- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 19 Meitheamh 2017 17:00
Conclúidí ón gComhairle i ndáil le plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar
Ghlac an Chomhairle conclúidí i ndáil le plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar. Feabhsófar cur chun feidhme na dtreoracha dúlra leis an bplean ionas go seasfaidh siad le barr a gcumais. Léirigh na hairí gur thacaigh siad le plean gníomhaíochta an Aontais, a bhfuil sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt, trí bhíthin ceithre réimse tosaíochta agus 15 ghníomh nithiúla, ar roinnt bearnaí a aithníodh i gcur chun feidhme an phlean. Is léiriú iad na conclúidí seo ar thiomantas láidir an Aontais do speicis agus do ghnáthóga nádúrtha a chosaint agus do dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo chuspóir 2030 an Aontais agus i dtaca le cailliúint na seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a aisiompú. Sna conclúidí, iarrtar freisin ar ghníomhaithe an Aontais, ar gach leibhéal, dlús a chur lena gcomhar comhpháirteach ar mhaithe le dul chun cinn ceart a dhéanamh.
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024