- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Deireadh Fómhair 2017 16:15
Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhaontú Pháras agus an t-ullmhúchán do chruinnithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Comhaontú Pháras agus an t-ullmhúchán do chruinnithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (Bonn, 6-17 Samhain 2017):
"DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID A LEANAS:
Gníomhaíocht dhomhanda de bhun Chomhaontú Pháras
1. LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh ord domhanda ann a bheadh bunaithe ar rialacha, a mbeadh an t-iltaobhachas mar bhunphrionsabal ann agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, ar mhaithe le domhan síochánta inbhuanaithe a bhaint amach;
2. IS DÍOL SÁSAIMH DI a ghasta a tugadh Comhaontú Pháras i bhfeidhm, de theist ar thiomantas an chomhphobail idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar chomhdhúshlán an athraithe aeráide; CUIREANN SÍ IN IÚL GO LÁIDIR nach féidir dul siar ar Chomhaontú Pháras agus go mbraitheann slándáil agus rathúnas an phláinéid uile ar shláine agus ar chur chun feidhme iomlán an chomhaontaithe sin; CUIREANN SÍ I dTREIS go dtugtar teachtaireacht ghlan shoiléir sa chomhaontú sin maidir leis an gcúrsa is inleanta do rialtais, d'údaráis fhonáisiúnta, don tsochaí shibhialta, do lucht gnó agus don earnáil phríobháideach i dtaca le gníomhaíochtaí domhanda ar son na haeráide;
3. AITHNÍONN SÍ, agus cúis imní dá réir aici, an méadú leanúnach atá ag teacht ar olcas agus/nó iomadúlacht na n-eachtraí adhaimsire ba shiocair le bás agus easáitiú na mílte, a d'fhág a lorg ar bheatha agus ar shláinte na milliún ar fud an domhain, agus ba chúis le luach na mbilliún euro de dhamáiste bonneagair agus éiceachórais; TUGANN SÍ DÁ hAIRE go gcuireann an t-athrú aeráide le holcas agus le hiomadúlacht na n-eachtraí adhaimsire sin, de réir taighde eolaíoch; TUGANN SÍ DÁ hAIRE, agus cúis imní dá réir aici, na torthaí ar an taighde a rinne an Chomhairle Artach le déanaí a léiríonn go bhfuil teocht an Artaigh ag ardú dhá uair chomh tréan leis an meánráta domhanda agus iarmhairtí tromchúiseacha domhanda ag eascairt as sin dá réir;
4. CUIREANN SÍ I dTREIS go bhfuil rannpháirtíocht agus rannchuidiú na dtíortha ar fad riachtanach d'fhonn an fhreagairt dhomhanda ar an mbagairt ón athrú aeráide a neartú agus spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, i gcomhthéacs na réimsí seo a leanas: an fhorbairt inbhuanaithe, díothú na bochtaineachta, slándáil an tsoláthair bia, an comhionannas inscne, an urraim do chearta an duine agus an urraim do chearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil, agus cosaint na bithéagsúlachta; CUIREANN SÍ a dlúthpháirtíocht IN IÚL leo siúd is leochailí drochthionchar an athraithe aeráide;
5. ATHDHEIMHNÍONN SÍ gealltanas an Aontais go gcuirfear Comhaontú Pháras chun feidhme ina iomláine, mar a cuireadh in iúl le déanaí ag Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh 2017 agus ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha ar an 19 Meitheamh; CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá Comhaontú Pháras mar ionstraim dhomhanda lena gcuirfear feabhas ar ghníomhaíocht chomhchoiteann i gcoinne an athraithe aeráide, lena gcuirfear leis an tslándáil dhomhanda agus lena gcuirfear dlús leis an aistriú chuig geilleagair agus sochaithe inbhuanaithe aeráidseasmhacha ag a mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa;
6. ATHDHEARBHAÍONN SÍ go leanfaidh an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide agus go bhfuil sé fós meáite ar an gcomhar leis na páirtithe uile maidir le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, na comhpháirtíochtaí atá aici cheana a neartú, agus comhghuaillíochtaí nua a lorg le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus comhoibriú le gníomhaithe éagsúla, a chuir a dtacaíocht do Chomhaontú Pháras in iúl, agus a bhfuil gníomhaíochtaí aeráide uaillmhianacha á ndéanamh acu; IARRANN SÍ ar gach comhpháirtí leanúint den obair le go n-éireoidh le COP 23, COP 24 agus COPanna eile amach anseo;
7. IS DÍOL SÁSAIMH DI gur dhaingnigh 166 pháirtí Comhaontú Pháras, lena n-áirítear gach ceann de Bhallstáit an Aontais; MOLANN SÍ do gach tír eile an Comhaontú a dhaingniú a luaithe is féidir; ATHDHEARBHAÍONN SÍ go dtacaíonn sí go láidir le cur chuige cuimsitheach lena n-áiritheofar go mbeidh na páirtithe uile in ann páirt iomlán a ghlacadh in oibríochtú agus cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus in ann lánchuidiú a thabhairt dó freisin;
Cur chun feidhme Chomhaontú Pháras a chur chun cinn
8. ATHDHEIMHNÍONN SÍ gealltanas an Aontais go leanfar le cur chun feidhme a mbeart aeráide, i gcomhréir le creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh le haghaidh an Aontais Eorpaigh, a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014; IS DÍOL SÁSAIMH DI an dul chun cinn atá déanta i dtreo chur chun feidhme rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) an Aontais gona Bhallstáit d'fhonn an sprioc a bhaint amach laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí intíre gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 le hais leibhéil na bliana 1990; AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá na spriocanna fadtéarmacha agus na timthriallta cúig bliana chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme;
9. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil an tAontas ar an mbealach ceart lena sprioc a bhaint amach don bhliain 2020 maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i.e. laghdú 20 % le hais na bliana 1990; ATHDHEARBHAÍONN SÍ go bhfuil a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh ag an Aontas gona Bhallstáit cheana féin de bhun an dara tréimhse ghealltanais de Phrótacal Kyoto agus go léiríonn sonraí nua gur ródhócha go sárófar an sprioc don bhliain 2020 in ainneoin an fháis atá tagtha ar an ngeilleagar;
10. MOLANN SÍ do gach tír leanúint dá gcuid rannchuidithe arna chinneadh go náisiúnta (NDCanna) a ullmhú agus a chur chun feidhme, mar aon lena bpróisis phleanála don oiriúnú arna spreagadh ag an tír, de réir mar is iomchuí; TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur ríthábhachtach na hiarrachtaí agus na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag tíortha G20 (na tíortha sin is cúis le 80 %, a bheag nó a mhór, d'astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain); ATHDHEARBHAÍONN SÍ tiomantas an Aontais gona Bhallstáit leanúint den roinnt cleachtas a dhéantar faoi láthair le tíortha comhpháirtíochta agus tacú leis na tíortha sin freisin chun a gcuid NDCanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhthéacs forbairt íseal-astaíochtaí agus aeráidseasmhach, chomh maith le naisc a chothú idir NDCanna agus straitéisí forbartha náisiúnta, lena n-áirítear trí thionscnaimh amhail Comhpháirtíocht NDC; AITHNÍONN SÍ na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na tíortha is lú forbairt agus ag na stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha;
11. LEAGANN SÍ BÉIM AR an rannchuidiú méadaithe a d'éirigh as an gcomhar iltaobhach i ngeall ar an gCoinbhinsiún agus i ngeall ar na comhghníomhaíochtaí deonacha a dhéantar faoi choimirce an Chláir Oibre maidir le Gníomhaíocht Dhomhanda ar son na hAeráide chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach; IS MÓR AICI iarrachtaí reatha agus gealltanais na n-údarás fonáisiúnta, na ngnólachtaí, na sochaí sibhialta agus na ngníomhaithe neamhstáit ábhartha eile – mar aon leis na hiarrachtaí atá fógartha acu – ar mhaithe le dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide; IARRANN SÍ go ndéanfaí iarrachtaí breise sa réimse sin; IS DÍOL SÁSAIMH DI obair na Mór-Ghníomhaithe Domhanda ar son na hAeráide; MOLANN SÍ na hiarrachtaí atá ar siúl acu ar mhaithe le tuiscint a chruthú faoi ascnamh agus seachadadh thionscnaimh agus chomhghuaillíochtaí an Chláir Oibre maidir le Gníomhaíocht Dhomhanda ar son na hAeráide; agus TACAÍONN SÍ leis an gcur chuige atá acu i dtaca le Comhpháirtíocht Marrakech le haghaidh na Gníomhaíochta Domhanda ar son na hAeráide;
12. CUIREANN SÍ I dTREIS an ról ríthábhachtach atá ag IPCC maidir le hionchur eolaíoch a thabhairt d’obair Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus an bonn eolaíoch a thabhairt i dtaca le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras; TÁ SÍ AG SÚIL leis an tuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le téamh domhanda 1.5°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha agus na bealaí gaolmhara domhanda astaíochtaí gás ceaptha teasa; MEASANN SÍ go mbeidh Tuarascáil Speisialta 1.5°C an-luachmhar mar fhoinse faisnéise le haghaidh an phlé a dhéanfar an bhliain seo chugainn i gcomhthéacs idirphlé éascaitheach 2018;
13. LEAGANN SÍ BÉIM AR a thábhachtaí atá straitéisí forbraíochta fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí ísle gás ceaptha teasa mar uirlis bheartais chun forbairt a dhéanamh ar bhealaí iontaofa, agus ar na hathruithe beartais fadtéarmacha atá de dhíth chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach; agus MOLANN SÍ go bhforbrófaí na straitéisí sin; IS DÍOL SÁSAIMH DI an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach agus ó na Ballstáit maidir le hanailís chuimsitheach a ullmhú ar na tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta a ghabhfaidh le bealaí atá comhsheasmhach le spriocanna fadtéarmacha teochta Chomhaontú Pháras mar bhonn le díospóireachtaí polaitiúla an Aontais d'fhonn straitéis de chuid an Aontais a leagan amach i gcomhréir le mír 35 de Chinneadh 1/CP21;
14. MEABHRAÍTEAR DI gur tosaíocht straitéiseach de chuid idirphlé taidhleoireachta an Aontais agus na mBallstát í an ghníomhaíocht aeráide uaillmhianach chun an comhar agus ar an chomhghníomhaíocht nithiúil le tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Taidhleoireachta 2016 maidir leis an Aeráid agus leis na conclúidí ón gComhairle ó mhí an Mhárta 2017 maidir le taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh an Aontais;
15. MEABHRAÍTEAR DI na conclúidí ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le maoiniú na troda i gcoinne an athraithe aeráide]; [ATHDHEARBHAÍONN SÍ go bhfuil an tAontas gona Bhallstáit tiomanta leanúint de chur leis an maoiniú idirnáisiúnta a shlógfar don troid i gcoinne an athraithe aeráide, mar chuid de sprioc chomhpháirteach na dtíortha forbartha USD 100 billiún a shlógadh, ar bhonn comhpháirteach, in aghaidh na bliana idir 2020 agus 2025, don mhaolú agus don oiriúnú, ar maoiniú é a thiocfaidh ó raon leathan foinsí, trí ionstraimí éagsúla agus trí bhealaí éagsúla; DEARBHAÍONN SÍ AN ATHUAIR go mbeidh ról suntasach leanúnach ag maoiniú poiblí don troid i gcoinne an athraithe aeráide; CUIREANN SÍ i bhFIOS gurb é an tAontas gona Bhallstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus cuireann sí i dtreis nach mór go mbeadh réimse níos leithne ranníocóirí rannpháirteach ann feasta;
16. IARRANN SÍ ARÍS ar na páirtithe uile an t-athbhreithniú domhanda (GST) a dhearadh mar phríomhghné de thimthriall mór uaillmhéine lena gcuirfear eolas agus dreasacht ar fáil do phróisis lena gcuirfear de réir a chéile feabhas leanúnach ar ghníomhaíocht uaillmhianach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta; MEASANN SÍ gur cheart go mbeadh an t-athbhreithniú domhanda (GST) ina shiocair le comhthuiscint ar an éifeacht fhoriomlán a bhíonn ag gach a ndéanann na páirtithe agus gach a bhfuil le déanamh acu le chéile chun cuspóir Chomhaontú Pháras gona spriocanna fadtéarmacha a bhaint amach, agus ina shiocair le deiseanna praiticiúla i dtaca leis an athrú aeráide; CUIREANN SÍ I bhFÁTH a thábhachtaí atá sé féachaint le hamchlár comhchoiteann a leagan síos le haghaidh na bpáirtithe uile maidir le NDCanna;
Torthaí insoláthartha COP 23
17. IS MÓR AICI an cheannaireacht ar leith a thug Fidsí ina cháil mar an chéad stát beag oileánach uachtaránacht a dhéanamh ar COP; DEIMHNÍONN SÍ a tacaíocht d'Uachtaránacht nua Fhidsí ar COP/CMP/CMA maidir leis na tionscnaimh uaithi sa tréimhse roimh an gcomhdháil agus ag COP 23 féin, agus súil aici go n-éireoidh leis an gcruinniú sin;
18. IS DÍOL SÁSAIMH DI comhairliúcháin chuimsitheacha thrédhearcacha mhí na Bealtaine 2017 a thionól Maracó, a bhfuil an Uachtaránacht aici faoi láthair, agus Fidsí, a mbeidh an Uachtaránacht aici ina dhiaidh seo, maidir le heagrú idirphlé éascaitheach 2018, arb é an chéad phríomhócáid polaitiúil é i ndiaidh Chomhaontú Pháras ag a n-athbhreithneoidh na páirtithe a gcuid iarrachtaí comhchoiteanna chun a áirithiú go mbainfear amach an sprioc atá leagtha amach in Airteagal 4(1) den chomhaontú sin; TUGANN SÍ DÁ HAIRE go mbeidh torthaí an idirphlé éascaithigh ina mbonn leis an ullmhúchán do na RCNanna i gcomhréir le mír 20 de Chinneadh 1/CP.21; LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh dóthain soiléire ann, ach a gcríochnóidh COP 23, maidir leis an gcaoi a riarfar idirphlé éascaitheach 2018; TÁ SE Á FHEICEÁIL DI go mbeidh rannpháirt ghníomhach ag an Aontas gona Bhallstáit in idirphlé éascaitheach 2018;
19. TÁ SÍ AG SÚIL le hÓcáid Ardleibhéil dhearfach de chuid na Mór-Ghníomhaithe Domhanda ar son na hAeráide ag COP23 mar aon le ról feabhsaithe do na gníomhaithe sin nach gníomhaithe stáit iad;
20. AITHNÍONN SÍ an dul chun cinn a rinneadh ar chlár oibre Pháras ag COP 22 in Marrakech agus ag cruinnithe na bhfochuideachtaí in Bonn i mí na Bealtaine 2017; CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur cheart dul chun cinn substaintiúil a dhéanamh ag COP 23 in Bonn maidir le gach mír shainordaithe de chlár oibre Pháras, i bhfoirm dréachtchinntí nó eilimintí téacsúla, d'fhonn a áirithiú go nglacfar cinntí ag COP 24; TACAÍONN SÍ le cur chun cinn an ullmhúcháin do chur chun feidhme fhorálacha uile an Chomhaontaithe ar bhealach cothrom, lena gcuimsítear maolú, oiriúnú, modhanna cur chun feidhme, agus an creat trédhearcachta a bheith ina chroí-chuid chun éifeachtacht Chomhaontú Pháras a áirithiú;
21. TÁ SÍ AG SÚIL le bheith ag obair go táirgiúil le páirtithe eile, sa tréimhse roimh an gcomhdháil in Katowice na Polainne sa bhliain 2018 agus ag an gcomhdháil féin, le go n-éireoidh go geal le COP 24 faoin gclár oibre aontaithe mar ullmhúchán do chur chun feidhme Chomhaontú Pháras;
Próisis eile
22. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar an gcomhordú comhtháite agus ar shineirgí idir Comhaontú Pháras, Clár Oibre 2030 maidir le Forbairt Inbhuanaithe agus Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí, chomh maith le Coinbhinsiúin eile de chuid Rio agus straitéisí ábhartha eile de chuid na Náisiún Aontaithe; TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur leis na hionstraimí iltaobhacha sin a léiríodh a riachtanaí a bhí sé go ndéanfadh ballstáit uile na Náisiún Aontaithe comhar le chéile, agus gur leo a léiríodh cumas na mballstát sin a dhéanamh, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda - athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe, iarrachtaí maidir le riosca tubaiste a mhaolú agus a bhainistiú, agus díothú na bochtaineachta;
23. IS DÍOL SÁSAIMH DI gur glacadh, ag an 28ú cruinniú de chuid na bpáirtithe, Leasú Kigali ar Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin lena laghdófar hidreafluaracarbóin (HFCanna) céim ar chéim agus MEABHRAÍTEAR DI gur ghlac an Chomhairle an cinneadh, thar ceann an Aontais, Leasú Kigali ar Phrótacal Montréal a thabhairt i gcrích; IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil roinnt de na Ballstáit tar éis tús a chur lena nós imeachta náisiúnta maidir le Leasú Kigali a dhaingniú, agus go bhfuil tuilleadh acu a bhfuil an méid sin curtha i gcrích acu; MOLANN SÍ do na Ballstáit eile bailchríoch a chur ar an nós imeachta náisiúnta maidir le Leasú Kigali a dhaingniú, agus do na páirtithe eile é a dhaingniú a luaithe is féidir leo, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh Leasú Kigali i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2019;
24. IS DÍOL SÁSAIMH DI gur tháinig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ar chomhaontú maidir leis an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) agus tá sí ag súil go gcuirfear bailchríoch ar a chuid rialacha oibríochtúla agus go gcuirfear an comhaontú chun feidhme gan mhoill; CUIREANN SÍ I bhFÁTH gur gá an tsláine chomhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear tríd an gcomhaireamh dúbailte a sheachaint; IARRANN SÍ ar na páirtithe uile páirt a ghlacadh i gcéim dheonach CORSIA;
25. IARRANN SÍ ar an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) dlús breise a chur lena hiarrachtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála muirí a laghdú agus straitéis tosaigh IMO uaillmhianach a ghlacadh i mí Aibreáin 2018 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa loingis a laghdú lena n-áirítear bearta breise i gcomhréir le treochlár IMO agus le spriocanna fadtéarmacha teochta Chomhaontú Pháras a bhaint amach."
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024