Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 13 Bealtaine 2025 06:10

An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun bailiú staidrimh daonra a chomhchuibhiú

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua chun a chinntiú go mbeidh an staidreamh a bhailítear i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht ar leibhéal an Aontais iomlán, comhleanúnach agus inchomparáide.

Is é is aidhm don chreat dlíthiúil nua feabhas a chur ar cháilíocht fhoriomlán an staidreamh a bhailítear i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht trí shainmhíniú comhchuibhithe a thabhairt isteach ar an téarma ‘daonra’, foráil a dhéanamh maidir le rochtain níos éasca ar fhoinsí sonraí, agus soláthar staidrimh a chuíchóiriú agus a fheabhsú i ndáil leis sin.

Sonraí mionsonraithe, comhleanúnacha agus inchomparáide ar fud an Aontais

Tá gá le staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, a bhfuil pleanáil eacnamaíoch agus shóisialta, beartas comhtháthaithe, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach ina measc. Tá an staidreamh sin ríthábhachtach freisin chun críoch riaracháin agus chun vótáil trí thromlach cáilithe a chinneadh sa Chomhairle. Chun na críche sin, cuireann na Ballstáit sonraí ar fáil do Eurostat faoi láthair maidir leis na daonraí iomlána ar an leibhéal náisiúnta.

Mar sin féin, de réir meastóireacht a rinne an Coimisiún Eorpach, faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, tá sainmhínithe éagsúla ar an daonra á n-úsáid ag na Ballstáit, rud a d’fhág go raibh sé deacair comparáid a dhéanamh idir na sonraí a bailíodh.

Thairis sin, chun beartais éifeachtacha de chuid an Aontais a fhorbairt i roinnt earnálacha, is gá staidreamh níos mionsonraithe agus níos tráthúla a bhailiú i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht, mar shampla, saintréithe socheacnamaíocha, imirce nó saintréithe foirgneamh.

Leis na rialacha nua a comhaontaíodh, bunaítear creat dlíthiúil comhchoiteann chun staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht a fhorbairt chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • staidreamh iomlán, comhleanúnach agus inchomparáide a chinntiú, agus an staidreamh sin a sholáthar go tráthúil
  • feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí daonra, agus aitheantas á thabhairt do na dúshláin atá os comhair na mBallstát
  • a bheith solúbtha go leor chun dul in oiriúint do riachtanais bheartais atá ag athrú agus d’úsáid foinsí nua
  • ualach nach bhfuil gá leis ar údaráis staidrimh náisiúnta a sheachaint trí athruithe a chur chun feidhme de réir a chéile

Cúlra

Thíolaic an Coimisiún a thogra an 20 Eanáir 2023, chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le staidreamh Eorpach níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe a chur ar fáil i ndáil leis an daonra agus leis an tithíocht, go háirithe i bhfianaise na staide déimeagrafaí atá ag teacht chun cinn, na dtreochtaí imirce atá ann le tamall anuas, an athraithe aeráide agus an chlaochlaithe dhigitigh.

Chomhaontaigh an Chomhairle a sainordú caibidlíochta an 21 Meitheamh 2023 agus rinne sí athbhreithniú air an 6 Márta 2024. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa an 8 Samhain 2023 agus cuireadh deireadh léi leis an gcomhaontú sealadach ar thángthas air.

Na chéad céimeanna eile

Is comhaontú sealadach é an comhaontú ar thángthas air agus déanfar obair theicniúil bhreise chun téacs an chomhaontaithe a bhailchríochnú. Dearbhóidh an Chomhairle agus an Pharlaimint é ansin sula bhféadfaidh an dá institiúid é a ghlacadh go foirmiúil ach a mbeidh athbhreithniú dlí agus teanga déanta air.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Bealtaine 2025