Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Márta 2021 13:00

An Libia: Deireadh curtha ag an Aontas le smachtbhannaí ar dhuine amháin

Chinn an Chomhairle gan Khalifa Ghwell, iar-Phríomh-Aire agus Aire Cosanta Chomhdháil Ghinearálta Náisiúnta na Libia, nach n-aithnítear go hidirnáisiúnta, a choimeád ar liosta na ndaoine aonair agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise an róil atá acu i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Libia i mbaol, nó a chuireann bac ar a haistriú polaitiúil a thabhairt chun críche go rathúil nó a bhaineann an bonn de.

Tá Khalifa Ghwell faoi réir bhearta sriantacha an Aontais – toirmeasc ar thaisteal agus reo sócmhainní – ó 2016 i leith, agus rachaidh a liostú reatha in éag an 2 Aibreán.

Is é is aidhm do bhearta sriantacha an Aontais athrú a dhéanamh ar bheartas nó gníomhaíocht eintiteas agus daoine aonair, atá freagrach as iompar urchóideach, agus is de chineál comhréireach, spriocdhírithe agus neamhphionósach iad. Is iomchuí díliostú i gcás nach gcomhlíontar na critéir maidir le liostú a thuilleadh.

Amach anseo, iarrann an tAontas i gcónaí ar an gcomhphobal idirnáisiúnta agus ar na gníomhaithe ábhartha uile sa Libia na Rúin uile ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh agus i ndáil leis an méid sin, meabhraíonn sé a ionstraim smachtbhannaí i gcoinne bacóirí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024