Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 19 Samhain 2025 09:50

Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Nígir

An 17 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/21361.

Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuireadh síneadh leis na bearta sriantacha atá i bhfeidhm go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2026.

Seasann an Airméin, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.


1 IO L, 2025/2136, 20.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2136/oj.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Samhain 2025