- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 27 Feabhra 2017 21:42
Comhaontú maidir le síneadh a chur le clár an Aontais Eorpaigh maidir le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht
Tháinig Uachtaránacht Mhálta agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le síneadh a chur leis an maoiniú a thugann an tAontas Eorpach don Ghrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG).
Suas le EUR 14 mhilliún a leithdháilfear le haghaidh na tréimhse 2017 go 2020 chun go n-áiritheofar oibriú leantach EFRAG. Is ionann ranníocaíocht AE le buiséad EFRAG agus tuairim is 60% de.
Dúirt Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta, Christian Cardona: “Le maoiniú leordhóthanach cuirfear ar chumas EFRAG a mhisean a chur i gcrích go héifeachtach. Tá EFRAG an-inniúil anois leanúint de chomhairle a chur ar an gCoimisiún Eorpach maidir leis na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais, rud a dhéanann sé chun leas an tionscnaimh Eorpaigh. Tá neamhspleáchas agus trédhearcacht ríthábhachtach i dtaca le margadh aonair na seirbhísí airgeadais agus an chaipitil a neartú”.
Is é misean EFRAG barúlacha Eorpacha a fhorbairt agus a chur chun cinn i réimse an tuairiscithe airgeadais. Chomh maith leis sin féachann sé lena áirithiú go gcuireann Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta na barúlacha sin san áireamh go cuí. Is é sin an comhlacht neamhspleách atá freagrach as forbairt a dhéanamh ar na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS).
Sheol an tAontas clár in 2009 chun tacú le gníomhaíochtaí i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Is iad tairbhithe an chláir sin Fondúireacht IFRS, EFRAG agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB).
Cuireadh síneadh leis an gclár faoi Rialachán 258/14 don tréimhse 2014 go 2020 ar mhaithe le IFRS agus PIOB amháin.
Maidir le EFRAG, chinn an Chomhairle agus an Pharlaimint fanacht go dtí go gcuirfí roinnt athchóirithe i gcrích ar rialachas EFRAG. Ba ar an 31 Deireadh Fómhair 2014 a cuireadh an t-athchóiriú ar rialachas EFRAG chun feidhme, chun neart a chur le rannchuidiú an Aontais le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta.
Meastar go ndearbhóidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa comhaontú sealadach an lae inniu sna seachtainí amach romhainn. A luaithe a ndearbhóidh siad an comhaontú beidh an leithdháileadh iomlán ó bhuiséad an Aontais ar EFRAG cothrom le EUR 23 mhilliún don tréimhse 2014 go 2020 agus cothrom le réamh-mheastachán an Choimisiúin chomh maith.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024