Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 4 Márta 2019 10:35

Is gearr uainn anois gur fusa a bheidh sé dálaí bóthair gan íoc a aisghabháil a bhuí le rialacha nua i dtaca le dolaí leictreonacha bóthair

D'fhéadfadh nach mbeadh a leithéid de rud ann agus dolaí leictreonacha gan íoc amach anseo, agus córas nua comhroinnte faisnéise á chur ar bun ag an Aontas lena mbeidh údaráis náisiúnta na mBallstáit in ann rochtain a fháil ar shonraí clárúcháin feithiclí náisiúnta a chéile, d'fhonn úinéirí feithiclí nár íocadh táillí bóthair ina leith a shainaithint. Tá an córas nua mar chuid de na rialacha nuashonraithe i dtaca le dolaí leictreonacha bóthair a ghlac an Chomhairle go foirmiúil inniu, tar éis an mhargaidh shealadaigh ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa ar an 20 Samhain 2018.

Ní hamháin sin ach, a bhuí leis na rialacha nua, beidh córais ríomhbhailiúcháin dolaí níos idir-inoibrithí agus ar an gcaoi chéanna beidh siad níos costéifeachtaí agus níos soláimhsithe. Cuirfear deireadh leis na bacainní riaracháin amhail nósanna imeachta formheasa, agus sonraíochtaí teicniúla áitiúla neamhchaighdeánacha. Dá bharr sin, beidh rochtain níos fusa ag soláthraithe ríomhbhailiúcháin dolaí ar mhargadh an bhailiúcháin dolaí.

Na chéad chéimeanna eile

Le vóta na Comhairle inniu, tugtar i gcrích an nós imeachta reachtach. Bhí vóta i bParlaimint na hEorpa ar an 14 Feabhra 2019. Déanfaidh an dá hinstitiúid an treoir a shíniú agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í. Tiocfaidh sí i bhfeidhm 20 lá tar éis a foilsithe, beidh na bearta nua infheidhme 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach sin.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024