- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 15 Iúil 2024 11:05
An Iaráin: síneadh curtha ag an gComhairle le bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí agus eintitis armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
Chuir an Chomhairle síneadh go dtí an 27 Iúil 2025 leis na bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí agus eintitis armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Leanfar d’athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar na bearta sriantacha atá ann cheana.
Faoi láthair, tá feidhm ag an gcóras smachtbhannaí maidir le 12 dhuine agus naoi n-eintiteas.
Beidh na daoine sin a bhfuiltear ag díriú orthu faoi réir reo sócmhainní agus toirmeasctarcistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh siúd a liostaítear nó chun tairbhe na ndaoine sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag toirmeasc taistil chuig an Aontas ar dhaoine nádúrtha atá liostaithe.
Cúlra
Sna conclúidí uaithi an 21 agus an 22 Márta 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar thríú páirtithe, lena n-áirítear an Iaráin, scor láithreach de thacaíocht ábhartha a thabhairt do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Sna conclúidí uaithi an 17 agus an 18 Aibreán 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí tiomanta bearta sriantacha breise a dhéanamh i gcoinne na hIaráine, go háirithe i ndáil le haerfheithiclí gan foireann (UAVanna) agus diúracáin. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí rannchuidiú leis an díghéarú agus leis an tslándáil sa réigiún.
An 14 Bealtaine 2024, leathnaigh an Chomhairle raon feidhme chreat an Aontais le haghaidh bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, chun ladrainn agus diúracáin araon a chumhdach, chomh maith leis an tacaíocht a thugann clár ladrann agus diúracán na hIaráine do ghrúpaí agus d’eintitis armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.
Ina theannta sin, chuir an Chomhairle toirmeasc ar chomhpháirteanna breise a úsáidtear i bhforbairt agus i dtáirgeadh aerárthaí gan foireann a onnmhairiú ón Aontas chuig an Iaráin.
An 31 Bealtaine agus an 24 Meitheamh, liostaigh an Chomhairle seisear daoine aonair agus ceithre eintiteas faoin gcreat sin.
- An Iaráin: smachtbhannaí curtha ag an Aontas ar níos mó daoine aonair agus eintiteas as ladrainn a aistriú le haghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus as ladrainn agus diúracáin a aistriú i réigiún an Mheánoirthir agus na Mara Rua (preaseisiúint, an 31 Bealtaine 2024)
- An Iaráin: bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí armtha i réigiún an Mheánoirthir agus na Mara Rua leathnaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Bealtaine 2024)
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 17 agus an 18 Aibreán 2024
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 21 agus an 22 Márta 2024
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine (eolas cúlra)
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025