- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 4 Samhain 2020 17:03
InvestEU: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le togra athbhreithnithe ón gCoimisiún
Chomhaontaigh ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas sainordú páirteach na Comhairle don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le togra athbhreithnithe ón gCoimisiún do chlár InvestEU.
Is é is aidhm do InvestEU rannpháirtíocht infheisteoirí poiblí agus príobháideacha in oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a spreagadh trí ráthaíochtaí ó bhuiséad an Aontais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar chlistí agus ar chásanna infheistíochta fo-optamacha. Thíolaic an Coimisiún togra athbhreithnithe don chlár sin mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil athbhreithnithe agus den phacáiste téarnaimh i mí na Bealtaine 2020. Gné lárnach den togra athbhreithnithe ba ea an cúigiú hionú a thabhairt isteach d’infheistíochtaí straitéiseacha Eorpacha de bhreis ar na hionuithe beartais a moladh roimhe seo maidir le bonneagar inbhuanaithe, taighde, nuálaíocht agus digitiú, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus infheistíocht shóisialta agus scileanna.
Mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-21 Iúil, rinne an Chomhairle an fhuinneog straitéiseach d’infheistíocht Eorpach a chomhtháthú leis na ceithre ionú beartais eile. Mar thoradh air sin, féadfar tacú le faighteoirí deiridh a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint lena ngníomhaíochtaí don Aontas, go háirithe i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha, na hathléimneachta feabhsaithe agus luachshlabhraí straitéiseach a neartú.
Ina theannta sin, daingníonn an Chomhairle an Scéim um Aistriú Cóir faoi InvestEU mar an dara colún den Shásra um Aistriú Cóir, sa rialachán InvestEU. Bunófar an scéim go cothrománach ar fud na n-ionuithe beartais chun tacú le hinfheistíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo aeráidneodracht an Aontais faoi 2050, agus chun sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach, rud a rachaidh chun tairbhe do na críocha is mó atá faoi thionchar diúltach.
Ar bhonn na treorach a fuarthas ón gComhairle Eorpach i mí Iúil, léirigh an Chomhairle gur fiú €23.5 billiún ráthaíocht an Aontais do chlár InvestEU, atá le soláthar ag ráta 40 %. Leithdháilfear ráthaíocht an Aontais ar fud na gceithre ionú beartais mar seo a leanas:
- 35 % don ionú bonneagair inbhuanaithe
- 27.5 % don ionú taighde, nuálaíochta agus digitithe
- 27.5 % d’ionú na bhfiontar beag agus mheánmhéide
- 10 % don ionú infheistíochta sóisialta agus scileanna
Maidir le codanna eile den togra InvestEU, amhail an rialachas, léirítear leis an seasamh ón gComhairle an chomhthuiscint ar ar thángthas le Parlaimint na hEorpa i mí Aibreáin 2019.
Na chéad chéimeanna eile
Meastar go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a sainordú comhaontaithe ag an bParlaimint.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024