- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17/10/2016, 17 Deireadh Fómhair 2016
Na príomhthorthaí
An tSiria
Ní le fórsa míleata a réiteofar an choinbhleacht. Ní mór teacht ar réiteach polaitiúil. Tá cinneadh déanta ag an Aontas go seolfar idirphlé leis na príomhghníomhaithe réigiúnacha chun an bealach a réiteach don aistriú polaitiúil, don athmhuintearas agus don atógáil.
Is sin a dúirt Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tSiria, ina gcáintear go láidir na hionsaithe a rinne an réimeas agus a chomhghuaillithe, an Rúis go háirithe, go speisialta amas a thógáil ar shaoránaigh agus ar phearsanra daonnúil agus cúraim sláinte de bhun tola.
Iarrann an tAontas na nithe seo leanas:
- go scorfaidh an réimeas agus a chomhghuaillithe de na heitiltímíleata ar fad os cionn Aleppo
- go gcuirfear deireadh leis an gcogaíocht láithreach bonn agus go ndéanfar faireachán air trí bhíthin sásra láidir trédhearcach
- go n-éireofar as gach léigear
- go dtabharfaidh gach taobh rochtain dhaonnúil ar fud na tíre a bheidh iomlán, gan bhac agus inbhuanaithe
Tá an tAontas meáite ar bheathaí a shábháil agus leanfaidh sé dá dhícheall taidhleoireachta chun cabhair a thabhairt isteach in Aleppo agus daoine gortaithe a aslonnú.
Imirce
D’fhéach na hairí ar gach ar tharla le déanaí maidir leis na gnéithe seachtracha den imirce. Thug an tArdionadaí tuairisc faoi na chéadtorthaí de chur chuige an chreata comhpháirtíochta agus ar an obair ar chomhshocraithe tírshonrachaleis na cúig thír is tábhachtaí .i. Mailí, an Nígir, an tSeineagáil, an Nigéir agus an Aetóip d’fhonn go bhféadfar an imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn a rinneadh go nuige seo ar chur chuige an chreata comhpháirtíochta. Sa phlé a rinne siad mhol siad go leathanófaí de réir a chéile raon geografach na hoibre atá ar siúl faoi láthair chuig compháirtithe sa Mheánoirthear agus san Áis.
Ghlac an Chomhairle cinntí i ndáil le tosaíochtaí comhpháirtíochtaagus comhshocruithe leis an Iordáin agus leis an Liobáin.
- An ghéarchéim sa tSiria: Tá an tAontas réidh le dlús a chur le comhpháirtíochtaí leis an Liobáin agus leis an Iordáin
- Teacht ar réitigh i ndáil leis an mbrú imirce (cúlra faisnéise)
Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh
Phléigh an Chomhairle an obair leantach a dhéanfar ar straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir le beartas slándála “Fís chomhroinnte, comhghníomhaíochtaí: Eoraip níos láidre” agus ghlac conclúidí.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17 Deireadh Fómhair 2016
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Glacann an Chomhairle tuarascáil 2016 ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála
- 17/10/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSiria
- 17/10/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Túinéis
- 17/10/2016
- An ghéarchéim sa tSiria: Tá an tAontas réidh chun borradh a chur faoi chomhpháirtíochtaí leis an Liobáin agus leis an Iordáin
- 17/10/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an straitéis dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais
- 17/10/2016
- Council conclusions on Bosnia and Herzegovina
- 17/10/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó
- 17/10/2016
- Beidh cruinniú den Chomhairle Comhair idir AE agus an Iaráic ar siúl ar an 18 Deireadh Fómhair 2016
- 17/10/2016
- Meiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib: Ullmhaíonn an tAontas Eorpach do chruinniú airí gnóthaí eachtracha Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh-AE (CELAC-AE)
- 17/10/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025