Iompar
An chaoi a ndéanann an tAontas an t-iompar níos glaine, níos éifeachtúla agus níos iomaíche, agus an chaoi a gcosnaíonn sé paisinéirí.
Tá gluaiseacht daoine agus earraí lárnach do gheilleagar agus rathúnas na hEorpa.
Oibríonn tíortha an Aontais le chéile chun córas iompair níos nasctha agus níos inbhuanaithe a thógáil san Aontas, córas ina n-áirithítear sábháilteacht agus cearta paisinéirí.
Iompar níos glaine
Tá dícharbónú na hearnála iompair ríthábhachtach chun spriocanna aeráide an Aontais faoin gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach.
Is é is aidhm do rialacha an Aontais an t-iompar a dhéanamh níos inbhuanaithe trí chaighdeáin astaíochtaí a leagan síos d’fheithiclí bóthair, trí bhreoslaí níos glaise a chur chun cinn agus trí thacú le soghluaisteacht níos glaine.
Córas iompair Eorpach iomaíoch
Tá naisc níos fearr ar fud an Aontais ríthábhachtach d’earnáil iompair níos iomaíche.
Is príomhthionscadal é an gréasán tras-Eorpach iompair lena bhforbraítear bonneagar iompair éifeachtúil ardcháilíochta ar fud an Aontais.
Is é an sprioc atá aige tíortha a nascadh ar bhealach níos fearr chun rochtain níos éasca a thabhairt ar phoist agus ar sheirbhísí, agus trádáil agus fás eacnamaíoch a chumasú.
Sábháilteacht
Tá sé d’aidhm ag an Aontas na caighdeáin is airde sábháilteachta agus slándála a chur ar fáil ar fud na modhanna iompair uile.
I measc na mbeart is déanaí de chuid an Aontais tá rialacha níos déine maidir le hiompar de bhóthar agus iompar muirí.
Cearta paisinéirí
Cinntíonn dlí an Aontais ní hamháin go bhfuil sé de cheart ag daoine taisteal gan bhac sna 27 mBallstát, agus cúiteamh a fháil i gcás moilleanna agus cealuithe turais.
Cosnaítear cearta paisinéirí ar gach cineál taistil - aer, iarnród, long agus bus.
An scéala is déanaí
An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú faoi rialacha soiléirithe maidir le dolaí bóthair agus muirir úsáideoirí le haghaidh feithiclí tromshaothair Council greenlights rules for a more circular automotive sector An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí
Na blaisíní breise is déanaí
Iompar de bhóthar
Strengthening military mobility in the EU
Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026