- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 22 Feabhra 2021 11:12
Cearta an duine: Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2021
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2021. Athdhearbhaítear sna conclúidí go bhfuil an tAontas tiomanta cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, agus go seasann sé gualainn ar ghualainn le dreamanna eile chun tacú le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine mar bhunchloch dá ghníomhaíocht sheachtrach.
I gcomhthéacs phaindéim COVID-19 go háirithe, cinnteoidh an tAontas go mbeidh cearta uile an duine ina ndlúthchuid dá fhreagairt ar an bpaindéim agus den téarnamh domhanda.
Leanfaidh an tAontas d’fhaireachán a dhéanamh ar staid chearta an duine ar fud an domhain agus cáinfidh sé go géar sáruithe agus mí-úsáidí chearta an duine cibé áit a dtarlaíonn siad, agus leas á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil, lena n-áirítear Córas Domhanda an Aontais maidir le Smachtbhannaí um Chearta an Duine.
Tacóidh an tAontas go hiomlán le hobair agus le sainordú Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus a hoifige, agus iarrfaidh sé ar gach stát a neamhspleáchas a urramú agus comhoibriú chun go gcuirfear a sainordú i gcrích go héifeachtach, agus maoiniú leordhóthanach a chinntiú.
Leanfaidh an tAontas d’úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun a ghealltanais maidir le cearta an duine a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd faoi chuimsiú Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus aon fhóraim ábhartha eile.
Is go bliantúil a ghlactar conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe um chearta an duine.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024