Preasráitis agus ráitis
Preasráitis agus ráitis
11 Feabhra 2026
- Rialacha nua maidir le dleacht chustaim ar bheartáin bheaga ceadaithe ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle bearta go foirmiúil chun dul i ngleic leis an mórphlódú d'earraí i mbeartáin bheaga a thagann isteach san Aontas saor ó dhleacht – fadhb a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le hiomaíocht éagórach do dhíoltóirí an Aontais.
- Ionadaithe Speisialta an Aontais: síneadh curtha ag an gComhairle le sainorduithe ISAEnna don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus um Chearta an Duine
Chuir an Chomhairle síneadh le dhá shainordú – sainordú Ionadaí Speisialta AE don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus sainordú Ionadaí Speisialta AE um Chearta an Duine.
- SAFE: an bealach réitithe ag an gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar d’ocht mBallstát agus chun an comhaontú le Ceanada a thabhairt i gcrích
Ghlac an Chomhairle sraith cinntí cur chun feidhme lena gcuirtear an cúnamh airgeadais ar fáil d’ocht mBallstát den Aontas faoi rialachán SAFE agus ghlac sí cinntí lena n-údaraítear don Aontas an comhaontú déthaobhach idir an tAontas agus Ceanada a shíniú agus a thabhairt i gcrích.
10 Feabhra 2026
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/254 ón gComhairle an 29 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais i ndáil le tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú sa Túinéis
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/239 ón gComhairle an 29 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis.
9 Feabhra 2026
6 Feabhra 2026
4 Feabhra 2026
2 Feabhra 2026
31 Eanáir 2026
30 Eanáir 2026
29 Eanáir 2026
- Joint communiqué by the High Representative, Kaja Kallas, and Morocco’s Minister for Foreign Affairs, Nasser Bourita, following the 15th EU-Morocco Association Council
On the occasion of the 30th anniversary of the EU-Morocco Association Agreement, the 15th meeting of the Association Council reaffirmed the importance of the strategic partnership between the two parties, highlighting the progress made in various areas and the joint commitment to enhanced cooperation, in particular in the context of regional and international challenges.
- An tSaoráid Eorpach Síochána: an dara beart cúnaimh dhéthaobhaigh glactha ag an gComhairle chun tacú leis an Airméin
Ghlac an Chomhairle an dara beart cúnaimh don Airméin, ar fiú €20 milliún é, faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
- Bagairtí hibrideacha na Rúise: smachtbhannaí curtha ag an gComhairle ar sheisear maidir le gníomhaíochtaí ionramhála faisnéise
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne seisir i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise i gcoinne an Aontais, a Bhallstát agus a chomhpháirtithe.
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh tíortha áirithe leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2026/122 ón gComhairle an 16 Eanáir 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/385 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin.
- An tSúdáin: Smachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar sheachtar i bhfianaise an ghéaraithe ar an bhforéigean sa tír
Liostaigh an Chomhairle seachtar as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, agus as síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine a chur i mbaol.
- An Iaráin: Smachtbhannaí nua glactha ag an gComhairle mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus tacaíocht leanúnach na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin agus le tacaíocht mhíleata leanúnach na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
- Press statement by President Costa following the meeting with Viet Nam’s President Lương Cường
European Council President António Costa had a meeting with President of Viet Nam, Lương Cường, on 29 January 2026, in Hanoi, Viet Nam. At the press statement following the meeting, he highlighted that the agreement for a Comprehensive Strategic Partnership was elevating the EU-Viet Nam relationship to a higher level.
- Joint statement on upgrading relations between the European Union and Viet Nam to a Comprehensive Strategic Partnership
The EU and Vietnam agreed on a Joint statement on upgrading relations between the Socialist Republic of Viet Nam and the European Union to a Comprehensive Strategic Partnership, in Hanoi (Viet Nam), on 29 January 2026.