Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 04/03/2019, 4 Márta 2019

Na príomhthorthaí

Boinn a lipéadú

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta i leith an athbhreithnithe ar an rialachán maidir le boinn a lipéadú. Leis an athbhreithniú tugtar na lipéid feidhmíochta fuinnimh agus sábháilteachta do bhoinn cothrom le dáta agus cuirtear síneadh le raon feidhme an chórais lipéadaithe chuig boinn i gcomhair feithiclí tromshaothair. Leis na ceanglais nua maidir leis an lipéad a chur ar taispeáint, le haghaidh taispeána agus díolacháin idirlín san áireamh mar aon le forálacha forfheidhmithe neartaithe, cuirfear feabhas ar an infheictheacht do chustaiméirí agus cinnteofar go mbeidh siad iomlán ar an eolas agus iad ag déanamh cinntí maidir le ceannach. Meastar go rachfar i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa san fhómhar.

Fís straitéiseach do gheilleagar a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí le linn seisiún poiblí maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A Clean Planet for all: A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy [Plainéad Glan do Chách: Fís straitéiseach fhadtéarmach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de]. Is é seo ceann amháin de shraith díospóireachtaí ar an ábhar sin a tionóladh i bhfoirmíochtaí éagsúla na Comhairle le linn an tseimeastair reatha. Bhí an plé dírithe ar ghnéithe den fhís straitéiseach a bhaineann le fuinneamh. Bhí roinnt ceisteanna a mhol an uachtaránacht lena dtugtar aghaidh ar athruithe struchtúracha is gá sa chóras fuinnimh, ar réitigh nua teicneolaíochta agus ar an ngá le "haistriú cothrom” mar threoir aige.

Bhí díospóireacht chuiditheach againn maidir le saincheisteanna na físe straitéisí fadtéarmaí do gheilleagar a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide a bhaineann le fuinneamh. Is gné thábhachtach i mbeartas aeráide an Aontais é an t-aistriú chuig fuinneamh glan. Tá mórán bainte amach againn cheana féin le blianta beaga anuas chun an t-aistriú sin a thabhairt i gcrích, an pacáiste fuinnimh ghlain a tugadh chun críche anuraidh go háirithe. Rinneamar ár machnamh inniu ar an mbealach chun cur leis an dul chun cinn sin agus tuilleadh a dhéanamh amach anseo. Anton Anton, Aire Fuinnimh na Rómáine agus cathaoirleach na Comhairle
Príomhphointí ón gComhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh) a tionóladh sa Bhruiséil ar an 4 Márta 2019.

Míreanna eile ar an gclár oibre

Faoi aon ghnó eile cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha i dtaca leis an treoir maidir le gás. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an gcomhad sin ar an 12 Feabhra 2019 agus d’fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais é ar an 20 Feabhra 2019.

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoi staid na himeartha sa chaibidlíocht maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025