- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 27 Samhain 2020 19:55
Rialachán idirthréimhseach CBT: comhaontú neamhfhoirmiúil maidir le conas feirmeoirí a chistiú
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa maidir le conas na rialacha CBT atá ann faoi láthair a shíneadh go dtí deireadh 2022 agus conas an €8.07 billiún breise ón ionstraim théarnaimh Eorpach d’fheirmeoirí na hEorpa a scaipeadh. Eascraíonn an comhaontú neamhfhoirmiúil seo as comhaontú tosaigh ó mhí an Mheithimh.
Leagtar amach sa chomhaontú neamhfhoirmiúil go scoiltfear an t-airgead aisghabhála laistigh den dá bhliain atá romhainn: Beidh 30 % den €8.07 billiún ar fáil in 2021 agus 70 % in 2022. Cuireann an comhaontú de chúram ar na Ballstáit tuairim is aon trian den bhuiséad iomlán (37 %) a chinntiú le haghaidh bearta glasa agus bearta leasa ainmhithe agus níos mó ná leath den bhuiséad iomlán (55 %) do bhearta a bhaineann leis an gclaochlú sóisialta agus digiteach. Tá na hidirbheartaithe ag súil go gcuideodh na bearta sin dlús a chur leis an aistriú chuig cleachtais amhail an fheirmeoireacht bheacht agus chliste, rochtain ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide ar ardchaighdeán i gceantair thuaithe a fheabhsú agus margaí áitiúla a neartú.
Chomhaontaigh na hidirbheartaithe freisin síneadh sé mhí a chur le cur i bhfeidhm na tacaíochta eisceachtúla sealadaí d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá thíos le géarchéim COVID-19. D’aontaigh siad freisin go leanfaidh na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus na hoileáin Aeigéacha bheaga de bheith ag fáil na méideanna céanna tacaíochta airgeadais in 2021 agus in 2022 agus a leagtar amach sna rialacha atá ann faoi láthair.
Ní mór do Choiste Speisialta na Comhairle um Thalmhaíocht an téacs a caibidlíodh a fhormhuiniú agus cuirfear faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa é lena ghlacadh go críochnaitheach, a luaithe is féidir.
Teagmhálaithe preasa
-
Magdalena Walczak-Jarosz Press officer
- +32 471 33 57 03
- +32 2 281 80 79
- @Magda_Brussels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025