An t-aistriú aeráide a mhaoiniú
Tá an tAontas tiomanta do gheilleagar ísealcharbóin, inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach. Is é an tAontas, i gcomhar lena Bhallstáit, a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú don aeráid ar fáil ar domhan.
Príomhshruthú an athraithe aeráide i gcaiteachas an Aontais
Tacaíonn an tAontas go láidir leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaí ar acmhainní agus níos inbhuanaithe. Is cuid é seo d’iarrachtaí an Aontais a spriocanna aeráide agus fuinnimh a ghnóthú i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaithe.
Chun spriocanna aeráide, comhshaoil agus inbhuanaitheacht shóisialta a bhaint amach, tá gá le mórinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí.
Cé go raibh dúshláin thromchúiseacha sláinte, airgeadais agus eacnamaíocha mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá deis ann leis an téarnamh ón bpaindéim atógáil ar bhealach níos fearr agus níos inbhuanaithe ach beartais phoiblí atá fabhrach don ghníomhú ar son na haeráide a neartú, mar shampla:
- praghsáil carbóin
- fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol agus neamhéifeachtúil ó thaobh an gheilleagair a dhíspeagadh
- bogadh i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe
Faoi phlean téarnaimh an Aontais, Next Generation EU (NGEU), tá 37% de €672.5 billiún na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta á chaitheamh ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Is é 30%an sprioc fhoriomlán aeráide maidir le méid iomlán an chaiteachais ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027.
Cén chaoi a bhfuil an t-aistriú chuig an aeráidneodracht á mhaoiniú ag an Aontas? (Grafaic faisnéise)
Beartas an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe
Infheistíocht phríobháideach a ghiaráil
Le go n-éireoidh leis an aistriú glas ní mór infheistíocht phríobháideach a chur ar aghaidh, mar chomhlánú ar mhaoiniú poiblí.
Ó d’fhoilsigh an Coimisiún a phlean gníomhaíochta 10 bpointe um fhorbairt inbhuanaithe i mí an Mhárta 2018, tá forais a bheartais maidir le maoiniú inbhuanaithe leagtha síos ag an Aontas.
I mí Dheireadh Fómhair 2019, chuaigh an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhar le tríú tíortha chun ardán idirnáisiúnta nua maidir le maoiniú inbhuanaithe a sheoladh. Is é is aidhm don ardán seo níos mó caipiteal príobháideach a chur i dtreo infheistíochtaí a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
In éineacht lena Chomhaontú Glas don Eoraip, a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2019, d’fhógair an Coimisiún go gcuirfeadh sé straitéis athnuaite maidir le maoiniú inbhuanaithe ar aghaidh. I mí Iúil 2021, mhol an Coimisiún an straitéis nua chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus, ag an am céanna, infheistíocht i ngeilleagar níos inbhuanaithe a mhéadú.
- Ardán idirnáisiúnta maidir le maoiniú inbhuanaithe (an Coimisiún Eorpach)
- Plean gníomhaíochta maidir le fás inbhuanaithe a mhaoiniú (an Coimisiún Eorpach)
- Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le maoiniú inbhuanaithe (an Coimisiún Eorpach)
An plean gníomhaíochta um maoiniú inbhuanaithe a chur chun feidhme
In 2019 agus 2020, ghlac an Chomhairle reachtaíocht chun caipiteal príobháideach a dhíriú ar infheistíochtaí níos inbhuanaithe ar an margadh caipitil trí:
- oibleagáidí trédhearcachta ar idirghabhálaithe airgeadais a fheabhsú chun tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a ionchorprú ina gcuid próiseas measúnaithe riosca
- catagóir nua tagarmharcanna le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe a chruthú chun cuidiú le hinfheisteoirí lorg carbóin a gcuid infheistíochtaí a chur i gcomparáid le chéile
- córas aicmithe aontaithe an Aontais (‘tacsanomaíocht’) a bhunú maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe
I mí an Mheithimh 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha chun cabhrú le cuideachtaí faisnéis neamhairgeadais ábhartha a nochtadh ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos inchomparáide.
An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht
In Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle rialachán lena leagtar amach córas aicmiúcháin uile-Aontais, nó ‘tacsanomaíocht’, lena gcuirfear teanga choiteann ar fáil do ghnólachtaí agus d’infheisteoirí chun na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a mheastar a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint.
Ó shin i leith, tá dhá ghníomh tharmligthe glactha ag an gCoimisiún Eorpach faoi chuimsiú rialachán tacsanomaíochta an Aontais. I measc nithe eile, bhunaigh sé critéir scagtha theicniúla le haghaidh na rudaí seo a leanas:
- a chinneadh cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór leis an athrú aeráide a mhaolú nó leis an oiriúnú dó
- an manna ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ lena gcinntítear nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag gníomhaíocht eacnamaíoch ar leith ar an gcomhshaol
Rialachán maidir le bannaí glasa Eorpacha
I mí Dheireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle rialachán lena gcruthaítear caighdeán do bhannaí glasa Eorpacha.
Leagtar síos sa rialachán ceanglais aonfhoirmeacha d’eisitheoirí bannaí ar mian leo an t-ainmniú ‘bannaí glasa Eorpacha’ nó ‘EuGB’ a thabhairt ar bhannaí a mhaíonn siad a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Bunaítear córas leis chun eintitis atá ag gníomhú mar athbhreithneoirí seachtracha i leith bannaí glasa Eorpacha a chlárú agus a mhaoirsiú agus chun maoirseacht eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha a rialáil.
Ní mór gach fáltas ó bhannaí glasa Eorpacha a infheistiú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe. I gcás na n-earnálacha sin nach gcumhdaítear go fóill le tacsanomaíocht an Aontais agus i gcás gníomhaíochtaí an-sonrach áirithe beidh lamháil solúbthachta 15% ann.
Bannaí glasa Eorpacha (Grafaic faisnéise)
Ranníocaíocht an Aontais leis an maoiniú don aeráid
Is iad an tAontas agus a Bhallstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí ar fáil don aeráid.
In 2024, chaith an tAontas agus a 27 mBallstát €31.7 billiún ó fhoinsí poiblí ar mhaoiniú don aeráid agus chuir siad suim bhreise €11 bhilliún de mhaoiniú príobháideach ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide. Rinneadh leath den chistiú poiblí don aeráid le haghaidh tíortha i mbéal forbartha a thiomnú don oiriúnú don athrú aeráide nó don ghníomhaíocht thrasnach (a bhaineann le tionscnaimh um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú dó araon) i dtíortha i mbéal forbartha.
Is cuid thábhachtach de Chomhaontú Pháras 2015 í an ranníocaíocht leis an maoiniú don aeráid. Leagadh síos sa chomhaontú mar sprioc $100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana le haghaidh ranníocaíocht na dtíortha forbartha leis an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid go dtí 2025.
Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)
Féach freisin
Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
Oiriúnach do 55
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Deireadh Fómhair 2025