Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 13 Aibreán 2022 13:35

Airgeadas inbhuanaithe: a seasamh maidir le Bannaí Glasa Eorpacha comhaontaithe ag an gComhairle

Tá bearta breise á ndéanamh ag an Aontas chun a straitéis maidir le fás inbhuanaithe a mhaoiniú agus maidir leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach atá tíosach ar acmhainní a chur chun feidhme.

Cheadaigh buanionadaithe an Aontais an seasamh ón gComhairle maidir le togra chun Bannaí Glasa Eorpacha a chruthú. Leis an rialachán seo leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha le haghaidh eisitheoirí ar mian leo úsáid a bhaint as an ainmníocht ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ le haghaidh a mbannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas, agus bunaítear córas clárúcháin agus creat maoirseachta le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha bannaí glasa Eorpacha.

Tá bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar cheann de na príomhionstraimí chun infheistíochtaí a mhaoiniú a bhaineann le teicneolaíochtaí glasa, éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht acmhainní chomh maith le bonneagar iompair agus bonneagar taighde inbhuanaithe.

Anois agus an seasamh uaithi maidir leis an togra comhaontaithe ag an gComhairle, tá sí faoi réir le tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir le leagan deiridh den téacs.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024