Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 30 Meitheamh 2015 13:30

Astaíochtaí ó ghléasraí dócháin meánmhéide: Dearbhaíonn na Ballstáit an comhaontú leis an bParlaimint

Dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) de chuid na Comhairle an comhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le treoir nua chun astaíochtaí truailleán áirithe ó ghléasraí dócháin meánmhéide a theorannú. Tá na rialacha nua sin mar chuid de phacáiste reachtach an aeir ghlain, a bhfuil sé mar aidhm leis cáilíocht an aeir san Aontas a fheabhsú.

Leis an treoir nua, socraítear luachanna do theorainneacha astaíochta le haghaidh truailleáin áirithe, eadhon dé-ocsaíd sulfair, ocsaíd nítrigine agus deannach. Cuirfear na teorainneacha sin i bhfeidhm i gcás gléasraí dócháin meánmhéide (idir 1 agus 50 MW) atá nua agus atá ann cheana

"chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir atá á análú againn, caithfimid dul i ngleic leis an aerthruailliú ag an bhfoinse. Leis an treoir seo, tugaimid an creat rialála le haghaidh na n-astaíochtaí ó earnáil an dócháin chun críche. Is píosa bunúsach é sin a bhí in easnamh agus a chabhróidh leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol a laghdú go suntasach”, arsa an tAire Kaspars Gerhards ón Laitvia, Uachtarán na Comhairle Comhshaoil faoi Uachtaránacht na Laitvia.

Spriocdhátaí

I gcomparáid leis an togra tosaigh ón gCoimisiún Eorpach, tugtar isteach leis an téacs a comhaontaíodh córais dhifreáilte do ghléasraí dócháin atá ann cheana, bunaithe ar a méid. Tá sé mar aidhm leis sin na costais a laghdú do na gléasraí is lú agus leibhéal ard cosanta comhshaoil á choinneáil ag an am céanna.

Cuirfear teorainneacha i bhfeidhm maidir le gléasraí atá ann cheana atá níos mó (5-50 MW) ó 2025 agus amhail ó 2030 maidir le cinn níos lú (1-5 MW). Beidh ar ghléasraí nua na teorainneacha a chomhlíonadh tar éis tréimhse trasuímh de dhá bhliain tar éis teacht i bhfeidhm. 

D'fhéadfaí na spriocdhátaí don chomhlíonadh a shíneadh go dtí 2030 i gcás roinnt gléasraí, go háirithe i gcás na ngléasraí seo a leanas:

  • córais teilithéamh agus teilifuarú
  • gléasraí arb é bithmhais an príomhbhreosla a dhóitear iontu
  • gléasraí ar cuid de chórais leithlisithe bheaga (ar oileáin, mar shampla) iad
  • gléasraí sonracha atá nasctha le córas tarchurtha gáis náisiúnta

Athruithe eile ar an togra

I gcriosanna nach gcomhlíontar iontu luachanna na dteorainneacha maidir le cáilíocht an aeir san Aontas, beidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an ngá a bheadh le teorainneacha níos déine a chur i bhfeidhm i gcás gléasraí aonair.

Sa téacs a comhaontaíodh, áirítear rialacha chun faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí ó thruailleán eile: aonocsaíd charbóin. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí ábhartha san áireamh in athbhreithniú a dhéanfar amach anseo.

Ina theannta sin, iarrtar ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh chun na sochair a mheas a bheadh ag gabháil le caighdeáin íosta éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil.

Bearna a dhúnadh

Cé go gcumhdaítear plandaí níos lú agus níos mó le treoracha an Aontais faoi seach, ní dhéantar na hastaíochtaí ó ghléasraí dócháin meánmhéide a rialáil ar leibhéal an Aontais go fóill. Tá sé mar aidhm leis na rialacha nua go líonfar an bhearna sin chun an creat rialála a thabhairt chun críche le haghaidh na hearnála dócháin, ar foinse shuntasach dóchán áirithe í.

Cúlra agus na chéad chéimeanna eile

Chuir an Coimisiún a thogra faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2013 mar chuid den ‘Clár aeir ghlain don Eoraip’. Tháinig uachtaránacht na Comhairle agus na Parlaiminte ar chomhaontú sealadach ag cruinniú trípháirteach an 23 Meitheamh 2015 agus tá an comhaontú sin dearbhaithe ag Coreper anois.   

Cuirfear an píosa nua reachtaíochta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa anois le haghaidh vóta ar an gcéad léamh agus faoi bhráid na Comhairle ansin chun go nglacfar go críochnaitheach é.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024