"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), 12 Samhain 2021
Na príomhthorthaí
D’fhormhuinigh an Chomhairle comhaontú maidir le buiséad an Aontais do 2022, comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa. Socraíodh na gealltanais ag €169.5 billiún agus na híocaíochtaí ag €170.6 billiún.
Leis an gcomhaontú ar thángthas air sa choiste idir-réitigh, cinntítear buiséad stuama agus réalaíoch don chéad bhliain eile, rud a fhágfaidh go leor acmhainní faoi uasteorainneacha na gceannteideal le freagairt do dhúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
Táimid tagtha ar shocrú cothrom, agus is dea-scéala é sin do na saoránaigh. Le buiséad na bliana seo chugainn cuirtear dóthain acmhainní ar fáil dár dtosaíochtaí, agus ag an am céanna áirithítear dóthain spás fioscach d’imthosca gan choinne. Leis an gcistiú a comhaontaíodh, cuirfear bonn taca faoin téarnamh atá ar siúl agus tacófar go mór leis na spriocanna aeráide agus digiteacha atá againn. Sa chomhthéacs sin, déanfar buiséad 2022 a chomhlánú le cistí Next Generation EU. Bhí sé mar thosaíocht ag Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle a chinntiú go dtiocfar ar chomhaontú in am maidir le buiséad dea-fheidhmiúil agus go bhfaighidh cáiníocóirí an luach is fearr is féidir ar a gcuid airgid. I gcomhar leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún, tá obair mhór déanta againn chun é a thabhairt chun críche.
Irena Drmaž, Aire toscaire na Slóivéine don chaibidlíocht maidir le buiséad an Aontais
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.