- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 13/10/2017, 13 Deireadh Fómhair 2017
Na príomhthorthaí
Comhaontú Pháras: a dhéanfaidh an tAontas? (Grafaic faisnéise)
Earnálacha neamh-ETS: Comhroinnt díchill agus LULUCF
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasaimh idirbheartaíochta i dtaca leis an rialachán maidir le comhroinnt díchill agus an rialachán maidir le talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF). Leis na píosa reachtaíochta sin, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha sin nach gcumhdaítear i raon feidhme chóras trádála astaíochtaí an Aontais (ETS).
Béarfaidh na píosaí reachtaíochta sin go mbeidh ar chumas an Aontais druidim níos gaire do ghnóthú na sprice foriomláine sin dá chuid – astaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad faoin mbliain 2030 le hais leibhéil 1990, agus ar an tslí sin, a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Tabharfaidh na hearnálacha neamh-ETS rannchuidiú sonrach don sprioc sin trí astaíochtaí a laghdú 30 % faoi 2030 le hais leibhéil 2005.
"Béarfaidh an dá rialachán sin go mbeidh ar chumas an Aontais astaíochtaí a laghdú i ngach earnáil ina ndéantar comhroinnt díchill agus a áirithiú go ndéanfar bainistiú níos fearr ar an talamh agus ar na foraoisí ann. Sa tslí sin, tógfaimid todhchaí dúinn uilig a bheidh neamhdhíobhálach don aeráid agus bainfimid amach na spriocanna aeráide a leagamar síos dúinn féin i gComhaontú Pháras. Is díol sásaimh dom iarrachtaí sin na mBallstát agus táimid réidh le tosú ar an gcaibidlíocht leis an bParlaimint."
Siim Kiisler, Aire Comhshaoil Phoblacht na hEastóine
- Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, sna hearnálacha ina mbíonn comhroinnt díchill, ar mhaithe leis an Aontas a thabhairt níos cóngaraí do spriocanna Pháras
- Bainistiú níos fearr ar thalamh agus ar fhoraoisí san Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun gealltanais Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
COP23 - Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Comhaontú Pháras mar ullmhúchán don 23ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP 23) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), a bheidh ar siúl an 6-17 Samhain 2017 in Bonn.
Tá rún daingean ag an Aontas bheith chun tosaigh i gcónaí sna hiarrachtaí domhanda a dhéantar chun an t-athrú aeráide a chomhrac. Chuir na hairí comhshaoil in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán leis na conclúidí sin agus leagann siad béim ar a thábhachtaí atá an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras (clár oibre Pháras), maidir leis an ullmhúchán le haghaidh Idirphlé Éascaitheach 2018 agus maidir le cur chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC).
Ba dhíol sásaimh do na hairí freisin na conclúidí a glacadh ar an 10 Deireadh Fómhair i dtaca leis an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide. D'athdhearbhaigh an tAontas gona Bhallstáit go bhfuil siad meáite go hiomlán ar rannchuidiú le sprioc chomhchoiteann na dtíortha forbartha USD 100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh faoi 2020, agus uaidh sin go 2025.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhaontú Pháras agus ullmhúcháin do na cruinnithe maidir le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide
- Conclúidí ón gComhairle maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraitheaeráide - 10/10/2017
- Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, preaseisiúint ón 17 Deireadh Fómhair 2017
- Amlíne - Comhaontú Pháras
Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais i ndáil leis an 3ú ceann de chruinnithe ag Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-3), a bheidh ar siúl ón 4-6 Nollaig 2017 in Nairobi agus an truailliú mar théama uileghabhálach aige.
Léirítear go soiléir leis na conclúidí sin a thiomanta atá an tAontas ár dtimpeallacht a chosaint agus tionchar an truaillithe ar ár bpláinéad a laghdú.
Rannchuideoidh na hairí go gníomhach le roinnt rún agus le roinnt gealltanais shaorálacha d'fhonn tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun dul i ngleic leis na cineálacha éagsúla truaillithe.
Ag an lón oibre a bhí acu, bhí malartú tairbheach tuairimí idir na hairí agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Erik Solheim, mar ullmhúchán don tionól. Shainaithin siad réimsí chun gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh i gcoinne an truaillithe, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Bainistiú níos fearr ar thalamh agus ar fhoraoisí san Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun gealltanais Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh - 13/10/2017
Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhaontú Pháras agus an t-ullmhúchán do chruinnithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide - 13/10/2017
Conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don tríú cruinniú de chuid Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe - 13/10/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025