Skip to content

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine

Cáineann an tAontas sáruithe ar chearta an duine san Iaráin, chomh maith le gníomhaíochtaí leata núicléach na hIaráine agus a tacaíocht mhíleata do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá roinnt smachtbhannaí glactha ag an Aontas i ndáil leis sin.

Cos ar bolg agus sáruithe ar chearta an duine san Iaráin

Cháin an tAontas arís agus arís eile sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin, lena n-áirítear bás Mahsa Amini, 22 bhliain d’aois, i gcoimeád na bpóilíní i mí Mheán Fómhair 2022, bású shaoránaigh AE-na hIaráine in 2023 agus 2024, coinneáil chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear buaiteoir Dhuais Síochána Nobel Narges Mohammadi, agus na taismigh le linn agóidí mhí Eanáir 2026.

Tacaíonn an tAontas le huaillmhianta bunúsacha mhuintir na hIaráine todhchaí ina ndéanfar a gcearta uilíocha daonna agus a saoirsí bunúsacha a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh.

Cáineann an tAontas Eorpach go láidir:

  • an úsáid fhorleathan, bhrúidiúil agus dhíréireach a bhaineann údaráis na hIaráine as an bhforneart i gcoinne agóideoirí síochánta
  • coinneáil threallach mar mhodh chun guthanna criticiúla a chur ina dtost
  • an úsáid a bhaintear as céastóireacht, íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach a thabhairt ar dhaoine atá á gcoinneáil i bpríosúin na hIaráine
  • an cleachtas atá ann maidir le pianbhreitheanna báis i gcoinne agóideoirí a fhorchur agus a chur i gcrích
  • srianta ar chumarsáid, lena n-áirítear an t-idirlíon a mhúchadh

Ní mór an ceart chun comhthionóil shíochánta agus an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun faisnéis agus smaointe a lorg, a fháil agus a chomhroinnt san áireamh, ar líne agus as líne, a chinntiú.

Iarrann an tAontas ar an Iaráin deireadh a chur, sa dlí agus sa chleachtas, le gach cineál idirdhealaithe shistéamaigh in aghaidh na mban agus na gcailíní sa saol poiblí agus sa saol príobháideach agus bearta inscnefhreagrúla a dhéanamh chun gach cineál foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc agus a chinntiú go dtabharfaí cosaint ar fhoréigean mar sin.

Tathantaíonn an tAontas ar údaráis na hIaráine a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dlí idirnáisiúnta agus éilíonn sé go dtabharfaí lucht déanta an fhoréigin agus na sáruithe ar chearta an duine chun cuntais.

Na ráitis is déanaí ón Aontas maidir le cearta an duine san Iaráin:

Smachtbhannaí mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine san Iaráin

In 2011, thug an tAontas córas smachtbhannaí isteach i gcoinne na hIaráine mar fhreagairt ar na sáruithe tromchúiseacha atá á ndéanamh ar chearta an duine sa tír. Rinneadh na smachtbhannaí a athnuachan gach bliain ó shin agus cuireadh síneadh leo go deireanach go dtí an 13 Aibreán 2027.

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 i leith, i bhfianaise staid chearta an duine sa tír a bheith ag dul in olcas, tá méadú ollmhór tagtha ar líon na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas.

I measc na smachtbhannaí a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine san Iaráin tá:

  • toirmisc taistil ar dhaoine aonair
  • reo sócmhainní i gcás daoine aonair agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta
  • cosc ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Iaráin
  • cosc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú a chur ar fáil do dhuine nó do chomhlacht ar bith san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin (dá bhféadfaí iad a úsáid i ndáil le cos ar bolg inmheánach)
  • cosc ar aon seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín a chur ar fáil don Iaráin

Faoi láthair, tá smachtbhannaí forchurtha ar 269 nduine aonair agus 53 eintiteas faoin gcóras sin.

Bean ag ardú a lámh i gcomhartha cumhachtaithe, curtha i gcoinne patrúin gheoiméadracha Peirsis i scáthanna glasa.

Áirítear iad seo a leanas ar na daoine ar forchuireadh smachtbhannaí ina leith:

  • Comhaltaí pharlaimint na hIaráine
  • an tAire Gnóthaí Baile, Eskandar Momeni
  • an tAire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, Issa Zarepour
  • gobharnóirí agus polaiteoirí áitiúla
  • comhaltaí fhórsaí slándála na hIaráine
  • comhaltaí de Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí
  • comhaltaí Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine
  • an scuad a ghabh Mahsa Amini go treallach
  • ardoifigigh agus pearsanra míleata
  • ceannasaithe agus comhaltaí de na póilíní
  • maoir phríosún agus stiúrthóirí príosún
  • an tIonchúisitheoir Ginearálta agus comhaltaí eile den bhreithiúnacht
  • comhaltaí den Ardchomhairle um an gCibearspás

Áirítear iad seo a leanas ar na heintitis ar forchuireadh smachtbhannaí ina leith:

  • Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí
  • Aireacht Oideachais na hIaráine agus an Aireacht Chultúir agus Treoraíochta Ioslamaí
  • Póilíní Moráltachta na hIaráine
  • Fórsaí Forfheidhmithe Dlí
  • Ard-Chomhairle na Réabhlóide Cultúrtha
  • Ard-Chomhairle um an gCibearspás
  • príosúin
  • an craoltóir teilifíse stáit ‘Press TV’
  • gníomhaireachtaí nuachta
  • soláthraithe seirbhísí móibíleacha
  • cuideachtaí bogearraí agus TF
  • Iranian Audio-Visual Media Regulatory Authority
  • eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí cinsireachta, feachtais trollála ar na meáin shóisialta agus scaipeadh bréagaisnéise

Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí na hIaráine ar an liosta sceimhlitheoirí

Tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil ar tháinig an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha air an 29 Eanáir 2026, chinn an Chomhairle an 19 Feabhra 2026 Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) na hIaráine a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta.

Dá bhrí sin, tá IRGC faoi réir bearta sriantacha faoi chóras smachtbhannaí frithsceimhlitheoireachta an Aontais. Ciallaíonn sin:

  • go bhfuil cistí agus sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile uile IRGC i mBallstáit an Aontais reoite
  • go bhfuil toirmeasc ar oibreoirí an Aontais cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do IRGC

Tacaíocht na hIaráine do chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine

Cáineann an tAontas Eorpach go láidir, agus measann sé nach bhfuil aon chineál tacaíochta míleata a chuireann an Iaráin ar fáil inghlactha, seachadadh aerfheithiclí gan foireann (ar a dtugtar ladrainn freisin) san áireamh, le haghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Tá na harmáin sin a chuir an Iaráin ar fáil á n-úsáid go neamh-idirdhealaitheach ag an Rúis i gcoinne phobal sibhialtach na hÚcráine agus ar an mbonneagair agus tá scrios uafásach á dhéanamh agus fulaingt dhaonna uafásach á cothú leo.

Cáineann an tAontas freisin tacaíocht mhíleata na hIaráine do ghrúpaí armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Smachtbhannaí mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na hIaráine i gcogadh na Rúise ar an Úcráin

D’fhorchuir an Chomhairle trí bhabhta smachtbhannaí a bhaineann le ladrainn in 2022 agus 2023 ar dhaoine aonair nó eintitis san Iaráin, faoin gcóras smachtbhannaí is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

An 20 Iúil 2023, bhunaigh an Chomhairle creat tiomnaithe le haghaidh bearta sriantacha a bhunú i bhfianaise na tacaíochta míleata atá á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Leathnaíodh raon feidhme an chreata an 14 Bealtaine 2024, i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do ghrúpaí armtha i réigiún an Mheánoirthir agus na Mara Rua agus i bhfianaise na n-ionsaithe ladrann agus diúracán a rinne an Iaráin i gcoinne Iosrael i mí Aibreáin 2024.

Is féidir leis an Aontas díriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis a sholáthraíonn, a dhíolann nó a aistríonn diúracáin agus ladrainn na hIaráine, chomh maith le comhpháirteanna a úsáidtear chun diúracáin agus ladrainn a fhorbairt agus a tháirgeadh:

  • a thacaíonn le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • a úsáideann grúpaí armtha agus eintitis armtha chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, nó
  • a sháraíonn Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe

Áirítear ar na smachtbhannaí:

  • toirmisc taistil ar dhaoine aonair
  • reo sócmhainní i gcás daoine aonair agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta

toirmeasc tugtha isteach ag an Aontas freisin ar idirbhearta le dhá chalafort agus atá faoi úinéireacht, á n-oibriú nó á rialú ag daoine aonair agus eintitis atá faoi smachtbhannaí, nó a úsáidtear chun ladrainn nó diúracáin ón Iaráin nó teicneolaíocht agus comhpháirteanna gaolmhara a aistriú chuig an Rúis.

I measc na ndaoine aonair agus na n-eintiteas atá faoi smachtbhannaí, tá cuideachtaí a mhonaraíonn, a sholáthraíonn agus a dhíolann comhpháirteanna le haghaidh ladrann, cuideachtaí a bhfuil baint acu le tiomántán a tháirgeadh a úsáidtear chun roicéid agus diúracáin a sheoladh, cuideachtaí trádála agus loingseoireachta, Cabhlach Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, Línte Loingseoireachta Phoblacht Ioslamach na hIaráine, aerlínte na hIaráine, agus Aire agus Leas-Aire Cosanta na hIaráine.

Faoi láthair, tá smachtbhannaí forchurtha ar 22 dhuine aonair agus 27 eintiteas faoin gcóras sin.

Cuireadh síneadh leis an gcóras smachtbhannaí go deireanach go dtí an 27 Iúil 2027.

tástáil

Saoirse loingseoireachta i gCaolas Hormuz

Tathantaíonn an tAontas ar na páirtithe uile lena mbaineann an sos comhraic a urramú go hiomlán ar fud réigiún an Mheánoirthir, deireadh a chur leis na hoibríochtaí míleata uile agus an tsaoirse loingseoireachta, chomh maith leis an ngluaiseacht shaor, shábháilte trí Chaolas Hormuz, a chinntiú go hiomlán, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, mar a léirítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.

gníomhaíochtaí na hIaráine i gcoinne soithí atá ar idirthuras trí Chaolas Hormuz ag teacht salach ar an dlí idirnáisiúnta. Sáraíonn na caingne sin cearta seanbhunaithe idirthurais agus gluaiseachta neamhurchóidí araon trí chaolais idirnáisiúnta.

Smachtbhannaí mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na hIaráine i gCaolas Hormuz

An 22 Bealtaine 2026, chinn an Chomhairle raon feidhme smachtbhannaí an Aontais a bunaíodh ar dtús a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, lena ndírítear freisin ar ghrúpaí armtha éagsúla sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Faoin gcóras smachtbhannaí sin, tá smachtbhannaí curtha ag an Aontas ar bheirt aonair agus ar eintiteas amháin a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí agus beartais na hIaráine a chuireann an tsaoirse loingseoireachta i gCaolas Hormuz i mbaol.

Na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an Iaráin maidir le leathadh arm núicléach

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 Meitheamh 2025, d’athdhearbhaigh an tAontas Eorpach go bhfuil rún daingean aige nach gceadófar riamh don Iaráin arm núicléach a fháil, agus mheabhraigh sé gealltanais na hIaráine ina leith sin agus a hoibleagáidí idirnáisiúnta.

Is cúis mhór imní don Aontas Eorpach na tuarascálacha leanúnacha ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (GIFA) ina ndéantar doiciméadú ar an ngéarú scáfar ar chlár núicléach na hIaráine a imíonn go mór óna gealltanais faoin bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), go háirithe maidir lena hacmhainneacht saibhrithe núicléach agus táirgthe úráiniam shaibhrithe a leathnú.

Gabhann rioscaí suntasacha ó thaobh leathadh núicléach de le gníomhaíochtaí na hIaráine, ar gníomhaíochtaí iad nach bhfuil aon chuspóir sibhialtach inchreidte acu.

Tathantaíonn an tAontas Eorpach go láidir ar an Iaráin cúlú ón gconair scanrúil núicléach ar a bhfuil sí, filleadh ar na gealltanais pholaitiúla a thug sí i réimse an neamhleata núicléach gan a thuilleadh moille, agus na bearta faireacháin agus fíoraithe uile a bhaineann le JCPOA a atosú, lena n-áirítear na bearta a leagadh síos i bPrótacal Breise JCPOA.

Tá sé d’aidhm ag smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais i gcoinne na hIaráine a chur ina luí ar an Iaráin a hoibleagáidí a chomhlíonadh.

Smachtbhannaí mar fhreagairt ar leathadh núicléach na hIaráine

Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe

Ó 2006 i leith, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe roinnt rún lena gceanglaítear ar an Iaráin stad a chur le saibhriú úráiniam chun críoch leathadh arm núicléach. Cuireadh níos mó smachtbhannaí leis na rúin sin de réir a chéile chun tabhairt ar an Iaráin iad a chomhlíonadh.

Cuireann an tAontas smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe chun feidhme trí reachtaíocht an Aontais a ghlacadh.

Smachtbhannaí an Aontais

Anuas ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, d’fhorchuir an tAontas a réimse leathan smachtbhannaí féin ar an Iaráin. Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí leata arm núicléach na hIaráine:

  • toirmisc taistil ar dhaoine aonair
  • reo sócmhainní i gcás daoine aonair agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta

Áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais ar na bearta freisin, lena gcumhdaítear na hearnálacha trádála, airgeadais agus iompair.

I measc na smachtbhannaí in earnáil na trádála, tá:

  • toirmeasc ar onnmhairiú arm chun na hIaráine
  • toirmeasc ar onnmhairiú earraí dé-úsáide agus earraí a d’fhéadfaí a úsáid i ngníomhaíochtaí a bhaineann le saibhriú núicléach
  • toirmeasc ar amhola, gás nádúrtha, táirgí peitriceimiceacha agus peitriliam a allmhairiú
  • toirmeasc ar an bpríomhthrealamh a úsáidtear san earnáil fuinnimh a dhíol nó a sholáthar
  • toirmeasc ar ór, miotail lómhara eile agus diamaint a dhíol nó a sholáthar
  • toirmeasc ar threalamh cabhlaigh áirithe
  • toirmeasc ar bhogearraí áirithe

I measc na smachtbhannaí san earnáil airgeadais tá:

  • sócmhainní Bhanc Ceannais na hIaráine agus mhórbhainc thráchtála na hIaráine a reo
  • lena mbunaítear sásraí fógartha agus údaraithe chun cistí os cionn méideanna áirithe a aistriú chuig institiúidí airgeadais na hIaráine

I measc na smachtbhannaí san earnáil iompair, tá:

  • cosc a chur ar rochtain eitiltí lasta de chuid na hIaráine ar aerfoirt an Aontais
  • toirmeasc ar chothabháil nó ar sheirbhísiú aerárthaí nó soithí lastais de chuid na hIaráine a bhfuil ábhair nó earraí toirmiscthe á n-iompar acu

An Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA)

An 14 Iúil 2015, tháinig an Iaráin agus ‘E3/AE3’ ar chomhaontú faoi Phlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta. Leagtar roinnt céimeanna amach sa phlean seo do na blianta atá le teacht lena chinntiú go mbeadh clár núicléach na hIaráine ann chun críoch síochánta amháin.

Ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2231(2015) maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta i mí Iúil 2015. Leis an rún:

  • formhuiníodh an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta
  • foráladh do dhíolúintí áirithe leis i dtaca leis na smachtbhannaí atá ann cheana
  • sainíodh an clár ama agus na gealltanais a thug na rannpháirtithe uile chun go gcuirfear deireadh leis na smachtbhannaí i gcoinne na hIaráine

An 16 Eanáir 2016 (an lá ar cuireadh an plean chun feidhme), bhain na Náisiúin Aontaithe cuid de na smachtbhannaí a bhaineann le cúrsaí núicléacha, mar a leagtar amach i rún 2231 (2015), agus bhain an Chomhairle na smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais uile a bhaineann le cúrsaí núicléacha a bhí i bhfeidhm ag an Aontas i gcoinne na hIaráine. Mar sin féin, bhí roinnt srianta fós i bhfeidhm.

Ós rud é nár chomhlíon an Iaráin a gealltanais faoi JCPOA, chinn an Chomhairle, an 18 Deireadh Fómhair 2023, na smachtbhannaí sin a bhaineann le leathadh a choinneáil, ar smachtbhannaí iad a beartaíodh deireadh a chur leo lá an aistrithe.

An 29 Meán Fómhair 2025, chinn an Chomhairle smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais uile an Aontais a bhaineann le cúrsaí núicléacha i gcoinne na hIaráine a ath‑fhorchur, ar cuireadh deireadh leo in 2016. Rinneadh an cinneadh tar éis smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a thabhairt isteach an athuair, i ndiaidh chinneadh Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gan síneadh a chur le deireadh a chur leis na smachtbhannaí ar an Iaráin.

Diúracáin atá marcáilte le siombail radaíochta, scamall muisiriún ag éirí agus comhartha toirmisc dearg.
Comhaontú núicléach na hIaráine

Comhaontú núicléach na hIaráine

Féach freisin

Léarscáil ina n-aibhsítear tíortha an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh.
Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear

Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear

Páipéar ar a bhfuil línte teibí.
Amlíne - An Iaráin agus an Meánoirthear

Amlíne - An Iaráin agus an Meánoirthear

Beirt i gcultacha cosanta in aice le bairille buí agus substaint doirte, le comhartha stop agus siombail radaíochta forleagtha.
Airm cheimiceacha a dhíothú

Airm cheimiceacha a dhíothú

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Iúil 2026