- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 11 Samhain 2020 18:20
Na prionsabail lárnacha don gheilleagar domhanda spáis: conclúidí glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh
Ghlac an Chomhairle tacar conclúidí dar teideal "Treoshuíomhanna i ndáil leis an rannchuidiú Eorpach chun prionsabail lárnacha a bhunú don gheilleagar domhanda spáis" mar ullmhúchán don deichiú cruinniú de chuid na Comhairle um an Spás, a bheidh ar siúl trí fhíschomhdháil an 20 Samhain 2020. Tá treoshuíomhanna tábhachtacha sa téacs maidir le beartas spáis na hEorpa amach anseo.
Sna conclúidí sin, tugann an Chomhairle dá haire agus is díol sásaimh di teacht chun cinn tionscal Eorpach spáis agus slabhraí soláthair atá thar a bheith iomaíoch, lena gcuirtear ar chumas na hEorpa páirt a ghlacadh i bhfás domhanda an gheilleagair spáis agus cur leis an bhfás sin. Iarrann sí ar na gníomhaithe uile a ndícheall a dhéanamh cothrom na Féinne agus geilleagair oscailte a chinntiú ar fud an domhain, ina mbeidh saorthrádáil chóir, ar bhonn réitigh iltaobhacha agus cómhalartachta in earnáil an spáis.
D'fhonn uathriail, slándáil agus athléimneacht Eorpach spáis a chothú, cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir gur gá don Eoraip a bheith neamhspleách ó thaobh na teicneolaíochta de agus meabhraítear di gur gá rochtain shlán, uathrialach, iontaofa, chostéifeachtach agus inacmhainne ar an spás a choinneáil. Dírítear aird ar leith ar bhainistiú an spástráchta agus ar chibearshlándáil an spáis, ina leagtar béim ar an ngá atá le cur chuige comhordaithe Eorpach.
Chun na spriocanna sin a bhaint amach, cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na gníomhaíochtaí comhordaithe a dhéanann an tAontas Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus a mBallstáit faoi seach, bunaithe ar na hinniúlachtaí comhthreomhara agus ar na cúraimí agus na freagrachtaí faoi seach, agus urraim iomlán á tabhairt don socrú institiúideach agus do na creataí oibríochtúla chun an Beartas Eorpach Spáis a neartú.
Cúlra
Is comhchruinniú comhchéimneach é an Chomhairle um an Spás de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Iomaíochas – Cumraíocht spáis) agus Chomhairle GSE ar leibhéal na n-airí. Is fóram é lenar féidir leis an Aontas agus le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhair maidir le beartas spáis na hEorpa. Tá GSE comhdhéanta de na 22 Bhallstát seo a leanas: An Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn agus an tSualainn (ar Ballstáit Aontais iad freisin) + an Ríocht Aontaithe, an Iorua agus an Eilvéis. Suíonn Ceanada sa Chomhairle freisin agus glacann sé páirt i roinnt tionscadal faoi Chomhaontú Comhair. Is Comhalta Comhlach í an tSlóivéin. Tá Comhaontuithe Comhair le GSE i seacht mBallstát eile de chuid an Aontais: An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta agus an tSlóvaic.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025