Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 16 Samhain 2021 00:45

Thángthas ar chomhaontú faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh do 2022

Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le buiséad an Aontais don bhliain 2022, ina leagtar síos gealltanais iomlána ag €169.5 billiún agus íocaíochtaí ag €170.6 billiún. Léirítear go soiléir i mbuiséad na bliana seo chugainn príomhthosaíochtaí an Aontais: téarnamh eacnamaíoch, an t-athrú aeráide a chomhrac, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Fágtar freisin dóthain acmhainní faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt ar riachtanais gan choinne.

Irena Drmaž, Aire toscaire na Slóivéine don chaibidlíocht maidir le buiséad an Aontais
Táimid tagtha ar shocrú cothrom, agus is dea-scéala é sin do na saoránaigh. Le buiséad na bliana seo chugainn cuirtear dóthain acmhainní ar fáil dár dtosaíochtaí, agus ag an am céanna áirithítear dóthain spás fioscach d’imthosca gan choinne. Leis an gcistiú a comhaontaíodh, cuirfear bonn taca faoin téarnamh atá ar siúl agus tacófar go mór leis na spriocanna aeráide agus digiteacha atá againn. Sa chomhthéacs sin, déanfar buiséad 2022 a chomhlánú le cistí Next Generation EU. Bhí sé mar thosaíocht ag Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle a chinntiú go dtiocfar ar chomhaontú in am maidir le buiséad dea-fheidhmiúil agus go bhfaighidh cáiníocóirí an luach is fearr is féidir ar a gcuid airgid. I gcomhar leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún, tá obair mhór déanta againn chun é a thabhairt chun críche.
Irena Drmaž, Aire toscaire na Slóivéine don chaibidlíocht maidir le buiséad an Aontais
Irena Drmaž, Aire toscaire na Slóivéine don chaibidlíocht maidir le buiséad an Aontais

Buiséad an Aontais 2022 (i milliúin €)

Gealltanais

Íocaíochtaí

Ceannteidil

1. An margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha

21 775.1

21 473.5

2. Comhtháthú agus luachanna

56 039.0

62 052.8

2.a Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

49 708.8

56 350.9

2.b Athléimneacht agus luachanna

6 330.2

5 701.8

3. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

56 235.4

56 601.8

4. Imirce agus bainistiú teorainneacha

3 091.2

3 078.3

5. Slándáil agus cosaint

1 785.3

1 237.9

6. An chomharsanacht agus an domhan

17 170.4

12 916.1

7. An riarachán poiblí Eorpach

10 620.1

10 620.2

Ionstraimí speisialta téamacha

2 799.2

2 622.8

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE

169 515.8

170 603.3

Leithreasuithe mar % de OIN 1.141.14

Na chéad chéimeanna eile

Tá 14 lá anois ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa chun an téacs comhpháirteach a fhormheas. Meastar go bhformheasfaidh an Chomhairle é an 23 Samhain agus an Pharlaimint an 25/26 Samhain.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024