- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 21 Deireadh Fómhair 2016 18:55
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
Ar an 29 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2016/1746[1] (CBES) lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle.
Leis an gCinneadh sin, leasaítear liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I é a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.
Tá na Tíortha is Iarrthóirí, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró*, an tSeirbia* agus an Albáin*, tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE).i. an Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua, ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, chomh maith leis an Úcráin agus Poblacht na Moldóive ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Tugann an tAontas Eorpach an gealltanas sin dá aire agus is díol sásaimh dó é.
[1] - Arna fhoilsiú ar an 30.9.2016 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Uimhir L 264, lch. 30.
* - Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maja Kocijančič Urlabhraí SEGS
- +32 2 298 65 70
- +32 498 98 44 25
-
Nabila Massrali Urlabhraí gníomhach SEGS
- +32 2 29 88093
- +32 460 79 52 44
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024