Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 3 Feabhra 2022 14:15

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht: Liosta sceimhlitheoirí athnuaite ag an gComhairle

Rinne an Chomhairle athnuachan ar liosta an Aontais de sceimhlitheoirí, mar a ghairtear de, ar a sonraítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis atá faoi réir bearta sriantacha d'fhonn ansceimhlitheoireacht a chomhrac. Níor coimeádadh ainmniú duine amháin.

Tá na 13 dhuine, agus an 21 ghrúpa agus eintiteas atá ar an liosta faoi láthair faoi réir reo a gcistí agus a gcuid sócmhainní airgeadais eile san Aontas. Tá toirmeasc freisin ar oibreoirí an Aontais cistí agus acmhainní airgeadais a chur ar fáil dóibh.

Chuir an Chomhairle an liosta ar bun den chéad uair mar chuid de chur chun feidhme Rún 1373/2001 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a d'eascair as ionsaithe sceimhlitheoireachta an 11 Meán Fómhair 2001. Déanann sí athbhreithniú ar an liosta go tráthrialta, agus gach 6 mhí, ar a laghad, ar bhonn eolais faoi fhíorais agus fhorbairtí nua i ndáil leis na hainmnithe.

Tá an córas smachtbhannaí sin ar leithligh ó chóras an Aontais lena gcuirtear chun feidhme rúin 1267 (1999), 1989 (2011) agus 2253 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus lena ndírítear ar Al-Qaida agus ISIL/Da’esh. Is féidir leis an Aontas smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go huathrialach ar ISIL/Da’esh agus ar Al-Qaida agus ar dhaoine agus eintitis a bhaineann leo nó a thacaíonn leo.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024