Cogadh na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí an Aontais
Tá smachtbhannaí ollmhóra, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, forchurtha ag an Aontas ar dhaoine aonair agus ar eintitis a bhfuil baint acu le mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Aidhm na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise
Tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar an Rúis ó mhí an Mhárta 2014 i leith mar fhreagairt ar:
- ionghabháil neamhdhleathach na Crimé (2014)
- ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin (2022)
- ionghabháil neamhdhleathach a rinneadh ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson na hÚcráine (2022)
Go dtí seo, glacadh 21 phacáiste smachtbhannaí. Cuireann na bearta sin leis an mbrú atá ar an Rúis agus díríonn siad ar gheilleagar cogaidh na Rúise, rud a thacaíonn leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur lena cogadh foghach brúidiúil ar an Úcráin.
Déantar grinnmhachnamh agus smachtbhannaí an Aontais á spriocdhíriú, agus ceaptar iad lena bheith comhréireach agus sealadach. Ciallaíonn sin go ndéantar athbhreithniú rialta orthu, agus gur féidir leis an Aontas cur leo, iad a mhaolú nó deireadh a chur leo má bhaintear amach cuspóirí an Aontais, nó má dhéantar céimeanna nithiúla i dtreo na cuspóirí sin a bhaint amach.
Ina theannta sin, ghlac an tAontas smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise, na hIaráine agus na Cóiré Thuaidh i bhfianaise a dtacaíochta do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Glacadh smachtbhannaí freisin mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine agus ar sháruithe sa Rúis agus ar bhagairtí agus feachtais hibrideacha na Rúise i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát.
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise: ceisteanna agus freagraí
Smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair agus eintiteas
Tá feidhm ag bearta sriantacha an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin maidir le beagnach 3 000 duine aonair agus eintiteas.
Áirítear iad seo a leanas ar na daoine ar forchuireadh smachtbhannaí ina leith:
Áirítear ar an liosta freisin daoine aonair atá freagrach as na nithe seo a leanas nó a bhfuil baint acu leo:
- ‘reifrinn’ agus ‘toghcháin’, mar a thugtar orthu, in 2022 agus in 2023 faoi seach, i gcríocha na hÚcráine
- na hainghníomhartha a rinneadh in Bucha agus in Mariupol
- ionsaithe diúracán ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar criticiúil
- díbirt, aistriú éigeantach agus uchtú neamhdhleathach leanaí Úcránacha
- athoideachas míleata a chur ar leanaí na hÚcráine
- amhais ón tSiria a earcú chun dul i mbun troda san Úcráin
- ladrainn a mhonarú agus a sholáthar
- teacht timpeall ar smachtbhannaí
- oibriú scáthchabhlach na Rúise
- oidhreacht chultúrtha na hÚcráine a chreachadh
Áirítear daoine aonair ón Iaráin, ón mBealarúis agus ó Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) ar an liosta freisin.
Ar na heintitis ar ar forchuireadh smachtbhannaí, tá:
- páirtithe polaitiúla
- na fórsaí armtha agus na grúpaí paraimíleata, lena n-áirítear an Grúpa Wagner
- bainc agus institiúidí airgeadais
- eagraíochtaí meán atá freagrach as bolscaireacht agus bréagaisnéis
- cuideachtaí in earnáil na cosanta agus a bhfuil baint acu le monarú ladrann
- cuideachtaí sna hearnálacha iompair agus fuinnimh
- cuideachtaí in earnálacha na heitlíochta, na longthógála agus na tógála meaisín
- cuideachtaí sna hearnálacha TF, teileachumarsáide agus árachais
- cuideachtaí a bhfuil baint acu le teacht timpeall ar smachtbhannaí
- comhlachtaí a bhfuil nasc acu le scáthchabhlach na Rúise
- PJSC Alrosa, an chuideachta mianadóireachta diamant is mó ar domhan
- an ghluaiseacht ‘All-Russia People’s Front’
- eagraíochtaí atá freagrach as síolteagasc agus athoideachas leanaí na hÚcráine
Tá cuideachtaí ó thríú tíortha faoi réir smachtbhannaí freisin i bhfianaise a dtacaíochta do chogadh na Rúise. Is i mí an Mhárta 2014 a tugadh na bearta sin isteach den chéad uair agus cuireadh síneadh leo go deireanach, go dtí an 15 Meán Fómhair 2026.
- Rialachán a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Ar na bearta sriantacha, tá:
Toirmeasc taistil
Ní féidir le daoine a bhfuiltear ag díriú orthu dul isteach i gcríocha an Aontais ná idirthuras a dhéanamh tríothu.
Reo sócmhainní
Reoitear sócmhainní uile na ndaoine aonair agus na n-eintiteas san Aontas atá faoi réir smachtbhannaí.
Bac ar chistiú
Ní féidir le daoine ná eintitis san Aontas aon chistí a chur ar fáil dóibh siúd atá faoi réir smachtbhannaí.
Smachtbhannaí eacnamaíocha
In 2014, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí eacnamaíocha a bhí dírithe ar mhalartuithe leis an Rúis in earnálacha eacnamaíocha ar leith, mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé.
I mí an Mhárta 2015, chinn ceannairí an Aontais an córas smachtbhannaí a bhí ann cheana a ailíniú le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, rud a bhí sceidealaithe a bheith ar siúl ag deireadh mhí na Nollag 2015.
Ó tharla nach ndearnadh sin, chuir an Chomhairle síneadh, go dtí an 31 Iúil 2016, leis na smachtbhannaí eacnamaíocha.
Ó mhí Iúil 2016 ar aghaidh, tá síneadh curtha leis na smachtbhannaí eacnamaíocha sin gach 6 mhí. Cuireadh síneadh leo atá i bhfeidhm faoi láthair go dtí an 31 Iúil 2027.
Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin in 2022, tá dlús curtha ag an Aontas leis na bearta faoin gcóras smachtbhannaí sin.
Díríonn smachtbhannaí eacnamaíocha ar earnálacha airgeadais, trádála, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta na Rúise, chomh maith le seirbhísí a chuirtear ar fáil don Rúis nó do náisiúnaigh Rúiseacha.
Díríonn siad ar an mBealarúis freisin, mar gheall ar chomhpháirteachas na tíre sin leis an Rúis agus leis an Iaráin, mar fhreagairt ar ladrainn a mhonarú agus a sholáthar.
Airgeadas
An chosaint agus an teicneolaíocht
Fuinneamh
Trádáil
Iompar
Seirbhísí
Seo forléargas ar na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na Rúise.
Airgeadas
Áirítear ar na bearta san earnáil airgeadais srianta ar rochtain na Rúise ar mhargaí caipitil agus airgeadais an Aontais agus toirmisc ar an méid seo a leanas:
- idirbhearta le hos cionn 100 banc de chuid na Rúise
- úsáid an 'Córas um Aistriú Teachtaireachtaí Airgeadais' (SPFS)
- rannpháirtíocht oibreoirí an Aontais i 'córas náisiúnta cártaí íocaíochta' (Mir) na Rúise nó sa 'córas mear-íocaíochtaí' (SBP)
- taiscí móra ó náisiúnaigh Rúiseacha i mbainc an Aontais
- infheistíocht i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise
- nótaí bainc atá ainmnithe in euro a sholáthar don Rúis
- idirbhearta i roinnt criptea-airgeadraí agus le roinnt criptea-ardán
- cripteashócmhainní agus comhairle maidir le hiontaobhais a sholáthar do náisiúnaigh Rúiseacha
Fuinneamh
Áirítear ar na bearta in earnáil an fhuinnimh caidhp phraghais a bhaineann le muiriompar ola agus táirgí peitriliam de chuid na Rúise agus oibleagáid maidir le fógra a thabhairt i dtaca le tancaeir GNL a dhíol. Áirítear leo freisin toirmisc ar an méid seo a leanas:
- allmhairiú amhola, táirgí peitriliam agus guail ón Rúis
- allmhairí táirgí peitriliam scagtha a dhéantar as ola na Rúise agus a thagann ó thíortha neamh-AE
- idirbhearta le liosta trádálaithe ola
- allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gáis peitriliam leachtaithe (GPL) ón Rúis
- idirbhearta a bhaineann le Nord Stream 1 agus Nord Stream 2
- acmhainneacht stórála gáis a sholáthar do náisiúnaigh Rúiseacha
- infheistíochtaí nua i dtionscadail GNL na Rúise
- onnmhairiú earraí agus teicneolaíochtaí chuig an Rúis le haghaidh an tionscail fuinnimh
- infheistíochtaí nua in earnálacha fuinnimh agus mianadóireachta na Rúise
Iompar
Áirítear ar na bearta in earnáil an iompair dúnadh aerspás an Aontais do gach aerárthach de chuid na Rúise agus dúnadh chalafoirt an Aontais do gach soitheach de chuid na Rúise agus do os cionn 670 soitheach nach soithí de chuid an Aontais iad, ar cuid de scáthchabhlach na Rúise go leor díobh. Áirítear leo freisin toirmisc ar an méid seo a leanas:
- onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta in earnálacha na heitlíochta, na mara agus an spáis chuig an Rúis
- onnmhairiú gach aerárthaigh chuig an Rúis, lena n-áirítear páirteanna d’aerárthaí agus scaird-bhreosla
- oibreoirí iompair de bhóthar ón Rúis a iompraíonn earraí isteach san Aontas
- leantóirí agus leathleantóirí atá cláraithe sa Rúis agus a iompraíonn earraí isteach san Aontas
- idirbhearta le clár loingseoireachta muirí na Rúise
- gach seirbhís iompar-ghaolmhar deisiúcháin, cothabhála agus airgeadais a sholáthar
An chosaint agus an teicneolaíocht
Áirítear ar na bearta in earnálacha na cosanta agus na teicneolaíochta srianta ar onnmhairiú liosta eintiteasa thacaíonn go díreach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, a bhfuil go leor acu lonnaithe i dtríú tíortha. Áirítear orthu freisin toirmeasc ar na nithe seo a leanas a onnmhairiú chuig an Rúis:
- earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide le haghaidh úsáid mhíleata
- innill agus comhpháirteanna ladrann chun ladrainn a tháirgeadh
- airm agus airm thine shibhialtacha agus na comhpháirteanna díobh
- armlón, feithiclí míleata agus trealamh paraimíleata
- comhpháirteanna TF, leictreonacha agus optúla
- ceimiceáin, uirlisí loingseoireachta, gineadóirí agus teirmeastait
- ceamaraí, lionsaí, ladrainn bhréige, ríomhairí glúine agus tiomántáin chrua
- earraí agus teicneolaíocht eile a d’fhéadfadh earnálacha cosanta agus slándála na Rúise a fheabhsú
Amhábhair agus earraí eile a thrádáil
I measc na mbeart san earnáil trádála tá toirmeasc ar shó-earraí a onnmhairiú chuig an Rúis, cuótaí maidir le clóiríd photaisiam a allmhairiú agus toirmeasc ar na nithe seo a leanas a allmhairiú ón Rúis:
- cruach, iarann, muciarann, alúmanam agus miotail eile
- sreang, feadáin agus scragall copair agus alúmanaim
- stroighin, biotúman agus asfalt
- adhmad, páipéar, rubar agus plaistigh
- héiliam agus ceimiceáin eile
- bia mara, biotáille, toitíní agus cosmaidí
- diamaint agus ór, seodra san áireamh
- earraí eile a d’fhéadfadh cumas tionsclaíocha na Rúise a fheabhsú
Seirbhísí
I measc na mbeart san earnáil seirbhísí tá réamhúdarú éigeantach le haghaidh na seirbhísí uile a sholáthraítear do rialtas na Rúise agus toirmeasc ar na seirbhísí seo a leanas a sholáthar don Rúis nó do náisiúnaigh Rúiseacha:
- cuntasaíocht, iniúchóireacht, leabharchoimeád agus comhairliúchán cánach
- seirbhísí tógála, ailtireachta agus innealtóireachta
- Cibearshlándáil, seirbhísí comhairliúcháin TF agus comhairleoireacht dhlíthiúil
- seirbhísí fógraíochta, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna
- cúnamh teicniúil, bróicéireacht nó cúnamh airgeadais a bhaineann le hearraí agus teicneolaíocht a chumhdaítear le smachtbhannaí eile
- cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a bhaineann le hearraí agus teicneolaíocht a chumhdaítear faoi smachtbhannaí eile
- bogearraí le haghaidh bainistiú fiontar, le haghaidh dearadh agus monarú tionsclaíoch agus le haghaidh úsáidí áirithe san earnáil baincéireachta agus airgeadais
- seirbhísí cripteashócmhainní
- cothabháil le haghaidh tancaeir GNL agus bristeoirí oighir agus seirbhísí críochfoirt GNL
Ní liostaí uileghabhálacha iad na liostaí thuas. Tá liosta iomlán na smachtbhannaí ar fáil ar shuíomh gréasáin Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
- Rialachán a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Sócmhainní blocáilte de chuid na Rúise
Nuair a glacadh an tríú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise an 28 Feabhra 2022, blocáladh thart ar €210 mbilliún de shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise san Aontas.
I mí na Bealtaine 2024, rinne an Chomhairle an creat dlíthiúil a oiriúnú chun a chinntiú gur féidir an t-ioncam urghnách a ghintear ó bhlocáil shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise san Aontas a úsáid chun tacú leis an Úcráin.
Foráiltear le rialacha an Aontais a glacadh an 25 Deireadh Fómhair 2024 go leithdháilfear 95% den ioncam urghnách ar bhuiséad an Aontais agus go gcuirfear é ar fáil tríd an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin, ionstraim a chruthaigh an tAontas chun cabhrú leis an Úcráin iasachtaí ón Aontas agus ón G7 dar luach thart ar €45 bhilliún a aisíoc. Leithdháilfear an 5% eile ar an tSaoráid Eorpach Síochána.
I mí na Nollag 2025, chinn an Chomhairle toirmeasc a chur, ar bhonn sealadach, ar aon aistriú ar shócmhainní blocáilte de chuid Bhanc Ceannais na Rúise atá san Aontas ar ais chuig an Rúis.
Toirmisc ar eagraíochtaí meán
Ó 2022 i leith, chuir an tAontas ar fionraí gníomhaíochtaí agus ceadúnais chraoltóireachta roinnt eagraíochtaí bréagaisnéise dá dtugann an Chreimil tacaíocht.
Bhain rialtas na Rúise úsáid as na heagraíochtaí sin mar uirlisí chun ionramháil a dhéanamh ar fhaisnéis agus bréagaisnéis maidir leis an bhfogha míleata faoin Úcráin a chur chun cinn, lena n-áirítear bolscaireacht, agus é d’aidhm aici tíortha comharsanacha na Rúise agus an tAontas agus a Bhallstáit a dhíchobhsú.
Faoi láthair, tá feidhm ag an toirmeasc ar chraoltóireacht maidir le 27 n-eagraíocht meán:
- EADaily/Eurasia Daily
- Fondsk
- Izvestia
- Katehon
- Krasnaya Zvezda/Tvzvezda
- Lenta
- New Eastern Outlook
- NewsFront
- NTV/NTV Mir
- Oriental Review
- Pervyi Kanal
- REN TV
- RIA Novosti
- RuBaltic
- Russia Today agus a fhochuideachtaí
- Rossiya RTR/RTR Planeta
- Rossiya 24/Russia 24
- Rossiya 1
- Rossiyskaya Gazeta
- SouthFront
- Spas TV Channel
- Sputnik agus a fhochuideachtaí
- Strategic Culture Foundation
- Tsargrad TV Channel
- TV Centre International
- Voice of Europe
Maoiniú páirtithe polaitiúla san Aontas Eorpach
Déanann an Rúis iarracht leanúnach cur isteach ar phróisis dhaonlathacha san Aontas agus an bonn a bhaint dá fondúireachtaí daonlathacha, lena n-áirítear trí fheachtais tionchair agus trí bhréagaisnéis a chur chun cinn.
Dá bhrí sin, chinn an tAontas nach mbeidh cead a thuilleadh ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, meithleacha machnaimh ná soláthraithe seirbhíse meán san Aontas glacadh le cistiú ó stát na Rúise ná óna ionadaithe.
I gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní chuirfear cosc leis na bearta sin ar sholáthraithe seirbhíse meán ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí eile a dhéanamh san Aontas, mar shampla taighde agus agallaimh.
Srianta eacnamaíocha eile
Srianta ar chaidreamh eacnamaíoch le réimsí sonracha
Ghlac an Chomhairle bearta eacnamaíocha spriocdhírithe i ndáil le réimsí sonracha, maidir leis an méid a leanas:
- ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis ar an gCrimé agus Sevastopol
- an t-aitheantas a thug an Rúis do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais in Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson
Áirítear ar na bearta sin srianta ar an méid seo a leanas:
allmhairí
onnmhairí
seirbhísí
Tugadh isteach na bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol in 2014, agus cuireadh síneadh leo go deireanach go dtí an 23 Meitheamh 2027.
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i mí Feabhra 2022 mar fhreagairt ar chinneadh na Rúise leanúint ar aghaidh agus aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine mar eintitis neamhspleácha, agus an cinneadh ina dhiaidh sin trúpaí na Rúise a chur chuig na limistéir sin.
I mí Dheireadh Fómhair 2022, leathnaíodh na bearta sin chun na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Zaporizhzhia agus Kherson a chumhdach. Cuireadh an síneadh is deireanaí leo go dtí an 24 Feabhra 2027.
- Rialachán a bhaineann le srianta ar earraí de thionscnamh na Crimé nó Sevastopol, mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Cinneadh a bhaineann le srianta ar earraí de thionscnamh na Crimé nó Sevastopol, mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Rialachán a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag an Rúis (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag an Rúis (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Bearta a bhaineann le comhar eacnamaíoch
Chinn an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha in 2014 nach tír is faighteoir a bheadh sa Rúis a thuilleadh, agus stad sí d’infheistíochtaí a fhormheas sa tír sin.
An bhliain chéanna, chuir an Banc Eorpach Infheistíochta síniú oibríochtaí maoiniúcháin nua sa Rúis ar fionraí. Rinneadh na cláir do chomhar déthaobhach agus réigiúnach idir an tAontas agus an Rúis a athmheas agus cuireadh ar fionraí iad.
Ina theannta sin, in éineacht le comhaltaí eile den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, chomhaontaigh an tAontas cóir an náisiúin barrfhabhair a dhiúltú do tháirgí agus do sheirbhísí na Rúise ar mhargaí an Aontais.
Míleithreasú chistí stáit na hÚcráine
I mí an Mhárta 2014, chinn an Chomhairle reo a dhéanamh ar shócmhainní roinnt daoine aonair a bhí freagrach as míleithreasú chistí stáit na hÚcráine. Cuireadh an síneadh is deireanaí leis na smachtbhannaí sin go dtí an 6 Márta 2027.
- Rialachán ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas freisin ar eagraíochtaí meán agus ar dhaoine aonair a bhfuil an spás poiblí á mhilleadh acu le bréagaisnéis.
Taraifí ar tháirgí talmhaíochta agus ar leasacháin
An 12 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle rialachán lena dtugtar isteach taraifí ar tháirgí talmhaíochta agus ar leasacháin nítrigine-bhunaithe áirithe ón Rúis agus ón mBealarúis nach raibh faoi réir dleachtanna custaim breise go fóill.
Is ionann allmhairí na leasachán lena mbaineann na taraifí nua ón Rúis agus os cionn 25% d’allmhairí leasacháin iomlána an Aontais, arb ionann iad agus beagnach 3.6 milliún tona san iomlán.
Meastar go laghdófar leis na taraifí ioncam onnmhairiúcháin na Rúise, rud a chuirfidh teorainn le cumas na Rúise a cogadh foghach ar an Úcráin a mhaoiniú. Is le hallmhairí isteach san Aontas amháin a bhainfidh an rialachán. Ní thiocfaidh aon athrú ar onnmhairí talmhaíochta agus leasacháin ón Rúis chuig tríú tíortha.
Bearta taidhleoireachta
Na cruinnithe mullaigh déthaobhacha curtha ar fionraí
In 2014 cuireadh an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Rúis ar ceal agus chinn Ballstáit an Aontais deireadh a chur leis na cruinnithe mullaigh déthaobhacha rialta leis an Rúis. Cuireadh ar fionraí na cainteanna déthaobhacha leis an Rúis maidir le víosaí freisin.
Tionóladh cruinniú G7 sa Bhruiséil, gan an Rúis, an 4 agus an 5 Meitheamh 2014 in ionad chruinniú mullaigh G8 a bhí le bheith ar siúl in Sochi. Is i bhformáid G7 a bhíonn na cruinnithe á dtionól ó shin.
Thacaigh Ballstáit an Aontais freisin le fionraí na caibidlíochta maidir le páirt a bheith á glacadh ag an Rúis san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus sa Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA).
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 i leith, tá sé d’oibleagáid ar thaidhleoirí de chuid na Rúise an Ballstát ábhartha den Aontas a chur ar an eolas roimh ré, agus iad ag taisteal i limistéar Schengen atá lasmuigh den tír chreidiúnacháin.
Comhaontuithe víosaí a chur ar fionraí
I mí Feabhra 2022, chinn an tAontas nach bhféadfadh taidhleoirí de chuid na Rúise ná oifigigh ná lucht gnó eile de chuid na tíre sin leas a bhaint feasta as forálacha éascaithe víosaí lena gceadaítear rochtain phribhléideach ar an Aontas Eorpach.
I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh lena gcuirtear fionraí iomlán ar an gcomhaontú um eisiúint víosaí a éascú idir an tAontas agus an Rúis. Dá bhrí sin, tá feidhm ag rialacha ginearálta an chóid víosaí maidir le saoránaigh den Rúis.
I mí na Nollag 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh nach nglacfaí le doiciméid taistil de chuid na Rúise a eisítear san Úcráin agus sa tSeoirsia.
Freagra a bhí sa chinneadh seo ar chleachtas na Rúise pasanna idirnáisiúnta Rúiseacha a eisiúint do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin atá faoi fhorghabháil. Lean sé freisin cinneadh aontaobhach na Rúise maidir le haitheantas a thabhairt do neamhspleáchas chríocha Seoirseacha na hAbcáise agus na hOiséite Theas in 2008.
Maidir le doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia, nó chuig daoine atá ina gcónaí iontu, ní ghlactar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a fháil ná chun teorainneacha limistéar Schengen a thrasnú.
Toirmeasc ar chomhraiceoirí Rúiseacha teacht isteach san Aontas
Tugadh isteach leis an 21ú pacáiste de smachtbhannaí an bonn le haghaidh toirmeasc cuimsitheach ar víosaí do chomhraiceoirí agus d’iarchomhraiceoirí fhórsaí armtha na Rúise agus do sheachghrúpaí eile, atá rannpháirteach i gcogadh na Rúise. Cinnfidh an Chomhairle cathain a thiocfaidh an toirmeasc i bhfeidhm.
Bearta chun cur i gcoinne teacht timpeall ar bhearta sriantacha
I bhfianaise scála smachtbhannaí an Aontais, bhain daoine agus eintitis sa Rúis ar cuireadh smachtbhannaí orthu úsáid as teicnící éagsúla chun teacht timpeall orthu, cuir i gcás scéimeanna casta airgeadais a úsáid, cineál nó tionscnamh na n-earraí a thrádáiltear a fhalsú nó dul i muinín dlínsí tríú tíortha.
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas chun an teacht timpeall a chomhrac, an méid a leanas ina measc:
- smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair agus eintiteas a bhfuil baint acu le teacht timpeall, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu le scáthchabhlach na Rúise
- srianta ar onnmhairiú earraí dé-úsáide agus ardteicneolaíochta do na céadta eintiteas, lena n-áirítear go leor atá lonnaithe lasmuigh den Rúis agus a thacaíonn le cogadh na Rúise
- leathnú ar an toirmeasc ar idirbhearta chuig oibreoirí nach oibreoirí de chuid an Aontais iad, atá lonnaithe lasmuigh den Rúis agus a éascaíonn teacht timpeall ar shrianta a bhaineann le hola
Tá cosc curtha ag an Aontas ar rochtain ar chalafoirt an Aontais do shoithí:
- atá mar chuid de scáthchabhlach na Rúise a iompraíonn amhola na Rúise nó táirgí atá déanta as amhola na Rúise agus atá freagrach as teacht timpeall ar an gcaidhp phraghais ar ola (os cionn 670 soitheach go dtí seo)
- atá ag gabháil d’aistrithe ó long go long agus a bhfuil amhras ann go bhfuil na smachtbhannaí á sárú acu
- a bhfuil amhras fúthu go gcuireann siad isteach go neamhdhleathach ar a gcóras aitheantais uathoibríoch longiompartha nó go ndéanann siad é a dhíchumasú agus ola na Rúise á hiompar acu
Ina theannta sin, tá toirmeasc freisin ar idirbhearta le calafoirt, loic agus aerfoirt na Rúise a úsáidtear chun teacht timpeall ar an gcaidhp phraghais ar ola.
Tá toirmisc tugtha isteach ag an Aontas ar idirthuras earraí dé-úsáide, teicneolaíochtaí agus earraí láithreach catha atá á n-onnmhairiú ón Aontas chuig tríú tíortha trí chríoch na Rúise, agus ar ath-onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta atá thar a bheith íogair chuig an Rúis agus lena n-úsáid sa Rúis (an clásal um eisiamh na Rúse).
D’éiligh an tAontas an méid seo a leanas:
- go ndéanfadh máthairchuideachtaí a chinntiú nach nglacfadh a bhfochuideachtaí tríú tír páirt in aon ghníomhaíocht as a dtiocfadh toradh a bhféachann na smachtbhannaí lena chosc
- go ndéanfadh oibreoirí an Aontais sásraí díchill chuí a chur chun feidhme maidir le hearraí ón láthair chatha a dhíol le tríú tíortha
- go ndéanfadh oibreoirí de chuid an Aontais a mbíonn fios gnó tionsclaíoch á sheachadadh chuig tríú tíortha acu a bhaineann le hearraí láithreach catha a tháirgeadh, go ndéanfaidís forálacha conarthacha a chur san áireamh chun a áirithiú nach n-úsáidfear an fios gnó le haghaidh earraí atá beartaithe don Rúis
Chun teorainn a chur le dul timpeall ar an toirmeasc ar sheirbhísí tiachóige cripteashócmhainní, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh, a sholáthar do dhaoine Rúiseacha nó do chónaitheoirí Rúiseacha, thug an tAontas toirmeasc isteach ar náisiúnaigh Rúiseacha nó ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis a bheith ina n-úinéirí ar na daoine dlíthiúla, na heintitis nó na comhlachtaí a sholáthraíonn na seirbhísí sin, nó iad a rialú, nó aon phost a bheith acu ar a gcomhlachtaí rialaithe. Tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas freisin lena ndírítear ar cripteasholáthraithe.
Ina theannta sin, tá fógraí ag teastáil le haghaidh aistrithe cistí ar mó iad ná €100 000 lasmuigh den Aontas ag aon eintiteas atá bunaithe san Aontas nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú na Rúise.
Smachtbhannaí eile i gcoinne na Rúise
Chomh maith leis na smachtbhannaí mar fhreagairt ar chogadh na Rúise ar an Úcráin, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí ar na daoine sin atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta sa Rúis.
Glacadh smachtbhannaí freisin mar fhreagairt ar bhagairtí agus feachtais hibrideacha na Rúise i gcoinne an Aontais.
Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: smachtbhannaí an Aontais
Gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise: smachtbhannaí an Aontais
Féach freisin
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise: ceisteanna agus freagraí
- Na smachtbhannaí a glacadh tar éis don Rúis fogha míleata a thabhairt faoin Úcráin (an Coimisiún Eorpach)
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Bealarúise
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Iúil 2026