An aeráid
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann Ballstáit an Aontais i ngleic leis an athrú aeráide agus faoin obair atá ar bun chun druidim le geilleagar glan-nialasach.
Is mian leis an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Leis an dlí aeráide Eorpach, is sprioc cheangailteach í an sprioc sin.
Tugtar ugach anois, leis na rialacha faoin gComhaontú Glas don Eoraip, don aistriú i dtreo geilleagar agus sochaí aeráidneodrach.
A bhfuil ar bun ag an Aontas maidir leis an athrú aeráide
Chun na spriocanna aeráide sin a bhaint amach, ghlac an tAontas dlíthe le go laghdófaí go mór líon na n-astaíochtaí.
Cuireadh 30 % de bhuiséad an Aontais do 2021-2027 i leataobh do ghníomhaíochtaí ar son na haeráide.
As gach cearn den domhan, is iad an tAontas agus a Bhallstáit is mó a chuireann maoiniú ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide.
Gníomhú ar son na haeráide de réir earnála
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú
Tá ceangal dlíthiúil ar an Aontas agus ar na Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55%, ar a laghad, faoi 2030, agus 90%, ar a laghad, faoi 2040 i gcomparáid le leibhéil 1990, mar chéim idirmheánach chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050. Léiríonn na sonraí is déanaí go bhfuil astaíochtaí ag titim sna hearnálacha uile ach go bhfuil bóthar fada romhainn fós sula mbainfear leibhéil ghlan-nialasacha amach.
Sa chairt, léirítear glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i milliúin tona de choibhéis CO2 (MtCO2e).
Líne-chairt ina léirítear éabhlóid astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ó 1990 go 2022. Léiríonn an líne titim ó 4 712.3 milliún tona de choibhéis CO2 (MtCO2e) in 1990 go 3 248.21 milliún tona in 2022. Léirítear spriocanna laghdaithe astaíochtaí 2020 agus 2030 an Aontais, laghdú -20 % agus laghdú -55 % faoi seach i gcomparáid le leibhéil 1990, ar an gcairt. Foinse: An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil
Tionchair an athraithe aeráide
De réir tuarascáil na bliana 2024 ar staid aeráide na hEorpa, ba ó 2020 i leith a bhí na 3 bliana is teo ar taifead againn san Eoraip, agus ba é 2024 an bhliain ba theo riamh.
Chonacthas eachtraí éagsúla adhaimsire in 2024, mar shampla tuilte, falscaithe agus stoirmeacha, a bhí tubaisteach do dhaoine agus don gheilleagar.
5 fhíric faoi sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht
Tá sé ríthábhachtach go rachfaí i ngleic leis an athrú aeráide ar mhaithe le todhchaí na hEorpa agus an domhain mhóir. Leis an dlí aeráide Eorpach, cumhdaítear sa reachtaíocht cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Tháinig an sprioc sin sna sála ar an ngealltanas a thug an tAontas agus na Ballstáit ar shíniú Chomhaontú Pháras dóibh in 2015.
An aeráidneodracht - cad é féin agus cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an Aontas an sprioc sin a bhaint amach?
An scéala is déanaí
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú faoi rialacha soiléirithe maidir le dolaí bóthair agus muirir úsáideoirí le haghaidh feithiclí tromshaothair
- Falscaithe: moladh glactha ag an gComhairle chun ullmhacht a neartú agus cosc a fheabhsú
- CAI 2028-2034: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le Fís Eorpach, an clár réime uaillmhianach nua um thaighde agus um nuálaíocht
Na blaisíní breise is déanaí
Pacáistíocht
Comhar an Aontais leis na Náisiúin Aontaithe
An compás iomaíochais
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Iúil 2026