Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 19/06/2017, 19 Meitheamh 2017

Na príomhthorthaí

Comhaontú Pháras

Phléigh an Chomhairle na forbairtí is déanaí i réimse an athraithe aeráide idirnáisiúnta i seisiún poiblí. Cuir na hairí comhshaoil a dtuairimí in iúl maidir le cinneadh aontaobhach rialtas SAM tarraingt siar as Comhaontú Pháras agus d’fháiltigh siad d’aon ghuth roimh na conclúidí a glacadh faoin ábhar sin ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha an lá céanna.

Sheas na hairí le chéile agus a dtiomantas diongbháilte á athdhearbhú acu don chomhaontú domhanda seo, atá ceangailteach ó thaobh an dlí, a chur chun feidhme go gasta agus go hiomlán. Tá ceannaireacht fhreagrach dhomhanda de dhíth don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus tá an tAontas agus a chuid Ballstát réidh leis an ról sin a ghlacadh orthu féin. Pléifear an t-ábhar sin ag an gcruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí atá le bheith ar siúl ar 22 agus 23 Meitheamh 2017 freisin.

“Níor cheart aon athsmaoineamh a dhéanamh agus sinn ag gníomhú i gcoinne na hathraithe aeráide. Tá plainéad glan agus inbhuanaithe de dhíth orainn dár dtodhchaí. Inniu, threisigh mé féin agus mo chomhghleacaithe tuairimí ár n-airí gnóthaí eachtracha agus sinn ag athdhearbhú go bhfuil Comhaontú Pháras oiriúnach dá fheidhm agus nach féidir é a athchaibidliú. Tá an tAontas agus a chuid Ballstát ag obair go dian chun comhdháil COP 23, a bheidh ar siúl in Bonn i mí na Samhna, a ullmhú; agus tá cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Pháras faoi lán seoil againn. Iarraimid ar ár gcomhpháirtithe domhanda amhlaidh a dhéanamh.”  

An Dochtúir Jose A. Herrera, Aire Forbartha Inbhuanaithe, Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Mhálta 

Tá an tAontas tiomanta d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tíolacadh an sprioc úd i mí an Mhárta 2015 mar an rannchuidiú, arna chinneadh go náisiúnta, atá beartaithe ag an Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát le Comhaontú Pháras. Chun an sprioc sin a bhaint amach, beidh sa laghdú sin laghdú 43% in earnálacha arna gcumhdach ag an scéim trádála astaíochtaí (earnálacha ETS) agus laghdú 30% in earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo faoin mbliain 2030 sa dá chás, i gcomparáid le 2005. Tá an tAontas ag obair faoi láthair chun an reachtaíocht nua iomchuí a chur i bhfeidhm.

Earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo: comhroinnt díchill agus LULUCF (talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht)

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an dá thogra reachtacha chun astaíochtaí a laghdú in earnálacha nach gcumhdaítear leis an scéim trádála astaíochtaí iad: rialachán i ndáil le comhroinnt díchill agus rialachán maidir le talamhúsáid, athrú talamhúsáide agus foraoiseacht (LULUCF).

Rinne na hairí a bhfuil bainte amach go dtí seo a mheas agus roinn siad a dtuairimí maidir leis na saincheisteanna sin a bhaineann leis na tograí atá fós gan réiteach agus iad ag díriú ar chúlchiste nua sábháilteachta a chur leis an rialachán i ndáil le comhroinnt díchill agus leibhéil tagartha foraoise a shocrú sa rialachán LULUCF.

Thug na toscaireachtaí treoir thairbheach pholaitiúil maidir leis an mbealach chun cinn i dtaca leis an dá ghné sin. Ar an mbonn sin, déanfar tuilleadh oibre sa Chomhairle d’fhonn teacht ar chomhaontú roimh dheireadh na bliana faoi sheasamh caibidlíochta.

“Tá dul chun cinn suntasach déanta againn le linn Uachtaránacht Mhálta maidir leis na comhaid nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo. Creidim nach fada go dtiocfaimid ar chomhaontú agus go bhfuil gá le breis iarrachtaí ó na Ballstáit. Is tábhachtaí anois ná riamh díriú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí 2030 atá ag an Aontas. Is fúinne, le chéile, atá sé beart de réir briathair a dhéanamh i dtaca lenár ngealltanas comhpháirteach. Tá dóchas agam gur féidir teacht ar chomhréiteach le linn Uachtaránacht na hEastóine”.  

An Dochtúir Jose A. Herrera, Aire Forbartha Inbhuanaithe, Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Mhálta

Tá earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo i measc na bpríomhuirlisí atá ag an Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh.

Plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar

Ghlac an Chomhairle conclúidí i ndáil le plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar. Feabhsófar cur chun feidhme na dtreoracha dúlra leis an bplean ionas go seasfaidh siad le barr a gcumais.

Léirigh na hairí gur thacaigh siad le plean gníomhaíochta an Aontais, a bhfuil sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt le ceithre réimse tosaíochta agus 15 ghníomh nithiúil ar roinnt bearnaí a aithníodh i gcur chun feidhme an phlean.

Is léiriú iad na conclúidí seo ar thiomantas láidir an Aontais do speicis agus do ghnáthóga nádúrtha a chosaint agus do dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo chuspóir 2030 an Aontais agus i dtaca le cailliúint na seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a aisiompú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025