- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 24 Aibreán 2024 11:30
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2024/1074 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
An 12 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/10741.
Chinn an Chomhairle gur cheart trí eintiteas a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.
Tá na tíortha is iarrthóirí an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin, an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin2, agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2024/1074, 12.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1074/oj
2Tá an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Nabila Massrali Urlabhraí gníomhach SEGS
- +32 2 29 88093
- +32 460 79 52 44
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025