- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 16 Nollaig 2015 17:45
An scéim scoile: déanann an CST an téacs comhréitigh a fhaomhadh
Ar an 16 Nollaig 2015, faoi Uachtaránacht Lucsamburg agus faoi réir vóta foirmiúil Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, d'fhaomhaigh an Coiste Speisialta um Thalmhaíocht comhréiteach deiridh i ndáil le togra le haghaidh Rialachán maidir le scéim bainne, torthaí agus glasraí do scoileanna.
Tháinig ionadaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhréiteach foriomlán ag cruinniú trípháirteach a bhí ar siúl ar an 10 Nollaig. Ar an ócáid chéanna, d'fhaomhaigh CST Rialachán ón gComhairle ar an ábhar céanna, lena ndéantar an scéim sin na scoileanna a bhailchríochnú, go háirithe i ndáil le méid chabhair an Aontais a shocrú.
Bianna áirithe a chur chun cinn ar mhaithe le sláinte an phobail
Bunaíodh na scéimeanna scoile de chéaduair chun táirgí glasraí, torthaí agus bainne a chur chun cinn, ar bianna iad a thairbhíonn do shláinte an phobail agus atá oiriúnach lena ndáileadh ar leanaí scoile. Tá na hearnálacha sin tábhachtach ó thaobh Thalmhaíocht an Aontais Eorpaigh de, freisin. Faoi na scéimeanna sin déantar cabhair ón Aontas a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcaoi gur féidir leo na táirgí sin a sholáthar do bhunaíochtaí oideachais.
Tá an scéim scoile maidir le torthaí agus glasraí agus an scéim bainne dealaithe óna chéile faoi láthair. I mí Eanáir 2014, thíolaic an Coimisiún togra lena ndéantar na scéimeanna sin a chumasc agus lena leasaítear an Rialachán maidir le comheagraíocht aonair nua na margaí (an Rialachán maidir le CEM Aonair) faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) (5958/14) athchóirithe agus faoin Rialachán lena socraítear cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe (6054/14). Is é buiséad foriomlán bliantúil na scéime nua sin €250 milliún (táirgí bainne: €100 milliún; torthaí agus glasraí: €150 milliún).
Na chéad chéimeanna eile
Tá Parlaimint na hEorpa ceaptha an téacs comhréitigh a vótáilag an gcruinniú a bheidh ag a Coiste Talmhaíochta agus Forbairt Tuaithe, amach i mí Eanáir.
Seolfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta um Thalmhaíocht litir chuig Cathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa maidir le Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe thar ceann na hUachtaránachta. De réir na litreach sin, má vótálann an Pharlaimint na téacsanna comhréitigh faoi mar atá faofa ag CST, ag an seisiún iomlánach, tar éis athbhreithniú dlí agus teangeolaíoch a dhéanamh, beidh an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le scéimeanna bainne, torthaí agus glasraí do scoileanna ar an gcéad léamh. Leis sin, ba cheart go bhféadfadh an scéim nua sin teacht i bhfeidhm in earrach na bliana 2016 agus go mbeifí in ann í a chur i bhfeidhm ó Lúnasa 2017.
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
- @miru_georgescu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024