- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Eanáir 2022 16:40
An Rúis: Síneadh curtha ag an Aontas le smachtbhannaí eacnamaíocha mar gheall ar an staid san Úcráin go ceann 6 mhí eile
Chinn an Chomhairle síneadh a chur leis na bearta sriantacha atá i bhfeidhm faoi láthair lena ndírítear ar earnálacha eacnamaíocha sonracha i gCónaidhm na Rúise, go ceann 6 mhí eile, go dtí an 31 Iúil 2022. Rinne an Chomhairle an cinneadh seo tar éis an mheasúnaithe is déanaí ar staid chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc – a bhí beartaithe a bheith déanta faoin 31 Nollaig 2015 – ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 16 Nollaig 2021.
Cuireann na smachtbhannaí atá i bhfeidhm, ar smachtbhannaí iad a tugadh isteach ar dtús an 31 Iúil 2014 mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise lena gcuirtear isteach ar chobhsaíocht na staide san Úcráin, srian ar an rochtain atá ag bainc agus cuideachtaí áirithe de chuid na Rúise ar mhargaí caipitil príomha agus tánaisteacha an Aontais agus cuirtear cosc ar chineálacha cúnaimh airgeadais agus bróicéireachta le hinstitiúidí airgeadais na Rúise. Leis na smachtbhannaí freisin, cuirtear cosc ar gach ábhar cosaintghaolmhar a allmhairiú, a onnmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, agus bunaítear leo toirmeasc ar earraí dé-úsáide le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoirí deiridh míleata sa Rúis. Cuireann na smachtbhannaí srian breise ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí íogaire áirithe is féidir a úsáid in earnáil fuinnimh na Rúise, mar shampla ar mhaithe le táirgeadh ola agus le taiscéalaíocht ola.
Cúlra
Le linn an mheasúnaithe ar staid chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 16 Nollaig 2021, mhol ceannairí an Aontais go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le formáid na Normainne mar bhealach chun comhaontuithe Mhionsc a chur chun feidhme go hiomlán. Ós rud é nach bhfuil na comhaontuithe sin curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an Rúis, chinn ceannairí an Aontais d’aon toil leanúint leis na smachtbhannaí eacnamaíocha atá i bhfeidhm i gcoinne na tíre.
Sa bhreis ar na smachtbhannaí eacnamaíocha, tá cineálacha éagsúla beart i bhfeidhm ag an Aontas mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar an gCrimé agus ar chathair Sevastopol, agus mar fhreagairt ar an díchobhsú a rinneadh d'aon ghnó ar an Úcráin. Áirítear orthu sin bearta taidhleoireachta, bearta sriantacha aonair (reo sócmhainní agus srianta ar thaisteal) agus srianta sonracha ar an gcaidreamh eacnamaíoch leis an gCrimé agus Sevastopol.
- An Rúis: Síneadh sé mhí curtha ag an Aontas le smachtbhannaí eacnamaíocha maidir le díchobhsú na hÚcráine (preaseisiúint, an 12 Iúil 2021)
- Bearta sriantacha an Aontais mar fhreagairt ar an ngéarchéim san Úcráin (leathanach beartais)
- Bileog eolais faoin gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin (SEGS)
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024