Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
26 Feabhra 2026
- Comhchuibhiú teicniúil: ceanglais nua maidir le luchtairí gluaisteán agus uirlisí tomhais eile ceadaithe ag an gComhairle
Cead deiridh tugtha ag an gComhairle don Treoir leasaithe maidir le hUirlisí Tomhais.
- Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le clár oibre an Aontais le haghaidh na gcathracha, agus béim á leagan ar a ról lárnach maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
D’fhormheas na hairí atá freagrach as beartais um an gcomhtháthú conclúidí ón gComhairle maidir le clár oibre an Aontais le haghaidh na gcathracha.
25 Feabhra 2026
- CED: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun tacú le hoibrithe a bhfuil garbhaol ann go gcaillfidh siad a bpost
Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir le rialachán atá beartaithe lena leathnaítear raon feidhme an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú chun tacaíocht d’oibrithe atá i ngarbhaol easáitithe a chur san áireamh.
- Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le nós imeachta chun cathair óstach a roghnú
Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú maidir le nós imeachta chun cathair óstach a roghnú d’Údarás Custaim nua an Aontais Eorpaigh. Comhordóidh an t-údarás gníomhaíocht chustaim agus tacóidh sé go comhsheasmhach le gníomhaíochtaí na n-údarás custaim náisiúnta ar fud an Aontais.
24 Feabhra 2026
- Remarks by President António Costa at the press conference following the meeting with President of Ukraine Volodymyr Zelenskyy and President of the European Commission Ursula von der Leyen
President of the European Council, António Costa, addressed the press following the meeting with President of Ukraine, Volodymyr Zelenskyy, and President of the European Commission, Ursula von der Leyen, in Kyiv (Ukraine), on 24 February 2026.
- G7 Leaders’ statement on the war in Ukraine
G7 Leaders' statement on the war in Ukraine, 24 February 2026.
- Cead tugtha ag an gComhairle pacáiste comhaontuithe leis an Eilvéis a shíniú
Cead tugtha ag an gComhairle pacáiste comhaontuithe leis an Eilvéis a shíniú
- Simpliú na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí formheasta ag an gComhairle chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais
Simpliú na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí formheasta ag an gComhairle chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais.
- Joint Statement by the President of the European Council, the President of the European Commission and the President of the European Parliament on the fourth anniversary of Russia’s invasion of Ukraine
Joint Statement by the President of the European Council, the President of the European Commission and the President of the European Parliament on the fourth anniversary of Russia’s invasion of Ukraine.
23 Feabhra 2026
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/265 ón gComhairle an 29 Eanáir lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh 2026/263 (CBES) ón gComhairle an 29 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.
- Sáruithe ar chearta an duine sa Rúis: Ochtar eile liostaithe ag an Aontas
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar ochtar eile atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa tír.
- An tUachtarán Costa le taisteal go Cív ceithre bliana tar éis fhogha na Rúise faoin Úcráin
An 24 Feabhra 2026, rachaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, go Cív na hÚcráine, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, chun comóradh a dhéanamh ar an gceathrú bliain d’fhogha na Rúise faoin Úcráin.
- Iompar de bhóthar: cead tugtha ag an gComhairle don Ostair an comhaontú leis an Eilvéis maidir le cabatáiste ar bhusanna agus ar chóistí i réigiúin teorann a leasú
Ghlac an Chomhairle a seasamh lena gcuirtear ar chumas na hOstaire a comhaontú um iompar de bhóthar leis an Eilvéis maidir le cabatáiste teorann le haghaidh seirbhísí bus agus cóiste do phaisinéirí a leasú.
- An Mhuir Rua: Síneadh curtha ag an gComhairle le sainordú Oibríocht ASPIDES chun saoirse loingseoireachta a chosaint
Chuir an Chomhairle síneadh le EUNAVFOR ASPIDES go dtí mí Feabhra 2027 chun saoirse loingseoireachta agus slándáil mhuirí a chosaint mar fhreagairt ar ghéarchéim na Mara Rua.
- Cead deiridh tugtha ag an gComhairle do bhearta chun córas tearmainn an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos láidre
Cuirfidh liosta an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh dlús leis na próisis tearmainn; beidh rialacha inghlacthachta níos doichte de bharr choincheap an tríú tír shábháilte..
- Sraith beart formheasta ag an gComhairle chun tacú le hearnáil fíona an Aontais
Ghlac an Chomhairle rialachán go foirmiúil chun earnáil fíona an Aontais a neartú agus féachaint chuige go mbeidh sí slán i bhfad na haimsire.
20 Feabhra 2026
19 Feabhra 2026
- Press remarks by President António Costa at the press conference following the meeting with Prime Minister of Norway, Jonas Gahr Støre
Press remarks by President António Costa following the meeting with Prime Minister of Norway, Jonas Gahr Støre in Oslo, Norway
- Liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí: Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí ainmnithe ag an gComhairle mar eagraíocht sceimhlitheoireachta
D’ainmnigh an Chomhairle Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí de chuid na hIaráine mar eagraíocht sceimhlitheoireachta faoin gcóras smachtbhannaí a leagtar amach i gComhsheasamh 2001/931/CBES (liosta sceimhlitheoireachta an Aontais, mar a ghairtear de).