Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 11 Meitheamh 2015 15:30

Dearbhú Polaitiúil, Dearbhú na Bruiséile agus Plean Gníomhaíochta an dara Cruinniú Mullaigh AE-CELAC

Tháinig muidne, Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh (EU) agus Chomhphobal Stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib (CELAC), Uachtaráin na Comhairle Eorpaí agus an Choimisiúin Eorpaigh, le chéile sa Bhruiséil, an 10 agus an 11 Meitheamh 2015, don dara Cruinniú Mullaigh EU-CELAC, ár n-ochtú cruinniú dé-réigiúnach, faoin téama "Múnlú ár dtodhchaí coitinne: ag obair le chéile chun sochaithe rathúla, aontaithe agus inbhuanaithe a fhorbairt dár gcuid saoránach".

Mar léiriú ar a mheáite atá muid cur lenár gcuid caidrimh, ár bplé lena chéile a dhoimhniú agus a thábhachtaí atá ár gcomhlachas straitéiseach dé-réigiúnach, táimid tar éis Dearbhú a ghlacadh dár teideal 'an Chomhpháirtíocht don Chéad Ghlúin Eile’.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024