Doiciméad: SVN-PB-01001
Teideal:
IZPISEK IZ MATIČNEGA REGISTRA O ROJSTVU
Tír Eisiúna:
SVN - An tSlóivéin • REPUBLIKA SLOVENIJA •
Uimhir leagan an doiciméid:
01001
Eisithe don chéad uair an:
03/05/2005
Bailí:
tá
Stádas dlíthiúil / príomhchuspóir:
Teastas breithe
Sliocht as clár lárnach na mbreitheanna
Déantús foriomlán:
páipéar
Leithead na formáide (mm):
210
Airde na formáide (mm):
297
Líon na leathanach:
1
Léirítear anseo an leagan aonteangach Slóivéinise den teastas breithe. Tá dhá leagan eile ann freisin, eadhon an leagan dátheangach Slóivéinise/Iodáilise agus an leagan dátheangach Slóivéinise/Ungáirise. Is iad na gnéithe slándála ceannanna céanna agus na teicnící priontála ceannanna céanna a úsáidtear sna leaganacha dátheangacha is a úsáidtear sa leagan aonteangach Slóivéinise; is é an t-aon difear atá eatarthu go bhfuil téacs in Iodáilis nó in Ungáiris iontu freisin le cois an téacs Slóivéinise. Is marcáil shamplach í an uimhir "№ 200078" agus ní fheictear í sa leagan a eisítear. Ó 24.2.2017 i leith, tá teastais bhreithe á n-eisiúint chuig leanaí de chuid tuismitheoirí comhghnéis. Eisítear iad i dtrí leagan teanga, eadhon leagan Slóivéinise, leagan Slóivéinise/Iodáilise agus leagan Slóivéinise/Ungáirise. Is iad na gnéithe slándála ceannanna céanna agus na teicnící priontála ceannanna céanna a úsáidtear sna leaganacha dátheangacha is a úsáidtear sa leagan Slóivéinise den teastas breithe a léirítear anseo; is é an t-aon difear atá eatarthu go bhfuil an téacs éagsúil iontu in áiteanna.
Recto - aitheantas
Tá an fhaisnéis seo á cur ar fáil duit ag Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Rinne saineolaithe doiciméad sa tSlóivéin • REPUBLIKA SLOVENIJA • í a roghnú agus a thiomsú.