Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Deireadh Fómhair 2016 10:25

Meiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib: Ullmhaíonn an tAontas Eorpach do chruinniú airí gnóthaí eachtracha Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh-AE (CELAC-AE)

Rinne an Chomhairle measúnú ar na hullmhúcháin do chruinniú airí gnóthaí eachtracha CELAC-AE a thionólfar ar an 25-26 Deireadh Fómhair 2016 i Santo Domingoi ndáil le todhchaí na comhpháirtíochta dé-réigiúnaí. Ghlac an Chomhairle an dréacht-chlár oibre, lena mbeartaítear díospóireachtaí faoin gcaoi inar féidir an t-idirphlé dé-réigiúnach a neartú agus an caidreamh frithpháirteach a dhoimhniú, measúnú ar na cláir agus ar na gníomhaíochtaí a glacadh ag na cruinnithe mullaigh, díospóireachtaí maidir le forbairt a mhaoiniú agus maidir leis an athrú aeráide agus pointe sonrach maidir le Fondúireacht an Aontais Eorpaigh - Mheiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib (Fondúireacht AE-MLC).

Meastar go ndéanfar comhaontú lena mbunaítear Fondúireacht AE-MLC a shíniú mar eagraíocht idirnáisiúnta ag an gcruinniú. Le Fondúireacht AE-MLC tugtar le chéile an tAontas Eorpach agus a 28 mBallstát agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) agus a 33 mBallstát faoi na cuspóirí seo leanas:

  • eolas frithpháirteach breise agus comhthuiscint bhreise a spreagadh idir an dá réigiún;
  • próiseas dé-réigiúnach comhpháirtíochta CELAC-AE a neartú, agus rannpháirtíocht bhreise ón tsochaí shibhialta ann;
  • feabhas a chur ar infheictheacht fhrithpháirteach idir an dá réigiún, agus ar infheictheacht fhrithpháirteach na comhpháirtíochta dé-réigiúnaí féin.

Comhlíonfaidh Fondúireacht AE-MLC a cuid cuspóirí trí ghníomhaíochtaí amhaildíospóireachtaí a spreagadh i seimineáir, comhdhálacha agus foilseacháin; imeachtaí a bhaineann le hábhair a dtugtar aghaidh orthu ag cruinnithe mullaigh CELAC-AE a chur chun cinn; cláir dhé-réigiúnacha a sheoladh agus malartuithe tuairimí a eagrú; staidéir a spreagadh agus deiseanna teagmhála nua a chruthú.

Is in Hamburg (an Ghearmáin) a bheidh a ceanncheathrú ag Fondúireacht AE-MLC i gcónaí. Scoirfear an fhondúireacht idirthréimhseach a bunaíodh in 2011, go dtí go dtabharfar i gcrích an comhaontú idirnáisiúnta.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024