Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 26/05/2015, 26 Bealtaine 2015

Na príomhthorthaí

Cuirfidh an méid a chomhaontaíomar inniu fothú láidir faoi ghníomhaíocht de chuid an Aontais agus a cheannaireacht sa phróiseas caibidlíochta ar ball. Cuireann sé tiomantas an Aontais in iúl go neamhbhalbh faoin mbochtaineacht a dhíothú agus forbairt inbhuanaithe dhomhanda a fhothú arsa Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An clár oibre forbartha ó 2015 ar aghaidh

Phléigh Airí Forbartha an Aontais maoiniú le haghaidh forbartha i gcomhthéacs na caibidlíochta don chlár oibre nua iar-2015 le haghaidh forbartha.

Ghlac an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach seasamh an Aontais don chomhdháil i mí Iúil maidir le maoiniú le haghaidh forbartha agus do chruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair maidir leis an gclár oibre iar-2015 le haghaidh forbartha.

Dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: “Cuireann an méid a chomhaontaíomar inniu fothú láidir faoi ghníomhaíocht de chuid an Aontais agus a cheannaireacht sa phróiseas caibidlíochta ar ball." D'athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas sprioc 0.7% den chúnamh oifigiúil forbartha/ollioncam náisiúnta (ODA/OIN) a bhaint amach laistigh den am a leagtar síos sa chlár oibre iar-2015. “Cuireann sé tiomantas an Aontais in iúl go neamhbhalbh faoin mbochtaineacht a dhíothú agus forbairt inbhuanaithe dhomhanda a fhothú", arsa an tArdionadaí freisin.

An Imirce

Phléigh an Chomhairle ceisteanna idirghaolmhara na himirce agus na forbartha, mar obair leantach ar chruinniú speisialta na Comhairle Eorpaí an 23 Aibreán. 

Áirítear i gcur chuige cuimsitheach an Aontais obair a dhéanamh ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta. Tá an tAontas tiomanta an obair ar na naisc idir an imirce agus an fhorbairt a fheabhsú agus leanúint de bheith ag friotháil ar sháruithe ar chearta an duine agus coinbhleachtaí a réiteach i dtíortha tionscnaimh.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025