Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
23 Feabhra 2026
- Cead deiridh tugtha ag an gComhairle do bhearta chun córas tearmainn an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos láidre
Cuirfidh liosta an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh dlús leis na próisis tearmainn; beidh rialacha inghlacthachta níos doichte de bharr choincheap an tríú tír shábháilte..
- Sraith beart formheasta ag an gComhairle chun tacú le hearnáil fíona an Aontais
Ghlac an Chomhairle rialachán go foirmiúil chun earnáil fíona an Aontais a neartú agus féachaint chuige go mbeidh sí slán i bhfad na haimsire.
20 Feabhra 2026
19 Feabhra 2026
- Press remarks by President António Costa at the press conference following the meeting with Prime Minister of Norway, Jonas Gahr Støre
Press remarks by President António Costa following the meeting with Prime Minister of Norway, Jonas Gahr Støre in Oslo, Norway
- Liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí: Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí ainmnithe ag an gComhairle mar eagraíocht sceimhlitheoireachta
D’ainmnigh an Chomhairle Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí de chuid na hIaráine mar eagraíocht sceimhlitheoireachta faoin gcóras smachtbhannaí a leagtar amach i gComhsheasamh 2001/931/CBES (liosta sceimhlitheoireachta an Aontais, mar a ghairtear de).
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
D’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/260 ón gComhairle
an 29 Eanáir 2026 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise.
18 Feabhra 2026
17 Feabhra 2026
- An Airméin: Ceann Misin nua ceaptha ag an gComhairle ar Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin
Cheap an Chomhairle Satu Koivu inniu mar cheann nua misin ar Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA).
- An tSiombáib: Trádbhac arm athnuaite ag an gComhairle agus deireadh curtha aici le toirmisc taistil agus reo sócmhainní
Chuir an Chomhairle síneadh leis na bearta sriantacha maidir leis an tSiombáib go dtí mí Feabhra 2027 agus an trádbhac arm á choinneáil ar bun aici, agus deireadh á chur le toirmisc taistil agus reo sócmhainní ag an am céanna.
- Buiséad bliantúil an Aontais 2027: treoirlínte leagtha amach ag an gComhairle do bhuiséad an Aontais don bhliain seo chugainn
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena leagtar síos treoirlínte do bhuiséad bliantúil an Aontais do 2027. Tugann na treoirlínte treoir pholaitiúil don Choimisiún agus an dréacht-togra buiséid á ullmhú aige le haghaidh bhuiséad na bliana seo chugainn.
- An rialachas eacnamaíoch: solúbthacht formheasta ag an gComhairle don Ostair an caiteachas cosanta a mhéadú
Ghníomhachtaigh an Chomhairle an clásal éalaithe náisiúnta don Ostair faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Cuideoidh an beart le haistriú na hOstaire chuig caiteachas cosanta níos airde ar an leibhéal náisiúnta agus inbhuanaitheacht fiachais á háirithiú ag an am céanna.
- Cánachas: nuashonrú déanta ag an gComhairle ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
Chuir an Chomhairle dhá thír — Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos agus Vítneam — le liosta an Aontais. Baineadh trí thír den liosta ag an am céanna, mar atá, Fidsí, Samó agus Oileán na Tríonóide agus Tobága. Fágann an nuashonrú seo go n-áirítear 10 ndlínse ar liosta an Aontais.
- An tUachtarán Costa le taisteal go hOsló an 19 Feabhra 2026
Rachaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, go hOsló an tseachtain seo le haghaidh cruinnithe ardleibhéil. Is léiriú í an chuairt ar mhóiminteam láidir an chaidrimh dhéthaobhaigh leis an Iorua, atá ar cheann de na comhpháirtithe is dlúithe agus is mó atá ar aon intinn leis an Aontas Eorpach.
- Cáilíocht an uisce a chosaint: rialacha cosanta níos déine maidir le huisce dromchla agus screamhuisce formheasta ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle go foirmiúil an treoir maidir le liosta na dtruailleán a dhéanann difear d’uisce dromchla agus do screamhuisce – lotnaidicídí, cógaisíocht agus SPFAnna san áireamh – a leathnú agus a thabhairt cothrom le dáta.
16 Feabhra 2026
- Remarks by Kyriakos Pierrakakis following the Eurogroup meeting of 16 February 2026
Remarks by Eurogroup President Kyriakos Pierrakakis on the euro area recommendation, the international role of the euro, and global imbalances.
- Eurogroup: Ministers of the euro area reconfirm Tuomas Saarenheimo as President of the Eurogroup working group
The Eurogroup reconfirmed Tuomas Saarenheimo as President of the Eurogroup working group.
13 Feabhra 2026
12 Feabhra 2026
- A ndúirt an tUachtarán António Costa ag an bpreasagallamh tar éis chruinniú cúlráide neamhfhoirmiúil cheannairí an Aontais an 12 Feabhra 2026
Le linn an phreasagallaimh ag deireadh chruinniú cúlráide neamhfhoirmiúil cheannairí an Aontais an 12 Feabhra 2026, chuir an tUachtarán António Costa na príomhábhair phlé i láthair.
- A ndúirt an tUachtarán António Costa roimh chruinniú cúlráide neamhfhoirmiúil cheannairí an Aontais an 12 Feabhra 2026
Sular cuireadh tús le cruinniú cúlráide neamhfhoirmiúil cheannairí an Aontais an 12 Feabhra 2026, labhair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, António Costa, leis na meáin i gcaisleán Alden Biesen, sa Bheilg.
11 Feabhra 2026