Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22 Feabhra 2021

Na príomhthorthaí

An Rúis

Bhí plé cuimsitheach straitéiseach ag an gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Rúis.

Ag an díospóireacht, thángthas ar mheasúnú comhpháirteach gur ag imeacht ón Eoraip agus ag dul i dtreo stáit fhorlámhaigh a bhí an Rúis. D'athdhearbhaigh na hairí go raibh siad uile ar aon intinn, agus phléigh siad mar a d'fhéadfaí an caidreamh leis an Rúis a fhorbairt faoi chuimsiú na gcúig threoirphrionsabal gur dhírigh ar an méid seo a leanas: sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine a dhiongbháil, sáruithe lena ngabhann bréagaisnéis agus cibear-ionsaithe, ach dul i ngleic le saincheisteanna is ábhartha do leas an Aontais.

I bhfianaise na bhforbairtí is déanaí, chomhaontaigh na hairí leanúint den obair maidir le pé bearta sriantacha a fhorchuirfear amach anseo mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
I dtaca lenar tharla don Uasal Navalny agus mar fhreagra ar na himeachtaí sin, thángamar ar chomhaontú polaitiúil chun bearta sriantacha a fhorchur orthu siúd a bhí freagrach as é a ghabháil, as an bpianbhreith a gearradh air, agus as géarleanúint a dhéanamh air. Den chéad uair riamh, bainfimid úsáid as córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine chun na críche sin.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Chomhaontaigh siad freisin níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh siúd uile sa tír atá ag cosaint na saoirsí polaitiúla agus sibhialta.

Na príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha a tionóladh sa Bhruiséil an 22 Feabhra 2021

Físchomhdháil le Antony Blinken, Státrúnaí na Stát Aontaithe

Rinne an Chomhairle tuairimí a mhalartú, trí fhíschomhdháil, le Antony Blinken, Státrúnaí nua na Stát Aontaithe, maidir le clár oibre téagartha don chomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i dtaca le saincheisteanna tábhachtacha domhanda, eachtracha agus slándála.

Ba in é an chéad idirghníomhaíocht ardleibhéil idir an tAontas agus rialtas nua SAM, nach bhfuil i mbun oifige ach le mí anuas. Léiríodh sa phlé a bhí eatarthu go bhfuil sé ar intinn ag na páirtithe, ní hamháin an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a dhoimhniú, ach go bhfuil rún acu freisin ceannaireacht chomhpháirteach dhomhanda a chruthú chun dul i ngleic leis an bpaindéim agus chun déileáil leis an téarnamh, chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun luachanna daonlathacha a chur chun cinn.

Pléadh deiseanna agus dúshláin idirnáisiúnta amhail an caidreamh leis an tSín, leis an Rúis, agus leis an Iaráin, agus cúrsaí slándála agus cosanta.

Hong Cong

Tá cúrsaí ag dul in olcas i Hong Cong; cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin agus tháinig sí ar chomhaontú maidir le tacar gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus níos fadtéarmaí, mar aon leis an bpacáiste freagartha tosaigh a glacadh i mí Iúil na bliana seo caite.

I measc na mbeart a dhéanfar láithreach, tá sé i gceist níos mó tacaíochta a thabhairt don tsochaí shibhialta, dlús a chur leis an gcomhordú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo féin, agus teanntás a dhéanamh ar na húdaráis ábhartha.

Tá cúrsaí ag dul in olcas i Hong Cong; thug an Chomhairle aghaidh freisin ar thionchar an scéil sin ar an gcaidreamh i gcoitinne leis an tSín.

Cúrsaí reatha

Chuir an tArdionadaí Borrell na hairí ar an eolas faoi Mhaenmar agus faoi fhreagairt an Aontais ar an gcoup míleata a tharla an 1 Feabhra; ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tsaincheist sin.

Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, dírithe ar an lucht míleata atá freagrach as an gcoup agus ar a leasanna eacnamaíocha. Cinneadh freisin go gcoinneofaí siar gach tacaíocht dhíreach airgeadais de chuid chúnamh um fhorbairt an Aontais do chláir athchóirithe an rialtais. Ag an am céanna, comhaontaíodh go leanfadh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus go gcuirfeadh sé bunseirbhísí ar fáil do mhuintir Mhaenmar.

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le tuarascáil Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, a thug cuairt ar an tSúdáin agus ar an Aetóip an 7-10 Feabhra, thar ceann an Ardionadaí. Chomhaontaigh na hairí go raibh géarghá le rochtain dhaonnúil iomlán láithreach ar Tigray. Chomhaontaigh siad freisin nach mór imscrúdú a dhéanamh ar na líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta an duine, deireadh a chur leis an bhforéigean eitneach agus leis an idirdhealú, agus urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta a ráthú.

Anuas air sin, phléigh an Chomhairle an staid mar atá san Iaráin, agus an dul chun cinn a rinneadh le déanaí sa réimse núicléach. Cuireadh chun suntais arís agus arís eile le linn an phlé nach mór tosú arís ar JCPOA a chur chun feidhme ina iomláine, ní hé amháin maidir le gealltanais núicléacha ach maidir le deireadh a chur leis na smachtbhannaí freisin.

Ar deireadh, tharraing an tArdionadaí anuas an meath atá ag teacht arís eile ar chúrsaí sa Bhealarúis agus an chniogbheartaíocht leanúnach atá á himirt ar chosantóirí chearta an duine, ar an tsochaí shibhialta agus ar iriseoirí. Dúirt sé go ndéanfadh an tAontas a mharana maidir le smachtbhannaí breise a ghlacadh, agus go dtacódh an tAontas le muintir na Bealarúise san iarraidh dhlisteanach atá déanta acu ar an daonlathas, trí thacú leis an tsochaí shibhialta agus trí phionós a ghearradh orthu siúd a dhiúltaíonn a mbunchearta dóibh.

Eile

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le téarnamh iar-COVID-19 atá bunaithe ar chearta an duine agus maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2021.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025