Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 26/02/2018, 26 Feabhra 2018

Na príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Ag tús an chruinnithe a bhí acu, phléigh an tArdionadaí agus airí gnóthaí eachtracha an Aontais an staid in Oirthear Ghouta, an tSiria. D'iarr siad go gcuirfí chun feidhme láithreacht rún 2401 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a glacadh ar an 24 Feabhra, ina n-éilítear ar na páirtithe uile deireadh a chur leis an gcogaíocht gan mhoill.

Táimid ag súil go gcuirfear an rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a glacadh le déanaí chun feidhme ina iomláine, láithreach bonn. Cuirfidh mé litir inniu chuig airí gnóthaí eachtracha na trí ráthóir ar phróiseas Astana - an Rúis, an Tuirc agus an Iaráin - le hiarraidh orthu obair a dhéanamh chun an rún a chur chun feidhme. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Veiniséala

Labhair an Chomhairle faoina bhfuil tarlaithe le déanaí i Veiniséala, lena n-áirítear an t-anchás daonnúil sa tír agus a cuid comharsana, ós rud é gur fhág 1.5 mhilliún an Veiniséala cheana féin. Bhí malartú tuairimí acu maidir leis an tsáinn pholaitiúil sa tír, le hidirphlé Santo Domingo idir an rialtas agus an freasúra agus na toghcháin Uachtaránachta a bhí le tarlú ar an 22 Aibreán curtha ar fionraí. Chuir na hairí gnóthaí eachtracha in iúl a ndlúthpháirtíocht leis an Spáinn tar éis d'údarás Veiniséala cinneadh a dhéanamh dearbhú gur persona non grata é Ambasadóir na Spáinne. Chomhaontaigh na hairí gnóthaí eachtracha leanúint leis an dlúthfhaireachán ar an staid agus bealaí cumarsáide a choinneáil oscailte, leis an bhfreasúra agus leis an rialtas araon.

Táimid ag súil le saorthoghcháin chóra, agus go bhféadfaidh gach páirtí polaitiúil a bheith rannpháirteach sa phróiseas polaitiúil. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Próiseas síochána an Mheánoirthir

Bhí lón ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus ag an Ardionadaí le hArdrúnaí Léig na nArabach, Ahmed Aboul Gheit, agus airí gnóthaí eachtracha, comhaltaí ó thoscaireacht airí LAS maidir le hIarúsailéim faoi chathaoirleacht na hIordáine, agus an Éigipt, an Araib Shádach, an Iordáin, Maracó, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus an tÚdarás Palaistíneach san áireamh.

Phléigh siad slite chun próiseas síochána an Mheánoirthir a athbheochan ar bhealach cuimsitheach, leis an gcuspóir réiteach dhá-stát a bhaint amach, le hIarúsailéim mar phríomhchathair don dá stát amach anseo. Phléigh siad freisin a thábhachtaí atá sé borradh a chur le tacaíocht chomhchoiteann idirnáisiúnta do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA).

An Mholdóiv

Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha i dtaobh Phoblacht na Moldóive. Ghlac an Chomhairle conclúidí ag deireadh na díospóireachta. Sa phlé, d'athdhearbhaigh airí gnóthaí eachtracha a thiomanta atá an tAontas an caidreamh déthaobhach a neartú. Chuir siad i bhfios freisin a riachtanaí atá leanúint ar aghaidh na príomh-athchóirithe a chur chun feidhme, chun leas shaoránaigh na Moldóive.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024