Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Iúil 2025 18:00

An Nígir: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh

Is díol sásaimh don Aontas Eorpach gur scaoileadh saor roinnt príosúnach polaitiúil, ach is oth leis gur coinníodh Mohammed Bazoum agus pearsana tábhachtacha eile chomh maith le hionadaithe na sochaí sibhialta. Iarrann an tAontas an athuair go scaoilfí saor na daoine sin atá fós á gcoinneáil ar chúiseanna polaitiúla. Tá an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta fós ina dtosaíochtaí i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

Tá an tAontas fós ar fáil le haghaidh idirphlé oscailte macánta struchtúrtha le húdaráis na Nígire atá bunaithe ar an meas frithpháirteach agus leasanna comhroinnte, mar a chuimsítear sna malartuithe a d’fhéadfadh a bheith ag Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil le húdaráis na Nígire.

Tá tús curtha an athuair ag an Aontas, arna iarraidh sin don Nígir, le tionscadail áirithe comhair, agus leanann sé de bheith ag freagairt ar riachtanais éigeandála na bpobal leochaileach trína ghníomhaíochtaí daonnúla i gceantair atá thíos leis an bhforéigean agus le tubaistí nádúrtha.

Athdhearbhaíonn an tAontas gur mian leis go mbainfeadh muintir na Nígire tairbhe as an rathúnas, an chobhsaíocht agus an tsíocháin. Cáinimid go neamhbhalbh na gníomhartha sceimhlitheoireachta atá fós ag dul i bhfeidhm ar an Nígir le blianta fada. Athdhearbhaímid ár ndlúthpháirtíocht iomlán le sochaí na Nígire i gcoitinne atá thíos leis an bhforéigean sin, ar bagairt é don tsíocháin agus don tslándáil sa réigiún.

Seasann an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Lichtinstéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin leis an ráiteas seo.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Meán Fómhair 2025