Skip to content

Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn

Tá cearta an duine i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain.

Tiomantas an Aontais do chearta an duine

Conarthaí an Aontais Eorpaigh

Tá an urraim do chearta an duine ar cheann de luachanna bunaidh an Aontais Eorpaigh agus is gné bhunúsach dá chaidreamh seachtrach í.

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad san áireamh.

Airteagal 2, Conradh ar an Aontas Eorpach

Sonraítear i gconarthaí an Aontais go mbeidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an comhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

An Chairt um Chearta Bunúsacha

Tá institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, chomh maith leis na Ballstáit, faoi cheangal ag an gCairt um Chearta Bunúsacha agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Ní mór dóibh an chairt a urramú freisin i gcaidreamh seachtrach an Aontais.

Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Leis an Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine, a glacadh an 10 Nollaig 1948, réitíodh an bealach don dlí um chearta an duine atá i bhfeidhm sa domhan ó shin. Príomhthagairt a bhí sa Dearbhú do dhréachtóirí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, a osclaíodh lena shíniú an 4 Samhain 1950 agus a tháinig i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1953.

Tá gach ceann de 27 dtír an Aontais tar éis an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a shíniú. Tá an tAontas faoi cheangal ag a chonarthaí aontú don choinbhinsiún.

Colláis ina gcruthaíonn gnéithe aghaidhe ceathrar éagsúil aghaidh amháin.

An beartas um chearta an duine

Féachann an tAontas le cearta an duine a ionchorprú ina ghníomhaíocht sheachtrach uile, lena n-áirítear beartais trádála, imirce agus comhshaoil. Ní mór do gach comhaontú a shíníonn an tAontas a bheith i gcomhréir le cearta an duine.

Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine agus an daonlathas

Is é an Plean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, a glacadh i mí na Samhna 2020, an bhuntreoir le haghaidh obair an Aontais maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain don tréimhse 2020-2024. An 27 Bealtaine 2024, chinn an tAontas síneadh a chur leis an bplean gníomhaíochta go dtí 2027.

Bunaithe ar chúig cinn de línte gníomhaíochta atá an plean:

  • daoine aonair a chosaint agus a chumhachtú
  • sochaithe athléimneacha, cuimsitheacha agus daonlathacha a chothú
  • córas domhanda a chur chun cinn le haghaidh chearta an duine agus an daonlathais
  • teicneolaíochtaí nua: deiseanna a thapú agus dúshláin a ghleic
  • beart a dhéanamh trí bheith ag obair le chéile

Na tuarascálacha bliantúla maidir le cearta an duine agus an daonlathas

Is forléargas cuimsitheach í an tuarascáil bhliantúil maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar iarrachtaí agus ar éachtaí an Aontais, agus ar na dúshláin atá romhainn maidir le domhan a chothú ina n-urramaítear cearta an duine, ina gcloítear le prionsabail an daonlathais, agus ina gcosnaítear dínit agus saoirse gach duine aonair.

Ionadaí speisialta an Aontais um chearta an duine

Is é an ról atá ag ionadaí speisialta an Aontais um chearta an duine feabhas a chur ar éifeachtacht, infheictheacht agus comhsheasmhacht bheartas an Aontais maidir le cearta an duine ina ghníomhaíocht sheachtrach agus insint dhearfach a fhorbairt maidir le cearta an duine.

Chomh maith leis an gcaidreamh a bhíonn ag an ionadaí leis na Náisiúin Aontaithe, bíonn na cúramaí seo a leanas ar an ionadaí:

  • cathaoirleacht a dhéanamh ar idirphlé maidir le cearta an duine le tíortha nach bhfuil san Aontas
  • oibriú leis an gcomhar polaitiúil a dhoimhniú leis na comhpháirtithe ábhartha
  • aird a tharraingt ar sháruithe ar chearta an duine a bhfuil freagairt phráinneach ag teastáil ina leith
  • comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn
  • oibriú chun tacú leis an gceartas coiriúil idirnáisiúnta

Is é Kajsa Ollongren an t-ionadaí speisialta reatha um chearta an duine.

Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine

Tá roinnt treoirlínte maidir le cearta an duine glactha ag an Aontas, lena dtugtar treoracha praiticiúla, atá bunaithe ar a chuid tosaíochtaí, do lucht ceaptha beartas an Aontais, do na Ballstát agus do thoscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain.

Cumhdaítear leis na treoirlínte, mar shampla, céasadh agus drochíde, pionós an bháis, saoirse reiligiúin nó creidimh, cearta leanaí, cosaint do theachtadh chearta uile an duine ag daoine LGBTI, foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, agus saoirse chun tuairimí a nochtadh ar líne agus as líne.

Tuilleadh eolais:

An chaoi a gcuireann an tAontas a bheartas um chearta an duine chun feidhme

Tá réimse leathan ionstraimí ag an Aontas chun a bheartas um chearta an duine a chur chun feidhme. I measc na n-ionstraimí sin tá an t-idirphlé maidir le cearta an duine, ráitis agus cineálacha eile rannpháirtíochta i bhfóraim iltaobhacha, tionscadail agus cláir, agus i misin bhreathnóireachta toghcháin de chuid an Aontais.

Idirphlé an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine

Bíonn idirphlé rialta ag an Aontas le tíortha nach tíortha den Aontas iad agus grúpálacha réigiúnacha maidir le cearta an duine. Cuirtear gach idirphlé ar bun i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir le hidirphlé i dtaca le cearta an duine, a ghlac an Chomhairle in 2001 agus a tugadh cothrom le dáta an uair dheireanach in 2021.

Déanann an Chomhairle measúnú ar staid chearta an duine sa tír atá i gceist agus cinneann sí cé acu an iomchuí nó nach iomchuí tús a chur le hidirphlé leis an tír sin trí chonclúidí a ghlacadh.

I gcaitheamh na mblianta, bunaíodh idirphlé maidir le cearta an duine le tuairim agus 60 tír agus grúpáil réigiúnacha ar fud an domhain. Leis an idirphlé sin, cuirtear ardán ar fáil chun ábhair imní maidir le cearta an duine a ardú, dea-chleachtais a mhalartú agus comhar déthaobhach agus iltaobhach a neartú.

Rannpháirtíocht i bhfóraim iltaobhacha

Tá an Chomhairle i gceannas ar na tosaíochtaí straitéiseacha don Aontas Eorpach a leagan síos laistigh d’fhóraim na Náisiún Aontaithe do chearta an duine. Chuige sin, glacann sí conclúidí uair sa bhliain lena leagtar amach na príomhthreonna gníomhaíochta don Aontas, lena n-áirítear ag an gComhairle um Chearta an Duine.

Sna conclúidí uaithi a glacadh i mí Eanáir 2025, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir nach mór do gach duine a bheith tiomanta don iltaobhachas agus don ord idirnáisiúnta, bunaithe ar na Náisiúin Aontaithe, chun go mbeidh dlíthe agus noirm níos láidre ná coinbhleacht. Chuige sin, leanfaidh an tAontas de bheith ag comhoibriú le réigiúin uile an domhain, agus cuirfidh sé feabhas ar an gcomhar leis na tíortha atá ar aon intinn leis.

Díreoidh an tAontas freisin ar chuntasacht a chinntiú, agus ar iarrachtaí a mhéadú i dtreo an chomhionannais inscne. Leanfaidh an tAontas dá chuid oibre chun deireadh a chur le tuilleadh sáruithe ar chearta an duine ar fud an domhain agus iad a chosc, ina measc i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus i gcomhthéacs na staide sa Mheánoirthear, go háirithe Gaza.

Clár téamach um chearta an duine agus an daonlathas

Tá an clár téamach um chearta an duine agus an daonlathas ar cheann de na cláir atá faoin ionstraim um chomharsanacht, forbairt agus comhar idirnáisiúnta – clár an Aontais le haghaidh cistí gníomhaíochta seachtraí do 2021-2027. Tá buiséad €1.5 billiún aige.

Cuireann an clár an neamhspleáchas gníomhaíochta ar fáil, toisc go ndéantar foráil ann maidir leis an gcomhar díreach le cosantóirí chearta an duine agus le heagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta gan gá le formheas na n-údarás náisiúnta.

Ina theannta sin, tá raon feidhme domhanda aige agus is féidir é a úsáid chun tacú le cearta an duine áit ar bith lasmuigh den Aontas Eorpach; bíonn sé ag feidhmiú ar fud an domhain ar leibhéil náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta.

Misin Bhreathnóireachta Toghcháin

Is cuid bhunúsach de ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh iad misin bhreathnóireachta toghcháin an Aontais chun an daonlathas, cearta an duine agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chur chun cinn ar fud an domhain.

Is é is aidhm do na misin bhreathnóireachta toghcháin:

  • muinín an phobail i dtoghcháin a neartú
  • an rannpháirtíocht shibhialta a spreagadh
  • an chalaois a dhíspreagadh
  • measúnú eolasach, neamhchlaonta agus fíorasach a sholáthar ar phróiseas toghcháin

San fhadtéarma, tá sé d’aidhm acu freisin an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar an gcreat foriomlán toghcháin agus ar an gcomhthéacs ina reáchtáiltear toghcháin
  • neamhspleáchas agus cuntasacht na n-institiúidí stáit a neartú
  • athléimneacht na dtíortha comhpháirtíochta a fheabhsú trí thacú leis an dea-rialachas
  • an choinbhleacht a d’fhéadfadh a eascairt de bharr toghcháin a mhaolú

Ó 2000 i leith, tá breis agus 180 misean breathnóireachta toghcháin imscartha ag an Aontas i mbreis agus 65 thír.

Déanann an tAontas Eorpach misin bhreathnóireachta toghcháin a imscaradh chuig tíortha ar fud an domhain, cé is moite de na réigiúin a chumhdaítear leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE). Is é ESCE a bhreathnaíonn ar phróisis toghcháin sna Ballstáit.

Smachtbhannaí a bhaineann le cearta an duine

Is féidir leis an Aontas smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis ar fud an domhain mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine.

Féach freisin

Cearta an duine

Cearta an duine

Colm bán ar eitilt in aice le leabhar oscailte, agus ciorcal buí sa chúlra.
Cearta bunúsacha san Aontas

Cearta bunúsacha san Aontas

Bean agus lámh san aer aici agus í i mbun agóide.
Smachtbhannaí in aghaidh sáruithe ar chearta an duine

Smachtbhannaí in aghaidh sáruithe ar chearta an duine

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Bealtaine 2026