- An Chomhairle Eorpach
An Chomhairle Eorpach, 19-20/03/2015, 19-20 Márta 2015
Sheas comhaltaí na Comhairle Eorpaí ina dtost ag tús an chruinnithe in ómós dóibh siúd a buaileadh leis an ionsaí sceimhlitheoireachta sa Túinéis ar 18 Márta 2015.
Le linn an chruinnithe, chomhaontaigh ceannairí an Aontais go mbunófaí Aontas Fuinnimh. Chomh maith leis sin, phléigh siad ceisteanna eacnamaíocha agus an caidreamh seachtrach, an staid sa Libia, an caidreamh leis an Rúis agus leis an Úcráin, agus cuspóirí chruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, atá le bheith ann go luath i Ríge.
An tAontas Fuinnimh
Chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go leagfaí amach céad chéimeanna an Aontais Fuinnimh. Tá ceannairí an Aontais meáite ar fhuinneamh inacmhainne, slándaingnithe agus inbhuanaithe a chur ar fáil laistigh den Aontas Eorpach.
Bhí an plé dírithe ar an tslándáil fuinnimh agus ar thrédhearcacht na gconarthaí gáis. Caithfidh gach conradh gáis cloí le dlí an Aontais, caithfidh siad bheith níos trédhearcaí agus gan aon tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil fuinnimh na hEorpa.
Fairis sin, chomhaontaigh na ceannairí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- straitéisí nuálacha a fhorbairt do ghlúin nua de chineálacha fuinnimh in-athnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú
- dlús a chur le taidhleoireacht aeráide an Aontais le go n-éireoidh le Cruinniú Mullaigh Pháras maidir leis an athrú aeráide i mí na Nollaig 2015
- European Council conclusions on Energy Union, 19 March 2015
- Energy union: secure, sustainable, competitive and affordable energy for Europe
An caidreamh seachtrach
Comhpháirtithe an Oirthir
D’aontaigh ceannairí an Aontais maidir le cuspóirí Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, a bheidh ar siúl i Ríge an 21-22 Bealtaine 2015. D'fhógair an Chomhairle Eorpach an athuair go bhfuil rún daingean aici tacú le comhpháirtithe an Oirthir agus go raibh sé mar thosaíocht aici go ndéanfaí institiúidí daonlathacha an Oirthir a neartú.
An caidreamh leis an Rúis agus leis an Úcráin
Chinn na ceannairí réimeas na smachtbhannaí reatha a ailíniú le cur chun feidhme comhaontuithe Mhionsc. Leanfaidh na smachtbhannaí eacnamaíocha de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana 2015, an tráth a bheidh pointe deiridh an phlean síochána le cur chun feidhme: Smacht a bheith arís ag an Úcráin ar a cuid teorainneacha thoir.
Leag ceannairí an Aontais béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí i gcoinne fheachtas leanúnach bréagaisnéise na Rúise faoin gcoinbhleacht san Úcráin. Ullmhóidh Ardionadaí an Aontais Eorpaigh, Federica Mogherini, plean gníomhaíochta i ndáil leis an gcumarsáid straitéiseach do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh.
- European Council conclusions on Ukraine and relations with Russia, 19 March 2015
- Overview of EU restrictive measures in response to the crisis in Ukraine
An Libia
Leanann an tAontas Eorpach dá thiomantas i leith aistriú na Libia agus obair Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe, Bernardino Leon. D’éiligh ceannairí an Aontais Eorpaigh go mbunófaí sos comhraic neamhchoinníollach láithreach, agus go ndéanfaí comhaontú mear maidir le Rialtas Aontachta Náisiúnta.
D'aithin ceannairí an Aontais gur gá go ndéanfaí an imirce a bhainistiú i gceart agus na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, mar a chomhaontaigh an Chomhairle i mí an Deireadh Fómhair 2014, chun sreabha imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr, agus TRITON, oibríocht Frontex sa Mheánmhuir láir, a neartú. Teastaíonn iarracht níos déine fós chun tacaíocht an Aontais leis na tíortha tionscnaimh agus idirthurais a mhéadú.
Ábhair eacnamaíoch
Seimeastar Eorpach 2015
Phléigh an Chomhairle Eorpach an staid eacnamaíoch san Eoraip agus cur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúracha lárnacha a rinne na Ballstáit.
D’fhormheas na ceannairí trí thosaíocht Shuirbhé Bliantúil Fáis 2015:
- an infheistíocht
- na hathchóirithe struchtúracha
- an fhreagracht bhuiséadach
D’iarr siad ar na Ballstáit na tosaíochtaí sin a léiriú ina gcuid clár náisiúnta don athchóiriú agus don chobhsaíocht nó don chóineasú, a bhfuiltear ag súil leo i mí na Bealtaine 2015.
Plean Infheistíochta don Eoraip
Ba dhíol sásaimh do cheannairí an Aontais gur glacadh seasamh caibidlíochta na Comhairle don togra maidir le Ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha.
Measann an Chomhairle Eorpach go gcuirfí críoch leis an idirbheartaíocht le Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2015, rud a d'fhágfadh go mbeadh an ciste ag feidhmiú faoi lánseol ó lár na bliana 2015.
Phléigh na ceannairí freisin an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht leis na Stáit Aontaithe faoin gComhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP). D'fhógair siad arís go bhfuil fúthu an chaibidlíocht a thabhairt chun críche faoi dheireadh na bliana agus dlús a chur leis na hiarrachtaí chun tairbhí an chomhaontaithe a chur in iúl do dhaoine.
An cuireadh agus an nóta cúlra
An Cruinniú mullaigh sóisialta trípháirteach
Ar an 19 Márta, sular thosaigh cruinniú na Comhairle Eorpaí, bhí Donald Tusk, Jean-Claude Juncker agus Laimdota Straujuma, Príomh-Aire na Laitvia, mar chathaoirligh ar an gcruinniú mullaigh, ar fóram é don idirphlé idir institiúidí an Aontais Eorpaigh agus na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha.
Ba é téama chruinniú mullaigh seo an earraigh 'Infheistíocht don fhás agus don fhostaíocht: dlús á chur lena bhfuil á dhéanamh ag na comháirtithe sóisialta.'
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Tuairisc ó Uachtarán Donald Tusk do Pharlaimint na hEorpa maidir le chruinniú Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2015 - 25/03/2015
Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 19-20 Márta 2015 - 20/03/2015
A ndúirt Donald Tusk tar éis chruinniú na Comhairle Eorpaí, an 20 Márta 2015 - 20/03/2015
Ráiteas ón gComhairle Eorpach maidir leis an Túinéis - 20/03/2015
Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an gcaidreamh seachtrach (19 Márta 2015) - 19/03/2015
A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis na seisiún tosaigh a bhí ag an gComhairle Eorpach - 19/03/2015
Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Aontas Fuinnimh (19 Márta 2015) - 19/03/2015
Cuireadh ón Uachtarán Donald Tusk chuig cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí - 18/03/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Eorpach
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025