- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 26 Bealtaine 2015 22:45
Conclúidí ón gComhairle -Tuarascáil Bhliantúil 2015 chuig an gComhairle Eorpach maidir le Spriocanna an Aontais Eorpaigh um Chúnamh Forbartha
- Is díol sásaimh don Chomhairle gur fhoilsigh an Coimisiún an réamh-fhaisnéis maidir le Cúnamh Oifigiúil Forbartha (ODA) 2014 an Aontais Eorpaigh lena ndéantar anailís ar na treochtaí i ndáil le gealltanais chomhpháirteacha agus aonair an Aontais i dtaca le Cúnamh Oifigiúil Forbartha. Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir gur gné thábhachtach, chatalaíoch é ODA sa mhaoiniú foriomlán atá ar fáil do thíortha i mbéal forbartha is mó gátar.
- D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle an 17 Meitheamh 2010 tuarascáil bhliantúil a chur i dtoll a chéile maidir le gealltanais agus comhlíonadh an Aontais agus na mBallstát i leith ODA. Seo an cúigiú tuarascáil dá chineál a chuirfear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024