- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 26 Feabhra 2018 10:27
Cearta an duine: Conclúidí glactha ag an Aontas Eorpach maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh ag fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2018
Ar an 26 Feabhra 2017, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh ag fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2018.
Anois agus é 70 bliain ó rinneadh Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, léirítear sna conclúidí go dtacaíonn an tAontas Eorpach go láidir leis an ngealltanas ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe cur le tábhacht chearta an duine agus an cosc agus an tsíocháin inbhuanaithe a áirithiú mar thosaíocht i gcóras na Náisiún Aontaithe, trí dhul i ngleic le bunchúiseanna na gcoinbhleachtaí, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí i réimse chearta an duine. Athdhearbhaíonn an tAontas freisin a sheasamh láidir, gur luachanna uilíocha, doroinnte, idirspleácha agus idirghaolmhara iad cearta uile an duine.
Is ar bhonn bliantúil a ghlactar conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh ag fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine. Leagtar amach iontu na príomhthreonna gníomhaíochta don Aontas Eorpach ag fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine sna míonna atá romhainn.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024