Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Bealtaine 2015 20:30

Buiséad AE: riaráiste na mbillí gan íoc agus an chaoi a ndéanfar é a chéimniú amach

An 26 Bealtaine 2015, bhí an Chomhairle rannpháirteach i gcruinniú le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún chun an tsaincheist maidir leis na billí gan íoc i mbuiséad AE a phlé. Thug an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa dá n-aire dearcadh an Choimisiúin a léiríonn go bhféadadh an riaráiste d'éilimh íocaíochta gan íoc do na cláir chomhtháthaithe 2007-2013 laghdú go dtí thart ar €2.0 billiún faoi dheireadh na bliana 2016. Ag deireadh bhain an riaráiste d'éilimh íocaíochta gan íoc do na cláir chomhtháthaithe 2007-2013 buaic de €24.7 billiún amach.  

Na cúiseanna atá leis sin a chéimniú amach

Leis na cinntí deacra a rinne an dá chraobh den údarás buiséadach AE cuireadh leis an gcobhsaíochta agus leis an riaráiste a laghdú. Dá bhrí sin, d’fhormheas an Chomhairle agus an Pharlaimint méadú ar íocaíochtaí de thart ar EUR 11.8 billiún ar íocaíochtaí in 2013. Ag deireadh na bliana seo caite tháinig an dá chraobh den údarás buiséadach AE ar chomhaontú maidir go méadófaí na híocaíochtaí i mbuiséad AE 2014 agus go mbainfí leas as an gcorrlach teagmhais chun dul i ngleic le leibhéal úrnua na mbillí gan íoc. Táthar ag súil le laghdú ar an riaráiste freisin de bharr gur dócha as seo go ceann roinnt míonna go mbeidh laghdú suntasach ar éilimh íocaíochta do na cláir chomhtháthaithe 2007-2013 de réir mar a thagann na cláir sin chun críche.

Córas Luathrabhaidh 

Thug an cruinniú Idirinstitiúideach dá aire dréacht-ráiteas comhpháirteach maidir le plean íocaíochta do 2015-2016 a comhaontaíodh idir Uachtaránacht na Laitvia agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus an Coimisiún an 19 Bealtaine 2015. Cuirear san áireamh sa dréacht-ráiteas comhpháirteach gealltanas ón dá chraobh den údarás buiséadach AE go gcéimneofar amach riaráiste neamhinbhuanaithe na mbillí gan íoc do na cláir chomhtháthaithe 2007-2013, agus thairis sin chun riaráiste dá shamhail a sheachaint amach anseo. Iarrtar ar an gCoimisiún go dlúth cur chun feidhme na gclár 2014-2020 a ghrinnscrúdú agus córas luathrabhaidh a bhunú.  

Cúlra 

Is toradh é an dréacht-ráiteas comhpháirteach maidir le plean íocaíochta ar an bpacáiste a comhaontaíodh i mí na Nollaig 2014 maidir le roinnt dréachtbhuiséid leasaitheacha AE do 2014 agus do 2015. Mar chuid den phacáiste seo ghabh an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún de láimh go dtiocfaí ar chomhaontú maidir le plean íocaíochta chun leibhéal na mbillí gan íoc a laghdú sula gcuirfidh an Coimisiún a dhréachtbhuiséad do 2016 i láthair.  

Na chéad chéimeanna eile

Cuirfear an dréachtráiteas comhpháirteach faoi bhráid Coiste Bhuanionadaithe na Comhairle an 27 Bealtaine, chun go bhformeasfaidh na hairí airgeadais AE é an 19 Meitheamh. Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtbhuiséad do 2016 i láthair an 27 Bealtaine.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024