Skip to content

Smachtbhannaí i gcoinne na sceimhlitheoireachta

Tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí agus ar eintitis a bhfuil baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear ISIL/Da’esh, Al‑Qaeda, Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne.

Liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí

Is i mí na Nollag 2001, tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh an 11 Meán Fómhair an bhliain sin, a ghlac an tAontas bearta sriantacha den chéad uair i gcoinne daoine aonair agus eintitis a raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta.

Bunaíodh liosta an Aontais Eorpaigh chun rún 1373 (2001) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Chuige sin, ghlac an tAontas an méid seo a leanas:

  • Comhsheasamh (CBES) 2001/931 ón gComhairle maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac
  • Rialachán (CE) 2580/2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

Cé atá ar liosta na sceimhlitheoirí?

Ar liosta an Aontais de sceimhlitheoirí, tá daoine aonair, grúpaí agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin:

  • daoine aonair a dhéanann gníomhartha sceimhlitheoireachta nó a fhéachann le gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó atá rannpháirteach iontu nó a dhéanann iad a éascú
  • grúpaí agus eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag na daoine aonair sin
  • daoine aonair, grúpaí agus eintitis atá ag gníomhú thar ceann na ndaoine aonair, na ngrúpaí agus na n-eintiteas sin nó atá faoina stiúir

Is féidir leis an Aontas díriú freisin ar phríomhbhaill na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá liostaithe san Aontas, chomh maith le daoine, grúpaí agus eintitis a bhfuil baint acu leo siúd a bhfuil baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta (lena n-áirítear trí mhaoiniú, oiliúint nó earcaíocht).

Tá 13 dhuine aonair agus 23 ghrúpa agus eintiteas ar ‘liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí’, mar a thugtar air. Tá siad sin gníomhach laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Áirítear ar an liosta, mar shampla, Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) na hIaráine, The Base agus Sendero Luminoso.

Cad iad na smachtbhannaí féin?

Na daoine aonair, na grúpaí agus na heintitis uile atá ar an liosta sceimhlitheoirí, tá siad uile faoi réir bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • reo cistí agus sócmhainní airgeadais
  • comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

Chomh maith leis sin, ní féidir cistí, sócmhainní airgeadais ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, go díreach nó go hindíreach. Féadfaidh na daoine aonair atá ar an liosta faoi réir toirmeasc taistil freisin.

Cad is gníomh sceimhlitheoireachta ann?

I gcomhréir le comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle, is gníomhartha a dhéantar d’aon ghnó a d'fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d'eagraíocht idirnáisiúnta iad na gníomhartha sceimhlitheoireachta, i gcás ina ndéantar iad d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • imeagla mór a chur ar dhaonra
  • iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta gníomh ar bith a dhéanamh nó gan é a dhéanamh
  • bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú ar bhealach tromchúiseach nó a dhíothú

Critéir i ndáil le liostú

Ní féidir daoine aonair, grúpaí ná eintitis nua a chur le liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí ach amháin i gcás ina bhfuil cinneadh maidir leis an ábhar déanta cheana féin ag údarás inniúil de chuid Ballstáit, nó de chuid tríú tír.

D'fhéadfadh sé go mbainfeadh an cinneadh leis an méid a leanas:

  • imscrúduithe nó cúiseamh i ndáil le gníomh sceimhlitheoireachta, iarracht gníomh mar sin a dhéanamh, a bheith rannpháirteach ann nó é a éascú
  • cáineadh i ndáil le haon cheann de na gníomhartha sin

Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an liosta go tráthrialta agus gach 6 mhí ar a laghad. De bhreis ar an athbhreithniú rialta sin, is féidir leis an gComhairle cinneadh a ghlacadh am ar bith maidir le daoine aonair, grúpaí nó eintitis a liostú nó a dhíliostú.

Díolúine dhaonnúil

I mí Feabhra 2024, chinn an Chomhairle creat an Aontais maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac a mhodhnú (liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí), trí eisceacht dhaonnúil a thabhairt isteach i ndáil leis na bearta reoite sócmhainní.

Mar thoradh ar an gcinneadh, is féidir le catagóirí áirithe gníomhaithe daonnúla dul i mbun idirbheart le daoine aonair agus eintitis liostaithe gan aon údarú a fháil roimh ré, más é is cuspóir leis sin cúnamh daonnúil a thabhairt nó tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le bunriachtanais dhaonna na ndaoine atá i ngátar. Ar na catagóirí sin tá:

  • iad siúd a leagtar amach i Rún 2664 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (2022)
  • eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí atá deimhnithe mar chomhpháirtithe daonnúla an Aontais nó a Bhallstát agus gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát

Cuireadh síneadh leis an eisceacht dhaonnúil go deireanachgo dtí an 22 Feabhra 2027.

SIIL/Da’esh agus Al-Qaeda

An 20 Meán Fómhair 2016, bhunaigh an tAontas creat tiomnaithe de bhearta sriantacha i gcoinne SIIL/Da’esh agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine aonair, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo.

Tá na bearta sriantacha uathrialacha sin comhlántach leis na bearta a glacadh faoi ‘liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí’.

Cad iad na smachtbhannaí féin?

Is iad na smachtbhannaí a leanas smachtbhannaí an Aontais i gcoinne SIIL/Da’esh agus Al‑Qaeda:

  • toirmeasc taistil ar dhaoine aonair
  • reo sócmhainní i gcás daoine aonair, grúpaí agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta

Faoin gcóras sin, féadfaidh an tAontas díriú orthu siúd a thugann tacaíocht ábhartha nó airgeadais do SIIL/Da’esh agus Al-Qaeda. Féadfaidh sé díriú freisin orthu siúd a ghlacann páirt i bpleanáil, in ullmhú nó i gcumasú gníomhaíochtaí foréigneacha SIIL/Da’esh agus Al‑Qaeda.

D’fhéadfaí daoine aonair, grúpaí, eintitis agus comhlachtaí a liostú freisin as na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • airm agus ábhair ghaolmhara a sholáthar, a dhíol nó a aistriú chuig SIIL/Da’esh agus Al‑Qaeda
  • earcú a dhéanamh thar ceann an dá eagraíocht sin
  • gníomhaíochtaí foréigneacha an dá eagraíocht a ghríosú nó a spreagadh go poiblí

Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an liosta go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad. Faoi láthair, tá feidhm ag smachtbhannaí maidir le 15 dhuine aonair agus 8 ngrúpa san iomlán agus, beidh siad i bhfeidhm go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne

An 19 Eanáir 2024, bhunaigh an Chomhairle creat tiomnaithe de bhearta sriantacha lena gcuirtear ar chumas an Aontais Eorpaigh aon duine nó eintiteas a thabhairt chun cuntais as tacú le gníomhaíochtaí foréigneacha Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne (PIJ), nó as na gníomhaíochtaí sin a éascú nó a chumasú.

Rinneadh an cinneadh i bhfianaise thromchúis na n-ionsaithe a rinneadh ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023 darb aidhm gníomhaíochtaí foréigneacha den sórt sin ag Hamas agus PIJ a chosc amach anseo.

Comhlánaíonn an córas nua na bearta sriantacha a glacadh roimhe seo faoi liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí.

Cad iad na smachtbhannaí féin?

Smachtbhannaí i gcoinne Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne:

  • toirmeasc taistil ar dhaoine aonair
  • reo sócmhainní i gcás daoine aonair, grúpaí agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta

Faoin gcóras sin, féadfaidh an tAontas díriú orthu siúd a thugann tacaíocht ábhartha nó airgeadais do Hamas nó do PIJ. Féadfaidh sé díriú freisin orthu siúd a ghlacann páirt i bpleanáil, in ullmhú nó i gcumasú gníomhaíochtaí foréigneacha Hamas nó PIJ.

D’fhéadfaí daoine aonair, grúpaí, eintitis agus comhlachtaí a liostú freisin as na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • airm agus ábhair ghaolmhara a sholáthar, a dhíol nó a aistriú chuig an dá eagraíocht sceimhlitheoireachta sin
  • tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn ó chobhsaíocht nó ó shlándáil Iosrael, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, i gcomhar le Hamas agus PIJ
  • páirt a ghlacadh i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó ar an dlí um chearta an duine
  • gníomhaíochtaí foréigneacha an dá eagraíocht a ghríosú nó a spreagadh go poiblí

Ina theannta sin, den chéad uair, tá an tAontas in ann díriú ar urraitheoirí na ndaoine a dhéanann urraíocht ar an dá eagraíocht sceimhlitheoireachta sin.

I mí na Bealtaine 2026, chinn an Chomhairle raon feidhme na smachtbhannaí a leathnú chun díriú freisin ar chomhaltaí Bhiúró Polaitiúil Hamas (Politburo) a dhéanann gníomhaíochtaí foréigneacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhéachann le húdar a thabhairt leo.

Ina theannta sin, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí ar trí eintiteas faoi chóras domhanda smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine mar fhreagairt ar an bhforéigean forleathan gnéasach agus inscnebhunaithe a rinneadh le linn na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta brúidiúla neamh-idirdhealaitheacha a tharla ar fud Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023.

Féach freisin

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht

An sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac san Aontas

An sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac san Aontas

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Bealtaine 2026