dheireadh na bliana maidir le comhaontú uaillmhianach, cuimsitheach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh. D’iarr mé ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh bheith i láthair nuair a bheidh an geilleagar á phlé againn.
Tabharfaimid aghaidh ansin ar an staid sa Libia, atá ina hábhar mór imní ar bhealaí éagsúla. Féachfaimid ar an gcaoi ar féidir linn tacú le hiarrachtaí chun an tír a chobhsú agus chun réiteach polaitiúil a chur chun cinn.
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
- @beanavarro.bsky.social
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
- @mariatomasik.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024