Skip to content

Cearta an duine

A bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain. 

Is cearta uilíocha, doshannta agus doroinnte iad cearta an duine. Tá gach duine i dteideal a gcearta daonna a fheidhmiú, gan idirdhealú.

Tá an urraim do chearta an duine ar cheann de luachanna bunaidh an Aontais Eorpaigh agus is gné bhunúsach é de chaidreamh an Aontais le tíortha nach de chuid an Aontais iad.

Colláis ina gcruthaíonn gnéithe aghaidhe ceathrar éagsúla aghaidh amháin.

Cearta an duine i gcroílár chaidreamh seachtrach an Aontais

Sonraítear i gConarthaí an Aontais go mbeidh gníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta bunaithe ar na prionsabail a spreag cruthú an Aontais féin, a bhfuil an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta san áireamh orthu.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ina chaidreamh le tíortha nach de chuid an Aontais iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Is é an plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas an bhuntreoir d’obair an Aontais sa réimse sin.

Cearta an duine á gcosaint ar fud an domhain

Féachann an tAontas le cearta an duine a ionchorprú ina ghníomhaíocht sheachtrach uile, ar a bhfuil beartais trádála, imirce agus chomhshaoil san áireamh. Ní mór do gach comhaontú a shíníonn an tAontas a bheith i gcomhréir le cearta an duine.

Le treoirlínte an Aontais maidir le cearta an duine, cuirtear treoir phraiticiúil ar fáil do lucht ceaptha beartas an Aontais, do Bhallstáit an Aontais agus do thoscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain. Cumhdaítear roinnt réimsí leo, na réimsí seo a leanas ina measc:

Céastóireacht agus drochíde

Pionós an bháis

Saoirse reiligiúin nó creidimh

Cearta an linbh

Leanaí i gcoinbhleacht armtha

Neamh-idirdhealú

Daoine LGBTI a chosaint

Foréigean in aghaidh na mban

Saoirse cainte

Dlí Idirnáisiúnta

Cosantóirí chearta an duine

Uisce óil sábháilte

Ionstraimí chearta an duine

Tá réimse leathan ionstraimí ag an Aontas chun cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain. Ar na hionstraimí sin, tá idirphlé maidir le cearta an duine le thart ar 60 tír nach de chuid an Aontais iad agus grúpálacha réigiúnacha, ráitis agus cineálacha eile rannpháirtíochta i bhfóraim, tionscadail agus cláir iltaobhacha, chomh maith le misin breathnóireachta toghcháin.

Smachtbhannaí in aghaidh sáruithe ar chearta an duine

Trí chóras tiomnaithe smachtbhannaí, is féidir leis an Aontas smachtbhannaí a fhorchur orthu siúd atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, agus orthu siúd a bhfuil baint acu leo nó a bhfuil lámh acu iontu.

Tá feidhm ag an gcreat, mar shampla, maidir le daoine atá freagrach as cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, céastóireacht nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, sclábhaíocht, básuithe nó maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach forfheidhmithe agus gabháil nó coinneáil threallach.

Bean i mbun agóide agus a lámh in airde aici, mar léiriú ar an rannpháirtíocht agus an dlúthpháirtíocht.

Na blaisíní breise is déanaí

Colláis ina bhfuil mias satailíte, lámh ardaithe timpeallaithe ag réaltaí bhratach an Aontais agus lastlong mhór.
Cogadh na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí an Aontais

Cogadh na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí an Aontais

Colláis ina bhfuil meigeafón i ngreim láimhe ar chlé, gearrthóg stróicthe de nuachtán sa lár, agus duine a bhfuil cárta sa lámh aige ar a bhfuil na focail ‘Cearta an Duine’ ar dheis.
Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: smachtbhannaí an Aontais

Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: smachtbhannaí an Aontais

Bean ag ardú a lámh i gcomhartha cumhachtaithe, curtha i gcoinne patrúin gheoiméadracha Peirsis i scáthanna glasa.
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026